Deir Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers gur léir go bhfuil fadhb ann lucht comhairleoireachta a mhealladh chun cur isteach ar obair a bhaineann le cás na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Le bliain anuas fógraíodh trí chonradh stáit a bhain leis an nGaeilge arbh fhiú nach mór €700,000 san iomlán iad ach níor chuir aon dream isteach orthu.
Deir an tAire Stáit go bhfuil oifigigh Roinn na Gaeltachta chun na fadhbanna a bhíonn acu comhairleoirí a mhealladh a phlé leis an Oifig um Sholáthar Rialtais.
Ní bhfuair Roinn na Gaeltachta aon tairiscint an fómhar seo ar chonradh bliana, ar fiú €325,000 é, chun taighde a dhéanamh faoi phlean náisiúnta earcaíochta an Rialtais don Ghaeilge.
An mhí seo caite d’eagraigh an Roinn seisiún eolais leis na grúpaí a léirigh suim sa chonradh ach nár bhac le tairiscint a dhéanamh.
Chuir lucht na Roinne tuilleadh eolais faoin gconradh ar fáil do na grúpaí agus bhí súil acu chomh maith léargas a fháil ar na cúiseanna nach bhfuarthas aon tairiscint ar an gconradh, conradh ar fiú €400,000 é agus cáin bhreisluacha san áireamh.
I gcás conartha eile, d’fhág “easpa suime sa mhargadh” go raibh ar Roinn na Gaeltachta tabhairt faoi próiseas soláthair phoiblí trí huaire chun comhlacht a fháil chun athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr Údarás na Gaeltachta.
Tá athbhreithniú ar bun ag an Rialtas faoi láthair ar struchtúr bhord an Údaráis agus ar cheist thoghchán an Údaráis. €144,000 a bhí á thairiscint do chomhlachtaí comhairleoireachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr an bhoird.
Fágann an mhoill ar an obair athbhreithnithe go bhféadfadh dhá bhliain a bheith ann sula ndéanfar aon athrú ar struchtúr bhord na heagraíochta Gaeltachta agus cinneadh déanta ag an Rialtas bord nua a cheapadh i mbliana faoin gcóras reatha.
Tuairiscíodh níos luaithe an mhí seo go gur theip ar “iarrachtaí leanúnacha” a bhí déanta ag Foras na Gaeilge tairiscintí a mhealladh chun obair a dhéanamh mar chuid den scagadh atá á dhéanamh acu ar obair na gceanneagraíochtaí Gaeilge a ndéanann siad maoiniú orthu.
Suas le €200,000 a bhí luaite le conradh a bhí á thairiscint ag an bhForas anuraidh leis an obair a chur i gcrích ach níor léirigh aon dream spéis ann.
Deir an Foras go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh “anois an obair a bhriseadh síos ar bhealach difriúil agus í a chur i gcrích céim ar chéim”.
Ag labhairt dó faoi chás an Fhorais, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, gur cuid d’fhadhb níos leithne a bhí ann.
“Níl aon cheist ann ach go bhfuil dúshlán áirithe ag baint le tairiscintí a mhealladh le tabhairt faoi shaincomhairleoireacht in earnáil na Gaeilge.
“Is ar an ábhar sin atá an togra áirithe seo briste síos ag Foras na Gaeilge ina chéimeanna níos so-láimhseáilte. Bhí an taithí chéanna ag mo Roinn le tamall anuas agus tá sé beartaithe ag m’oifigigh an cheist a ardú leis an Oifig um Sholáthar Rialtais féachaint an féidir réiteach na faidhbe a aimsiú.”
Scéimeadeoir
An féidir linn an t-airgead seo a chaitheamh ar scéim labhairt na Gaeilge nua seachas ar an taighde seo mar sin? Ón aois 0 suas an uair seo?
Seo na torthaí ón taighde ar aon chaoi:
1) Tá mórán biogóidí frith-Ghaelacha sa státseirbhís agus is fuath leo aon Ghaeilge ar bith a bheith i láthair sa státchóras. Fadhb chultúrtha chórasach í seo a théann suas go dtí an cheannaireacht sinsearach.
2) Ba chóir teorainneacha na Gaeltachta a aththairaingt de réir chritéirí teangeolaíochta agus ansin toghachán daonlathach don bhord UnaG a chur i bhfeidhm.
Déanta! B’in saor in aisce!
Fáilte romhaibh!
Anois caithigí an t-airgead ar scéim labhairt na Gaeilge nua ón aois 0 suas.