Tá faoistin le déanamh agam – mharaigh mé go leor

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: tá reilig na gcarachtar ficseanúil a cuireadh chun báis gan ghá ag cur thar maoil 

Tá faoistin le déanamh agam – mharaigh mé go leor

Tá faoistin le déanamh agam.

Mharaigh mé go leor. Na scórtha, b’fhéidir. Agus bliain nó dhó ó shin mharaigh mé bean nach raibh gá lena marú, agus tá saghas aiféala orm faoi sin.

Ná bí buartha, a léitheoir, ní dúnmharfóir srathach mé. Ní gá glaoch ar na Gardaí.

Scríbhneoir mé. Ní daoine daonna a bhíonn á gcur den saol agam ach carachtair fhicseanúla.

Cuid den phost é, shílfeá. Meas tú an raibh aiféala ar bith ar leithéidí Agatha Christie nó Máirtín Ó Cadhain faoi líon na gcorp a chuir siad i gcré na cille?

Ach an tseachtain seo, tháinig mé go tobann ar thuiscint nuair a bhí mé ag caint liom féin sa leabhar nótaí ina gcoinním cuntas ar phróiseas scríbhneoireachta an úrscéil nua atá idir lámha agam. 

Bhí críoch an scéil sin á pleanáil agam agus b’fhacthas dom go mbeadh orm ar a laghad triúr a chur chun báis le go n-oibreodh an plota amach mar a bhí beartaithe agam.

Rith sé liom gur mór an líon corpán é sin – go háirithe ós rud é go raibh máthair dhuine de na príomhcharachtair curtha chun báis agam cheana féin i dtús an úrscéil. An raibh gá leis an sléacht sin dáiríre? Ní scéinséir ná leabhar bleachtaireachta atá idir lámha agam.

Thosaigh mé ag machnamh faoin gceist, agus go tobann bhuail splanc tuisceana mé. Níor ghá dom beirt den triúr a raibh mé ag brath ar iad a mharú i gcríoch an úrscéil a chur den saol in aon chor. Dá n-athróinn ginealach na gcarachtar rud beag, ní raibh gá leis an mbeirt sin sa scéal ar chor ar bith!

Faoiseamh mór a bhí sa mhéid sin, ach dáiríre píre, le go n-oibreodh an plota, ní raibh rogha agam ach an tríú carachtar a chur den saol. Ós rud é go raibh fonn pleanála orm (an rud is annamh is iontach), rinne mé mo mhachnamh faoin mbás a thabharfainn di, an bhean bhocht. Shocraigh mé gur urchar strae nó galar trópaiceach ab fhearr a d’oirfeadh don scéal (atá suite sa Bhrasaíl.) Déanfaidh mé cinneadh nuair a bheidh an chaibidil áirithe sin á scríobh agam.

Ansin, rinne mé rud fíor-aisteach: agus mé ag scríobh liom sa leabhar nótaí, dhírigh mé mo chuid cainte ar an gcarachtar a raibh a bás á phleanáil agam. Agus ghabh mé mo leithscéal léi roimh ré.

Bhí cúis leis sin.

Bliain nó dhó ó shin, mharaigh mé bean nach raibh gá lena marú. Ní déarfaidh mé cé hí féin, ach rith sé liom, ar athléamh an tsaothair chlóite dom, nach raibh gá lena bás toisc nach raibh gá leis an mbean sin sa scéal an chéad lá riamh. Tá aiféala orm ó shin.

Chuimhnigh mé uirthi an tseachtain seo agus mé ag caint liom féin i mo leabhar nótaí, agus seo an ceacht a bhain mé as an scéal: nuair a chuireann scríbhneoir carachtar ficseanúil de dhroim an tsaoil, bíodh sé lánchinnte de ar dtús gur cheart go mbeadh an carachtar áirithe sin ar an saol an chéad lá riamh.

Creid uaim é, tá reilig na gcarachtar ficseanúil a cuireadh chun báis gan ghá ag cur thar maoil.

Fág freagra ar 'Tá faoistin le déanamh agam – mharaigh mé go leor'