Tairiscint ar bith faighte ar chonradh bliana €325,000 chun taighde a dhéanamh faoin nGaeilge sa státchóras

Lorgaíodh tairiscintí ó ghrúpaí a mbeadh suim acu taighde a dhéanamh faoi staid na Gaeilge sa státchóras, taighde a bheidh mar chuid lárnach den phlean gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí

Tairiscint ar bith faighte ar chonradh bliana €325,000 chun taighde a dhéanamh faoin nGaeilge sa státchóras

Ní bhfuair Roinn na Gaeltachta aon tairiscint ar chonradh bliana, ar fiú €325,000 é, chun taighde a dhéanamh faoi phlean náisiúnta earcaíochta don Ghaeilge.

Tuigtear do Tuairisc gur léirigh roinnt grúpaí suim sa chonradh ach nár bhac aon cheann acu tairiscint a dhéanamh ina dhiaidh sin.

Seo an chéad dris chosáin mhór roimh chur i bhfeidhm phlean earcaíochta Gaeilge an Rialtais.

An 6 Meán Fómhair seo caite d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go raibh tairiscintí á lorg ó ghrúpaí a mbeadh suim acu taighde a dhéanamh faoi staid na Gaeilge sa státchóras, taighde a bheidh mar chuid den phlean gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

An 30 Meán Fómhair an spriocdháta a bhí ann do thairiscintí ach ní bhfuarthas aon cheann.

Tuigtear do Tuairisc go bhfuil sé i gceist ag oifigigh ó Roinn na Gaeltachta seisiúin eolais a reachtáil amárach leis na grúpaí a léirigh suim sa chonradh ach nár bhac le tairiscint a dhéanamh.

Tá lucht na Roinne chun tuilleadh eolais faoin gconradh a chur ar fáil do na grúpaí agus súil acu chomh maith léargas a fháil ar na cúiseanna nach bhfuarthas aon tairiscint ar an gconradh, conradh ar fiú €400,000 é agus cáin bhreisluacha san áireamh.

An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, atá bunaithe faoin reachtaíocht teanga nua, atá freagrach as an bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge a ullmhú.

Tá go dtí an 19 Meitheamh 2024 ag an gcoiste nua chun an plean a ullmhú.

Léirigh  figiúirí nua a foilsíodh ar Tuairisc níos túisce an mhí seo a dhúshlánaí agus a bheidh sé sprioc earcaíochta an Rialtais don Ghaeilge a bhaint amach, beag beann ar na deacrachtaí maidir le grúpaí a mhealladh chun an buntaighde a dhéanamh.

Is é an príomhchuspóir atá ag Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, a tugadh isteach ag deireadh na bliana seo caite, gur cainteoirí Gaeilge a bheadh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí roimh dheireadh 2030.

Ach léiríonn figiúirí nua nach raibh Gaeilge ach ag níos lú ná 3% de na daoine a ceapadh sa státseirbhís ó theacht i bhfeidhm na reachtaíochta.

De réir eolas a chuir an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar fáil, níor earcaíodh ach thart ar dhá scór duine chun poist a raibh riachtanas Gaeilge luaite leo sa tréimhse sin.

Seo an dara huair laistigh de bhliain a raibh deacracht ag an Stát spéis a mhúscailt i measc comhlachtaí i gconradh luachmhar a bhain le taighde faoi chás na Gaeilge.

Bhí ar Roinn na Gaeltachta tabhairt faoin bpróiseas soláthair phoiblí trí huaire chun comhlacht a fháil chun athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr Údarás na Gaeltachta de bharr “easpa suime sa mhargadh”.

Tá athbhreithniú ar bun ag an Rialtas faoi láthair ar struchtúr bhord an Údaráis agus ar cheist thoghchán an Údaráis.

Fágann an mhoill ar an obair athbhriethnithe go bhfhéadfadh dhá bhliain a bheith ann sula ndéanfar aon athrú ar struchtúr bhord na heagraíochta Gaeltachta agus cinneadh déanta ag an Rialtas bord nua a cheapadh i mbliana faoin gcóras reatha.

Tá an cheist toghchán an Údaráis a thabhairt ar ais á plé ag an Rialtas le cúpla bliain anuas ach d’fhéadfadh nach dtarlódh aon toghchán roimh 2025.

Fág freagra ar 'Tairiscint ar bith faighte ar chonradh bliana €325,000 chun taighde a dhéanamh faoin nGaeilge sa státchóras'

  • Fear na súl

    Cinnte, is deas an lab airgid é, ach tuigim do ghairmithe nach mbeadh aon fhonn orthu a gcuid ama agus intleachta a chaitheamh ar a leithéid de staidéar. Ach oiread agus bheadh fonn ar dhuine tabhairt faoi ‘Anailís ar na cúiseanna a dtagann meisce ar dhuine i ndiaidh buidéal 700 ml fuisce a ól’ nó ‘Anailís ar na cúiseanna a dtagann lobhadh fiacla ar pháistí a itheann fiche Mars Bar gach lá’. Nó ‘Anailís ar na cúiseanna nach féidir le státseirbhís aonteangach Béarla seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil’. Tá an cás chomh soiléir leis an radharc a bhíonn ag Mícheál Martin air féin nuair a amharcann sé sa scáthán.