‘Tá cliseadh na haeráide tosaithe’ – an samhradh is teo a taifeadadh riamh

Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil aeráid an domhain ‘ag titim as a chéile’ chomh tapa sin nach bhfuilimid ábalta déileáil leis

‘Tá cliseadh na haeráide tosaithe’ – an samhradh is teo a taifeadadh riamh

“Tá cliseadh na haeráide tosaithe,” a deir Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres.

Bhí Guterres ag caint ar thuairisc nua ón Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta a léiríonn go raibh an samhradh seo caite ar an gceann is teo riamh sa leathsféar thuaidh.

“Tá séasúr deargthe curtha de ag ár bpláinéad – an samhradh is teo a taifeadadh riamh,” arsa Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

De réir na heolaíochta, an duine agus a spleáchas ar ghual, ola agus gás nádúrtha is cúis leis an téamh domhanda gan stad agus an t-athrú aeráide.

“Tá rabhadh á thabhairt ag eolaithe dúinn le fada faoin toradh a bheidh ar ár n-andúil i mbreosla iontaise”, arsa Guterres.

“Tá aeráid s’againne ag titim as a chéile chomh tapa sin nach bhfuilimid ábalta déileáil leis, agus bíonn tarluithe adhaimsire againn i ngach cearn den domhan.”

Bhuail tonnta teasa, falscaithe agus triomach áiteanna ar fud an domhain le trí mhí anuas agus deineadh dochar mór d’éiceachórais, don gheilleagar agus do shláinte daoine.

16.77 céim Celsius an teocht domhanda ar an meán le linn mhí an Mheithimh, Iúil agus Lúnasa, teocht i bhfad níos airde ná an teocht ab airde ar an taifead roimhe seo –16.48 céim Celsius in 2019.

De réir na tuarascála ón Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta bhí mí Iúil 2023 ar an mí is teo riamh agus bhí an mhí seo caite ar an dara mí is teo riamh.

In 2015 i bPáras a chinn tíortha téamh an domhain a choinneáil chomh fada agus ab fhéidir faoi 2 chéim Celsius agus trí bliana ina dhiaidh sin chinn an IPCC, Painéal Idir-Rialtais ar an Athrú Aeráide na Náisiún Aontaithe, nár chóir ligean don teas a dul thar 1.5 céim breise.

Tá tuarascáil le foilsiú an tseachtain seo ag na Náisiúin Aontaithe a dhéanfaidh an dul chun cinn i dtaobh na spriocanna sin a mheas. Síltear go léireoidh an tuarascáil go soiléir nach bhfuil na gealltanais á gcomhlíonadh.

Cuirfear tús ag deireadh mhí na Samhna in Dubai le cruinniú mullaigh eile faoin athrú aeráide.

Fág freagra ar '‘Tá cliseadh na haeráide tosaithe’ – an samhradh is teo a taifeadadh riamh'