Tá báisteach air! An t-ardbhrú ag lagú agus an bháisteach ar an mbealach

Lá scamallach sramach a bheidh againn amárach agus ceathanna báistí sa gcuid thuaidh den tír

Tá báisteach air! An t-ardbhrú ag lagú agus an bháisteach ar an mbealach

Tá tuartha ag Met Éireann go bhfuil an t-ardbhrú ag lagú agus an bháisteach ar an mbealach.

Meastar go scaipfidh brat scamaill ar Chúige Uladh agus tuaisceart Chonnacht anocht agus go ndéanfaidh sé corrchith anseo agus ansiúd.

Beidh sé tirim sa deisceart cé go mbeidh corrscamall sa spéir. Aduaidh nó anoir aduaidh a bheidh an ghaoth éadrom. Bog agus tais a bheidh an oíche anocht agus beidh corrphaiste ceo ann le maidneachan agus an teocht idir 11 agus 15 céim Celsius.

Lá scamallach sramach a bheidh againn amárach agus ceathanna báistí sa gcuid thuaidh den tír. Beidh an lá níos gile ó dheas agus tamaill ghréine ann agus corrchith le tráthnóna. Idir 17 agus 20 céim Celsius a bheidh an teocht sa leath thuaidh den tír ach trí nó ceithre chéim níos airde sa taobh ó dheas. Gaoth bhog anoir aduaidh ach í beagán níos láidre le cósta.

Beidh ceathanna againn an chuid eile den tseachtain ach beidh tréimhsí maithe againn a bheidh te tirim chomh maith cé nach mbeidh sé chomh te ná chomh tirim agus a bhí le roinnt seachtainí.

Laghdóidh na ceathanna sin ón oíche Dé Céadaoin agus beidh an spéir níos glaine ach amháin sa Tuaisceart mar a mbeidh sé scamallach ceathach. 12 go 15 céim Celsius an teocht is ísle a bheidh againn agus an ghaoth anoir aduaidh lag.

Lá tirim a bheidh againn ar an Déardaoin agus paistí gréine againn cé gur dóigh go mbeidh corrchith ann. Idir 18 agus 23 céim Celsius an teocht is airde atá á thuar agus gaoth lag aduaidh.

Lá tirim a bheidh ann Dé hAoine ach go mbeidh corrchith ann. Beidh sé beagán níos teo agus leoithne luaineach ann.

Tirim a bheidh an Satharn i dtús an lae agus corrthamall gréine nó ceo teasa ann ach scaipfidh scamaill agus ceathanna ón iarthar níos deireanaí sa lá. Aniar aneas nó aniar a bheidh an ghaoth mheasartha. Beidh sé níos scamallaí ar an Domhnach agus ráigeanna báistí ann i rith an lae.

Fág freagra ar 'Tá báisteach air! An t-ardbhrú ag lagú agus an bháisteach ar an mbealach'