Riachtanas Gaeilge le post amháin as gach 100 a líonadh sa tseirbhís phoiblí ó tugadh reachtaíocht nua isteach

De réir eolais a chuir an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar fáil, níor earcaíodh ach thart ar dhá scór duine chun poist a raibh riachtanas Gaeilge luaite leo ó tháinig an reachtaíocht nua i bhfeidhm ag deireadh na bliana seo caite

Riachtanas Gaeilge le post amháin as gach 100 a líonadh sa tseirbhís phoiblí ó tugadh reachtaíocht nua isteach

Léiríonn figiúirí nua a dhúshlánaí agus a bheidh sé sprioc earcaíochta an Rialtais don Ghaeilge a bhaint amach.

Is é an príomhchuspóir atá ag Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, a tugadh isteach ag deireadh na bliana seo caite, gur cainteoirí Gaeilge a bheadh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí roimh dheireadh 2030.

Ach léiríonn figiúirí nua nach raibh Gaeilge ach ag níos lú ná 3% de na daoine a ceapadh sa státseirbhís ó theacht i bhfeidhm na reachtaíochta.

De réir eolais a chuir an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar fáil, níor earcaíodh ach thart ar dhá scór duine chun poist a raibh riachtanas Gaeilge luaite leo sa tréimhse sin.

As an thart ar 5,500 ceapachán a rinneadh sa tseirbhís phoiblí idir teacht i bhfeidhm na reachtaíochta ar an 22 Nollaig 2019 agus an 14 Meán Fómhair 2022, níor ceapadh ach 44 duine i bpoist lena raibh Gaeilge líofa luaite mar riachtanas. Is ionann sin agus 0.8% den iomlán.

Baineann na figiúirí le ceapacháin a rinneadh trí chóras na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (PAS) amháin agus níl aon cheapacháin a rinne na ranna Rialtais féin curtha san áireamh.

As na ceapacháin a rinneadh i bpoist nach raibh riachtanas teanga ag baint leo, dúirt an Roinn gur thug 101 duine díobh le fios go raibh líofacht sa Ghaeilge acu, cé nár cuireadh aon tástáil orthu chun sin a dheimhniú.

D’fhág sin gur 145 duine ar fad a dúirt go raibh Gaeilge líofa acu a ceapadh ó tháinig an reachtaíocht nua i bhfeidhm – 2.6% de na ceapacháin uile a rinneadh trí chóras PAS.

Cé go bhfuil an sprioc 20% san Acht Teanga bunaithe ar earcaigh nua, ní féidir líon na n-earcach nua le Gaeilge a ceapadh ó theacht i bhfeidhm na reachtaíochta a thomhas.

Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne nach ndéantar idirdhealú idir daoine nua a earcaítear ó lasmuigh den tseirbhís phoiblí agus daoine a earcaítear go hinmheánach.

Ní bhfuair Tuairisc freagra ar cheist faoi cén uair a thosófar ag déanamh an idirdhealaithe sin.

Chuir an Roinn Caiteachais Phoiblí na figiúirí ar fáil don Teachta Dála Pa Daly a chuir ceist sa Dáil faoin líon íseal daoine a earcaítear ó phainéil na Gaeilge.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin gur údar imní a bhí sa líon beag daoine le Gaeilge a earcaíodh sa tseirbhís phoiblí ó theacht i bhfeidhm an Achta agus chuir sé “moilleadóireacht” i leith an Rialtais.

“Cuireann na figiúirí ísle seo imní orainn, cinnte. Ba chóir go mbeadh cur chuige an rialtais i dtreo sprioc an 20% ag tosú anois, seachas a bheith ag moilleadóireacht – tá daoine le Gaeilge ag teastáil chun freastal ar phobal na Gaeilge anois, ní gá agus níor chóir fanacht go dtí 2030.”

Mhaígh an Teachta Dála ó Chiarraí go raibh sé “áiféiseach” nach raibh an státseirbhís in ann figiúirí a bhailiú maidir le líon na n-earcach nua le Gaeilge.

“Déanann sé praiseach den phlean atá ann an céatadán [fostaithe] le Gaeilge a mhéadú mura bhfuil réiteach molta ag an Roinn don fhadhb seo fiú, agus is cosúil gur fadhb í seo atá cothaithe ag an Roinn féin, mar bheadh an t-eolas acu,” a dúirt Daly le Tuairisc.

Mhínigh an Teachta Dála gur spreagadh é leis an scéal a fhiosrú toisc go raibh gearán faighte aige go raibh neamhaird ó thaobh ceapachán de á déanamh ar dhaoine ar phainéil na Gaeilge.

“Chuir mé an cheist toisc gur chuala mé ó dhuine ar phainéal earcaíochta le Gaeilge i gCiarraí atá den tuairim go bhfuil neamhaird á déanamh orthu siúd atá ar an phainéal Gaeilge i gcás earcaíochta.”

Dúirt Daly go mbeadh sé “náireach” dá mbeadh daoine a thug le fios go raibh Gaeilge acu faoi mhíbhuntáiste tráth a bhfuil an státseirbhís ag iarraidh cur le líon na n-earcach le Gaeilge agus tá sé chun an scéal a fhiosrú tuilleadh.

Cháin an Teachta Daly cur chuige Roinn na Gaeltachta i dtaobh na reachtaíochta nua freisin. Tionóladh an chéad chruinniú den choiste comhairleach atá leis an bplean náisiúnta earcaíochta i leith na Gaeilge a ullmhú i rith an tsamhraidh agus aontaíodh ag an gcruinniú sin tairiscintí a lorg chun taighde a dhéanamh faoi staid na Gaeilge sa státchóras. Dé hAoine seo caite, an 30 Meán Fómhair, an spriocdháta do na tairiscintí.

Deir an Teachta Dála de chuid Shinn Féin go bhfuil seo uile ag cur moille ar chúrsaí.

“Ba chóir go mbeadh an taighde ar na figiúirí sa státseirbhís agus na háiteanna ina bhfuil bearnaí ar fáil ag an státseirbhís féin. Mar sin, tá sé seafóideach go bhfuil orainn fanacht go dtí go bhfuil dream seachtrach faighte ar conradh chun a chinntiú go bhfuil an Coiste ag déanamh a chuid oibre.

“Moill eile anuas ar an moilleadóireacht a gheall an tAire Chambers nach dtarlódh, agus leithscéal eile ionas nach féidir tosú ag obair i dtreo an 20% anois díreach,” a dúirt Daly.

Fág freagra ar 'Riachtanas Gaeilge le post amháin as gach 100 a líonadh sa tseirbhís phoiblí ó tugadh reachtaíocht nua isteach'

  • pádraig ÒMuircheartaigh

    nach bhfuil sè thar am don Roinn Oideachais a bheith macánta agus a admháil go neamhbhalbh go bhfuil teip ghlan I dtaobh mhùineadh na Gaeilge Ana scoileanna agus dul I ngleic leis go práinneach.

  • Seán ÓM

    Go ginearálta – tá an státseirbhís in Éirinn frith-Ghaeilge agus frith-Ghaelach. Creideann an mhórchuid acu go bhfuil aonteangachas níos fearr ná dátheangachas mar déanann sé a gcuid oibre níos éasca agus an córas níos éifeachtaí – creideann siad. Ní chreideann an mhórchuid acu i gcearta teanga ar bith – “cúr amú ama agus airgid – labhair Béarla!” srl srl.

    Níl siad chun méar a bhogadh gan brú ollmhór a bheith curtha orthu ón taobh amuigh. Is cuma cén rialtas, Taoiseach nó páirtithe atá i gcumhacht.

    Caithimid ceacht a fhoghlaim ón lucht aerach. Tá sé éasca don stát cearta a dhiúltú do mhionlach nach bhfuil infheicthe. Caithimid a bheith infheicthe mar chainteoirí Gaeilge.

    Tá feachtas cosúil le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta sna 70dí nó an Dream Dearg O Thuaidh de dhíth i mBaile Átha Cliath.

  • Seán Mag Leannáin

    ‘Dúirt Daly go mbeadh sé “náireach” dá mbeadh daoine a thug le fios go raibh Gaeilge acu faoi mhíbhuntáiste tráth a bhfuil an státseirbhís [in ainm is a bheith] ag iarraidh cur le líon na n-earcach le Gaeilge agus tá sé chun an scéal a fhiosrú tuilleadh.’ Creid uaimse é, Pa Daly a chara, gur féidir leat a bheith cinnte dearfa go bhfuil daoine le Gaeilge faoi mhíbhuntáiste sa státseirbhís. Féachtar orthu mar chancráin nó fanaicigh a chuireann isteach ar na gnáth-chleachtais riaracháin. Don ard-bhainistíocht sa Státchóras inniu níl sa Ghaeilge ach pian sa tóin. An triúr Airí Gaeltachta is déanaí b’airí sóisearacha iad agus b’éigean don triúr acu athfhoghlaim nó foghlaim as an nua a dhéanamh ar an teanga – léiríonn sé seo cé chomh híseal is atá an Ghaeilge mar thosaíocht don rialtas. Dá mbeadh siad i ndáiríre faoin teanga cén fáth, cuir i gcás, nach mbeadh an Ghaeilge riachtanach le haghaidh post an Ard-Rúnaí sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán nó post an Ard-Rúnaí in Oifig an Uachtaráin? Dá mbeadh táim lánchinnte de go ndéanfadh sé sin amháin difear níos mó i meon na nArd-Státseirbhíseach i leith na Gaeilge ná coistí cainte, moltaí agus stráitéisí uilig na bpolaiteoirí.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Aontaím le Seán Mag Leannáin. Níl cosaint ná tacaíocht ar bith ag cainteoirí Gaeilge sa státseirbhís. Ní thugtar aitheantas ar bith don Ghaeilg sa cheardchumann atá acu fiú! Má bhíonn cainteoir Gaeilg in oifig le 20 eile gan Gaeilg ní bhíonn mórán cleachtadh ag an duine sin ar an Ghaeilg mar is Béarla an teanga oibre san oifig sin agus bíonn sé de chleachtadh ag an duine sin Béarla a labhairt leis na comhghleacaithe Béarla is cuma cá háit a chastar ar a chéile iad – faic Gaeilge. I mo thuairimse níl plean ar bith sa státseirbhís ar caidé mar a láimhsítear an Ghaeilg in achan rannóg stáit agus cá huair a úsáidtear an Ghaeilg TAOBH ISTIGH den státseirbhís. Tá’n béim uilig ar bheith ag déileáil leis an phobal ach caidé fá rannóg na Gaeilge den Roinn Talmhaíochta ag plé leis an rannóg Bhéarla den Roinn Talmhaíochta?? Cén teanga a úsáidtear ansin??