Bord nua le ceapadh ar Údarás na Gaeltachta ach ceist an toghcháin fós le réiteach

Tá ceist thoghchán an Údaráis a thabhairt ar ais á plé ag an Rialtas le cúpla bliain ach d’fhéadfadh nach bhfillfeadh roimh 2025

Bord nua le ceapadh ar Údarás na Gaeltachta ach ceist an toghcháin fós le réiteach

D’fhéadfadh dhá bhliain eile a bheith ann sula ndéanfar aon athrú ar struchtúr bhord Údarás na Gaeltachta agus cinneadh déanta ag an Rialtas bord nua a cheapadh i mbliana faoin gcóras reatha.

Tá ceist thoghchán an Údaráis a thabhairt ar ais á plé ag an Rialtas le cúpla bliain anuas ach d’fhéadfadh nach dtarlódh aon toghchán roimh 2025.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta an méid sin sa Dáil inné nuair a thug sé le fios go gceapfaí bord nua ar an eagraíocht Ghaeltachta mí Eanáir tríd an gcóras céanna atá ann faoi láthair. Tréimhse “nach faide ná dhá bhliain” a bheidh ag an mbord sin, áfach, seachas tréimhse cúig bliana mar atá ag an mbord faoi láthair

Faoin gcóras mar atá ainmneoidh Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, tríd an gcóras ceapacháin phoiblí agus ainmneoidh  na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

Tá athbhreithniú ar bun ag an Rialtas faoi láthair ar struchtúr bhord an Údaráis agus ar cheist an toghcháin.

Bhí súil ann roimhe seo go mbeadh an obair sin déanta roimh dheireadh na bliana seo ionas go bhféadfaí bord nua a cheapadh faoi chóras nua san athbhliain. Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers níos luaithe i mbliana go raibh sé “tráthúil” go ndéanfaí an t-athbhreithniú roimh dheireadh thréimhse an bhoird reatha.

Fágann an mhoill a bhain leis an obair sin a chur i gcrích go gcaithfear bord nua a cheapadh mí Eanáir faoin gcóras mar atá. “Socruithe gearrthéarmacha” a thug an tAire Stáit ar an gcur chuige sin.

“Tagann deireadh le tréimhse an bhoird atá ann faoi láthair ar an 15 Eanáir 2023. Tá tús curtha ag mo Roinn dá réir leis an bpróiseas chun comhaltaí a cheapadh chuig an mbord nua faoin gcur chuige reatha mar a leagtar amach san Acht Gaeltachta,” a dúirt Chambers.

“Sa chomhthéacs sin, seachas saolré cúig bliana, beidh tréimhse nach faide ná dhá bhliain, is é sin 2023 agus 2024, i gceist mar a bhaineann sé le saolré an chéad bhoird eile. Tríd an gcur chuige seo, beidh bord nua in ann teacht i bhfeidhm go gearrthréimhseach fad is atá obair ar bun chun reachtaíocht nua a chur i dtoll a chéile maidir le próiseas nua roghnúcháin agus toghcháin.”

Bhí an tAire Stáit ag caint sa Dáil le linn plé faoi bhille de chuid Shinn Féin a mholann toghchán an Údarás a thabhairt ar ais.

Dúirt Chambers nach raibh sé chun cur i gcoinne an bhille ach go raibh sé i gceist ag an Rialtas a reachtaíocht féin faoi struchtúr an bhoird a thabhairt isteach roimh dheireadh na bliana, nuair a bheadh an t-athbhreithniú curtha i gcrích.

“Tá súil agam go mbeidh an t-athbhreithniú seo críochnaithe i mí na Samhna agus tiocfaidh Bille an Rialtais féin chun cinn go gairid ina dhiaidh sin. Beidh Teachtaí ar an eolas go bhfuil sé ar an gclár oibre reachtúil a foilsíodh maidir leis an téarma Dála seo. Le cabhair agus cúnamh ó chomhaltaí an fhreasúra, tá sé i gceist agam an Bille seo a thabhairt ar aghaidh faoi dheireadh na bliana, ag tabhairt san áireamh na riachtanais lena dhréachtú.”

Dúirt Chambers go raibh ar Roinn na Gaeltachta tabhairt faoin bpróiseas soláthair poiblí trí huaire chun comhlacht a fháil chun an t-athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúir an Údaráis de bharr “easpa suime sa mhargadh”. Aimsíodh comhlacht faoi dheireadh.

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé le sonrú sna haighneachtaí a rinneadh mar chuid den chomhairliúchán poiblí faoin gceist go bhfuil go leor i bhfabhar filleadh ar an toghchán mar a bhí. Ach thug sé le fios gurb é a bheidh i mbille an Rialtais ná meascán de chomhaltaí tofa agus ceapacháin.

“Dá dtabharfaí próiseas toghcháin ar ais, tá roinnt réimsí ar a mbeidh breithniú le déanamh. Mar shampla, d’fhéadfaí féachaint ar an líon comhaltaí boird agus meascán féideartha de chomhaltaí a bheadh tofa agus comhaltaí a bheadh roghnaithe trí phróiseas na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, mar a luaitear sa chlár don Rialtas,” a dúirt Chambers.

Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, a bhí ar dhuine de ghrúpa Teachtaí Dála ó Shinn Féin a chuir an bille nua faoin Údarás faoi bhráid na Dála, gur “éagóir” a bhí ann fáil réidh leis an toghchán deich mbliana ó shin agus gur chóir an éagóir sin a cheartú.

 

Fág freagra ar 'Bord nua le ceapadh ar Údarás na Gaeltachta ach ceist an toghcháin fós le réiteach'