‘Tá dlúthchairde de mo chuid nach bhfuil feicthe agam le fada – cronaím go mór iad’

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar 2022 leis an údar, eagarthóir agus teagascóir Éamonn Ó Dónaill

‘Tá dlúthchairde de mo chuid nach bhfuil feicthe agam le fada – cronaím go mór iad’

1. An bhfuil aon rún agat don bhliain 2022?

Tá mé ag iarraidh a bheith níos aclaí ná mar atá mé faoi láthair. Bhíodh mé ag rith go rialta go dtí tús 2021 ach d’éirigh mé leisciúil ansin agus thit mé chun feola. Bíonn dianseisiún traenála uair an chloig agam gach seachtain le traenálaí den scoth, Amanda Tavares ón Bhrasaíl, agus bím ag rothaíocht go rialta ach braithim go bhfuil an rith níos tairbhí ná aclaíocht de chineál ar bith eile. Ní hamháin go dtéann sé chun sochair do dhuine go fisiciúil ach tá sé go maith don mheabhairshláinte fosta – rud atá fíorthábhachtach i dtréimhse seo na héiginnteachta agus na himní.

2. Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2022?

Tá súil agam go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí víris agus go mbeidh mé ábalta bualadh le mo chairde go rialta arís. Ní raibh mé áit ar bith taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, diomaite de Thír Chonaill, ó bhí Márta 2020 ann agus tá dlúthchairde de mo chuid nach bhfuil feicthe agam le fada – cronaím go mór iad, caithfidh mé a rá. Ó thosaigh an phaindéim, mothaím go bhfuil mé athraithe go mór mar dhuine, go bhfuil tosaíochtaí úra agam agus dearcadh úr ar an tsaol. Agus tá cairdeas agus comhluadar i measc na nithe is tábhachtaí i mo shaol anois. 

3. Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2022?

Mura dtéann cúrsaí víris go mór chun donais, beidh mé ag triall ar Dhoire ag deireadh mhí an Mhárta le freastal ar cheolchoirm de chuid Chlannad sa Millennium Forum. Tá sé ráite ag an ghrúpa gur seo an chamchuairt dheireanach a dhéanfaidh siad agus tá mé ag iarraidh go mór iad a fheiceáil sula n-éiríonn siad as an cheol bheo. Chonaic mé Clannad den chéad uair sna 1970idí agus d’fhág siad rian láidir buan orm – murach iad, b’fhéidir nach mbeadh mo shaol caite agam ag plé leis an Ghaeilge. D’athraigh siad mo dhearcadh i leith an chultúir Ghaelaigh agus i leith na teanga agus chothaigh siad bród as an dúchas ionam nach raibh ann roimhe sin.   

4. Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2022?

Is cúis mhór bhróid dom go bhfuil muintir na hÉireann i ndiaidh a bheith chomh céillí, stuama sin ó thosaigh an phaindéim in earrach na bliana 2020. Tá an chuid is mó den phobal i ndiaidh cloí leis na srianta, vacsaíní a fháil agus maisc a chaitheamh, ní ar mhaithe leo féin amháin ach ar mhaithe lena dteaghlaigh, lena gcomharsana agus leis an phobal trí chéile. Tá gach dóchas agam go mbeidh an scéal amhlaidh in 2022 agus go bhfaighidh muid an ceann is fearr ar an víreas sa deireadh má oibríonn muid as lámha a chéile.

5. Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2022?

Ba mhaith liom níos mó acmhainní teagaisc agus foghlama a scríobh agus a fhoilsiú agus tá sé mar sprioc agam luí isteach ar an obair sin i gceart arís in 2022. Tá roinnt mhaith blianta caite agam ag plé le riarachán agus le maorlathas – tá sé doiligh a leithéid a sheachaint in earnáil an oideachais ar na saolta seo! – ach sílim go bhfuil sé in am dom tús áite a thabhairt d’obair níos cruthaithí. Chítear dom go bhfuil mé go maith ag forbairt acmhainní agus is dócha, mar sin, gur cheart dom mian mo chroí a leanúint agus tús áite a thabhairt don obair sin sa bhliain atá romhainn.

6. Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2022, céard a d’athrófá?

Ba mhaith liom go dtabharfaí aird ar na daoine sin ar fad sa tír atá ar an imeall agus a bhfuil faillí á déanamh iontu – daoine gan dídean, cuir i gcás, nach bhfuil iarracht cheart déanta ag rialtas ar bith fóirithint orthu; teifigh agus lucht iarrtha tearmainn, a bhfuil sé i ndán do go leor acu blianta a chaitheamh in Ionaid Soláthair Dhírigh; an lucht siúil, a bhfuil leatrom á imirt orthu i ngach réimse den tsochaí le fada; ní chríochnaíonn 70% den phobal sin a gcuid scolaíochta, i gcomórtas le 5% den ghnáthphobal, mar shampla, agus níl fostaithe ach 15% acu. Is cúis náire amach is amach é sin. Tá na hacmhainní againn leis na fadhbanna atá luaite agam a réiteach ach níl an toil ann faoi láthair.

Fág freagra ar '‘Tá dlúthchairde de mo chuid nach bhfuil feicthe agam le fada – cronaím go mór iad’'