Tá cleasaíocht pholaitiúil ar siúl ar chuile thaobh i SAM – is mór an trua na gasúir…

Agus ceist na hinimirce i mbéal an phobail arís, ní léir go bhfuil ceachtar páirtí in ann do Donald Trump, a deir ár gcomhfhreagraí a bhí i Stáit Aontaithe Mheiriceá le déanaí

Tá cleasaíocht pholaitiúil ar siúl ar chuile thaobh i SAM – is mór an trua na gasúir…

An amhlaidh go bhfuil dearmad déanta againn ar fad gur gheall Donald Trump go rachadh sé i ngleic le hinimirce mhídhleathach sna Stát Aontaithe agus é ar thóir vótaí an phobail sa tír sin beagnach dhá bhliain ó shin? Agus gur éirigh leis an teachtaireacht sin a chur i gcion ar go leor acu mar go mbíonn siad féin ag brath ar na postanna in earnáil na seirbhísí ar an íosráta náisiúnta pá.

Tá uafás agus alltacht léirithe ag go leor le roinnt laethanta faoi pháistí a bheith á dtógáil óna gcuid tuismitheoirí agus iad ag teacht trasna na teorann as Meicsiceo agus Meiriceá Láir. Tá leithéidí Laura Bush ag trácht ar mhímhoráltacht agus cruálacht. Tá na meáin sna Stáit Aontaithe ag tuairisciú as Brownsville ó na hionaid ina bhfuil na páistí seo á gcoinneáil. An deacracht, dar liom, go bhfuil an polasaí seo i bhfeidhm le trí mhí anois, ó mhí an Aibreáin, agus níor léiríodh mórán imní faoi go dtí seo. Tá suas le 2,000 gasúr á gcoinneáil anois in Brownsville Texas agus de réir tuairiscí áirithe tú níltear ag caitheamh go maith leo agus níl aon chóir mhaith orthu.

Níl aon bharántas á thabhairt go dtabharfar ar ais dá gcuid tuismitheoirí iad nuair a bheidh cúrsaí dlí agus inimirce curtha ina gceart.

An é nár thuig daoine Trump agus é ag trácht ar ‘zero tolerance’? Vótáil beagnach 63 milliún duine don fhear seo a gheall dóibh go rachadh sé i ngleic le fadhb na hinimirce. Ó thosaigh sé sa Teach Bán tá an córas reachtúil sna Stát Aontaithe á phlúchadh féin le hiarrachtaí éagsúla díriú ar an bhfadhb.

Tá Trump diongbháilte de go gcaithfear an dlí a chur i bhfeidhm. Tá muidne in Éirinn gafa leis na saoránaigh de chuid na tíre seo atá sáinnithe ag dlíthe inimirce na Stát Aontaithe faoin réimeas nua. Tá súil againn go ndéanfar socrú do mhuintir na hÉireann ach déanann muid dearmad go minic gur leis an teorainn ó dheas atá maorlathas na Stát Aontaithe tógtha mar go bhfuil líon na ndaoine a thrasnaíonn an teorainn sin chuile lá ollmhór.

Cé a chuimhníonn anois ar Elián Gonzalez ? Ocht mbliana déag ó shin rinne a mháthair iarracht an páiste óg a thabhairt as Cúba go dtí Florida. Faraor bádh a mháthair ar an aistear agus chuir sin tús le sraith fhada cásanna cúirte inar éiligh a athair go dtabharfaí ar ais go Cúba é. Chuir Údaráis na Stát Aontaithe chun cónaithe le gaolta de chuid a mháthar é.  Bhí an buachaill beag sin lárnach sa gcogadh bolscaireachta idir na Stát Aontaithe agus Cúba. Go deimhin maíonn roinnt tráchtairí gur vótáil daoine de bhunadh Chúba in Florida do George W. Bush mar go raibh olc orthu faoin seasamh a ghlac Al Gore i gcás Elian Gonzalez. Tugadh Elian go Disneyworld agus an Teach Bán le go bhfeicfeadh sé suáilcí aisling Mheiriceá. Buíochas le Dia tháinig ciall do dhuine éigin sa gcóras cúirteanna ar deireadh agus cuireadh ar ais go dtí a athair,  a leasmháthair agus a thriúr deartháireacha é. 

Cuireadh naimhdeas na Stát Aontaithe leis an gcóras i gCúba ar leataobh ar mhaithe leis an ngasúr, más go mall féin é.

Fadhb mhór do chóras polaitiúil na Stát Aontaithe is ea an imirce mhídhleathach le fada an lá. Is mór an trua go bhfuil gasúir á n-úsáid mar armlón arís i gceann de na scéalta polasaí is achrannaí in Washington. Tá faitíos ar an dá pháirtí aon dúshlán a thabhairt do pholasaí Trump mar go bhfuil toghcháin ar an tairseach acu. Feictear do na Poblachtánaigh go bhfuil tacaíocht  aige i measc an phobail, cé nach dtuigeann siad go baileach cén fáth.

Tá greim níos daingne aige ar chosmhuintir an pháirtí freisin ná mar a thabharfadh an tráchtaireacht sna meáin le fios, seachas, ar ndóigh, a chairde in Fox News. Ní ligeann an faitíos do na Daonlathaigh an iomarca a rá ach an oiread mar go bhfuil an páirtí trína chéile, mar nach léir go bhfuil ag éirí leo dul i gcion ar an bpobal agus mar go dtuigeann siad go maith go bhfuil an cheist seo bearránach.

An peaca is mó go bhfuil na daoine a tháinig aneas go dtí Brownsville, Pensacola agus áiteanna eile ar an teorainn ó dheas thíos leis an gcleasaíocht pholaitiúil ar fad. Is mór an trua iad na gasúir.

Fág freagra ar 'Tá cleasaíocht pholaitiúil ar siúl ar chuile thaobh i SAM – is mór an trua na gasúir…'