Tá feachtas tosaithe go nífear na boscaí lóin díreach i ndiaidh na scoile

Níl sna boscaí lóin ach cos amháin den réabhlóid thríchosach atá tosaithe ag ár gcolúnaí…

Tá feachtas tosaithe go nífear na boscaí lóin díreach i ndiaidh na scoile

‘Tá cluiche nua déanta suas agam féin agus Pádraig,’ a deir An Babaí liom, teaspach air agus é ag rith isteach i ndiaidh na scoile.

‘Maith sibh,’ a dúirt mé. ‘Folmhaigh amach do bhosca lóin agus leag ar an gcuntar é.’

Caithfidh tú a thuiscint, tá feachtas tosaithe agam ag iarraidh go nífí na boscaí lóin díreach i ndiaidh na scoile. An fáth atá leis sin ná go bhfuil an oiread lóin lofa aimsithe agam is a dhéanfaidh cúis an chuid eile do mo shaol. Tá sé in am réabhlóide.

Réabhlóid chéimneach thríchosach a shocraigh mé uirthi sa deireadh. Níl sna boscaí lóin ach cos amháin den réabhlóid thríchosach.

An bhfuil tú i do shuí síos?

Cos eile den réabhlóid ná na málaí scoile a chur sa gcófra sa halla, in áit, mar shampla, i lár an urláir. Deirtear go ngluaiseann rothaí an mhaorlathais go mall, bhuel, ní tada é sin i gcomórtas le gluaiseacht na málaí ón urlár go dtí an cófra.

Is an tríú cos atá sa bplean straitéiseach trí bliana ná na héadaí scoile a athrú agus éadaí tráthnóna a chur ort ina n-áit. Ba mhaith liom a bheith ar dhuine de na máithreacha sin a fheiceann tú sna fógraí Persil ar an teilí ar cuma leo maidin is oíche a chaitheamh ag níochán éadaí, ach níl an saol sách fada.

Feachtas simplí atá ann ar an gcéad amharc, ach ní hionann sin is a rá go bhfuil sé éasca é a chur i gcrích.

‘Yea, yea, Mamaí, cuirfidh mé an bosca lóin suas, ach an bhfuil tú ag iarraidh cloisteáil faoin gcluiche nua?’ a d’fhiafraigh An Babaí díom agus cuma an fhealsúnaí air. Bhí a intinn aige ar nithe níos tábhachtaí ná cúraimí beaga leamha an ghnáthshaoil.

‘Is é an chaoi ar thosaigh an rud ar fad ná go raibh Pádraig ag iarraidh sacar a imirt is bhí mise ag iarraidh cor coraíochta a bheith againn,’ a deir an fáidh.

‘Sea,’ a deir mé, is thóg an bosca lóin amach as an mála is thosaigh á ghlanadh.

‘Só, chuir muid an dá rud le chéile agus chum muid ‘sacar-coraíochta’,’ a deir sé agus é an-tógtha leis an dea-scéala.

‘Tá súil agam nár gortaíodh aon duine,’ a dúirt mé, an t-amhrasán.

Rinne sé neamhaird ar an ráiteas diúltach. ‘Inseoidh mé duit cén chaoi a n-oibríonn sé, Mamaí,’ a dúirt sé.

‘Só, tá sé ar nós sacair, ach má tá an liathróid ag duine tá tú in ann é a thaicleáil nó é a tharraingt síos ar an talamh agus ansin bíonn troid agaibh agus faigheann duine amháin an liathróid.’

‘Nach bhfuil an cluiche sin ann cheana féin?’ a d’fhiafraigh mé dhe. ‘Rugbaí an t-ainm atá air.’

‘Níl Mamaí, is lámha uilig atá sa rugbaí,’ a mhínigh an CEO ar an gcumann Sacar Coraíochta Idirnáisiúnta dom. ‘Níl aon lámha i gceist le sacar coraíochta.’

‘Só, tá cead agat daoine a thaicleáil agus a tharraingt síos ar an talamh agus iad a throid, ach níl aon chead agat lámh a leagan ar an liathróid?’

‘Sin é, Mamaí. An dtuigeann tú anois é?’ a d’fhiafraigh sé díom.

Fág freagra ar 'Tá feachtas tosaithe go nífear na boscaí lóin díreach i ndiaidh na scoile'