Tá na fostóirí ag iarraidh postanna maithe. Is mian leo a gcuid oibrithe a choinneáil, iad a bheith sásta leis na coinníollacha fostaíochta, dea-chleachtais a bheith i réim agus pá maith a bheith á íoc.
Ionadaí ar fhostóirí a bhí ag caint. Ní nach ionadh tháinig ‘ach’ sna sála ar an méid sin. Ní raibh oibrithe ag rince ar na sráideanna ach an oiread ach tríd is tríd tá ceardchumainn níos dearfaí ná fostóirí cé go dteastaíonn an t-athrú uathu i bhfad níos luaithe ná mar atá beartaithe.
‘Bille na bPost Maith’, athchóiriú ar an dlí fostaíochta i dTuaisceart Éireann atá á ullmhú ag aire eacnamaíochta Stormont a bhí faoi chaibidil. Maíonn an t-aire, Caoimhe Archibald ó Shinn Féin, gurb é an t-uasghrádú is cuimsithí ar an reachtaíocht é ó Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tháinig comhairliúchán faoin mBille chun críche breis is sé mhí ó shin nuair a bhí Conor Murphy ina aire. Tá a chomharba, an tAire Archibald, tar éis labhairt leis na páirtithe leasmhara faoi cheisteanna a d’ardaigh siad.
Deir sí go gcuirfear a bille faoi bhráid an Tionóil mí Eanáir seo chugainn. Sé a plean go mbeadh an reachtaíocht úr i bhfeidhm roimh dheireadh ré an Tionóil seo faoi cheann dhá bhliain. Ní léir cá seasfaidh an DUP ar an ábhar; áirítear go hiondúil gur mó luí ag an DUP leis na fostóirí ná Sinn Féin, a mhaíonn gur cás leo cúis na n-oibrithe. Beidh dianmhargáil riachtanach idir an dá mhórpháirtí agus le páirtithe eile an Fheidhmeannais sula mbeidh Archibald in ann a cuid moltaí a chur os comhair an Tionóil. Ní raibh an t-athchóiriú ar an dlí ina chuid den chlár rialtais ach tá sé ag teacht, cuid mhór, le leasú ar an dlí fostaíochta atá á dhéanamh ag rialtas na Breataine.
Is iad príomhthéamaí an bhille – coinníollacha fostaíochta, pá agus sochar, ionadaíocht, aitheantas agus an chothromaíocht oibre agus saoil. Téann an bille níos faide ná ceann na Breataine maidir le haitheantas do cheardchumainn. Sa Bhreatain caithfidh fostóir a bhfuil 21 oibrí nó níos mó ag obair dó ceardchumann a aithint ach de réir dhréachtbhille Stormont beidh iachall ar chomhlacht ag a bhfuil deichniúr fostaithe aitheantas a thabhairt don cheardchumann.
Beidh cosc ar chonarthaí náid uaireanta (conradh gan íosmhéid uaireanta) ach amháin i gcásanna eisceachtúla. Beidh sé de cheart ag fostaí uaireanta oibre solúbtha a éileamh ón chéad lá murab ionann agus tar éis 26 seachtain mar atá i réim anois. Beidh cúramóirí i dteideal seachtain saoire gan phá in aghaidh na bliana. Dá mbeadh na hacmhainní sa bhuiséad ag an Aire Archibald ba mhaith léi pá saoire a fhaomhadh do chúramóirí, a dúirt sí. Beidh sé sa reachtaíocht ach ní thiocfaidh sé i bhfeidhm láithreach.
Ní hé sin an t-aon bhlas den ‘mair a chapaill…’ ar an bplean. Fiú nuair a chuirtear san áireamh chomh malltriallach is a bhíonn Stormont de ghnáth agus an fhad a thógann sé ar an dá mhórpháirtí plean a aontú, tá an próiseas seo fadálach. Tá ullmhú an bhille ar siúl le bliain agus é i gceist nach gcuirfear i bhfeidhm é mar reacht go ceann dhá bhliain nó gar dó. Seans gur chun imní roinnt fostóirí a shuaimhniú atá an mhoill ar chur i bhfeidhm geallta.
Údar imní ag na ceardchumainn is ea é an feidhmiú a bheith ar an méar fhada. Níl tada réabhlóideach sa bhille, dar le Susan Fitzgerald ón gceardchumann Unite. Cé a bheadh i gcoinne pá a thabhairt d’oibrí torrach, saoire mháithreachais, cosaint in aghaidh iomarcaíochta san éagóir, cearta d’oibrithe ó áisíneachtaí fostaíochta agus srian ar ‘bhriseadh agus athfhostú?’ ar sí. Scrúdóidh na ceardchumainn na mionsonraí sa tréimhse seo romhainn.
Bhí cainteanna ag an aire le cuid de na fostóirí cheana féin. Tá roinnt buartha faoin aitheantas reachtúil do cheardchumainn i ngnólachtaí beaga agus faoi chéimeanna cosanta eile d’oibrithe a chosnóidh airgead. I bhfianaise na n-arduithe ar rátaí íosphá agus ar árachas sóisialta, deir siad nach mbeadh a lán in acmhainn an chostais bhreise a bheadh orthu de thoradh an bhille.
Ar an mórgóir tá an bille inmholta agus gá leis. Ceist eile ar fad é an achtófar é nó an mbeidh mantanna bainte as sula n-achtófar? Beidh sé deacair ag páirtí ar bith diúltú do bhille ar a dtugtar ‘Bille na bPost Maith’ ach is fánach an áit a bhfaigheadh ceann acu deis mhoilleadóireachta.
Fág freagra ar 'Tá ‘Bille na bPost Maith’ á ullmhú, ach níl aon chúis ag oibrithe a bheith ag rince ar na sráideanna go fóill'