Tá an t-ádh glan ar an Uachtarán Catherine Connolly ‘go bhfuil mo leithéidse ann’, a deir Donald Trump ag cruinniú na Féile Pádraig

Ag an gcruinniú a bhí ag an Taoiseach leis an Uachtarán san Oifig Ubhchruthach inniu, dúirt Trump go raibh súil aige freastal ar Chraobhchomórtas Oscailte Gailf na hÉireann san Dún Beag mí Mheán Fómhair

Tá an t-ádh glan ar an Uachtarán Catherine Connolly ‘go bhfuil mo leithéidse ann’, a deir Donald Trump ag cruinniú na Féile Pádraig

Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump inniu go raibh “an t-ádh” ar Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly go raibh a leithéid féin ar an saol.

Ag cruinniú na Féile Pádraig leis an Taoiseach san Oifig Ubhchruthach a rinne an tUachtarán an chaint sin nuair a fiafraíodh de faoi áitiú an Uachtaráin Connolly “gur ionsaí ceann ar aghaidh ar an dlí idirnáisiúnta” agus cogadh neamhdhleathach atá á fhearadh ag na Stáit Aontaithe agus Iosrael ar an Iaráin.

“Féach, tá an t-ádh air go bhfuil mise ann. Sin an méid is féidir liom a rá,” an freagra a bhí ag an Uachtarán Trump. “Ba chóir do chuile dhuine sa domhan ar fad a bheith an-bhuíoch.”

Dúirt sé freisin go raibh an réimeas san Iaráin “tinn agus ar mire” agus go mbeadh arm núicléach déanta acu murach gur cuireadh stop leo.

An cogadh sa Mheánoirthear ba mhó a tharraing caint ag an bpreasócáid agus dúirt Trump go raibh buamáil Mheiriceá ar an Iaráin tar éis “uileloscadh núicléach” a sheachaint.

“Ocht mí ó shin, nó mar sin, bheadh cogadh núicléach sa Mheánoirthear nó b’fhéidir níos mó ná sin. Déarfainn go mbuailfeadh sé an Eoraip, b’fhéidir nach ngabhfadh sé chomh fada le hÉirinn, ach shroichfeadh sé an Eoraip. Tá sé sách mór go gcuirfeadh sé as daoibh.”

Nuair a fiafraíodh de an raibh faitíos air gur cogadh Mheiriceá i Vítneam eile a bheadh ann dá gcuirfí trúpaí Mheiriceá isteach ar tír san Iaráin, ba é freagra an Uachtaráin: “Dáiríre níl faitíos ormsa roimh aon rud.”

Dúirt an Taoiseach gur stát bradach a bhí san Iaráin ach gurb é dearcadh na hÉireann gur ar bhealach na síochána ba chóir deireadh a chur leis an achrann ansin.

Dúirt Trump go raibh sé “chun iarracht a dhéanamh” freastal ar Chomórtas Oscailte Gailf na hÉireann, a bheidh ar siúl i mí Mheán Fómhair seo chugainn ar a ghalfchúrsa féin sa Dún Beag i gcontae an Chláir.

Cuireadh ceist air chomh maith faoin scéala go bhfuil lucht timpeallachta ag cur i gcoinne plean síneadh a chur lena óstán ansin ar an mbonn go gcuirfeadh a leithéid as do sheilidí. “Ní cosúil gur fadhb rómhór é sin,” a dúirt sé.

Mhaígh Trump go dtiocfadh deireadh leis an Eoraip mura ndéanfadh ceannairí na hEorpa a bpolasaithe imirce agus fuinnimh a athrú.

Dúirt Michéal Martin nach raibh aon duine ar son na himirce a bhí mídhleathach ach gur léiriú bréagach ar chúrsaí a bhí san áiteamh go bhfuil an Eoraip “plódaithe”.

Chosain an Taoiseach chomh maith Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer, ar thug Trump íde dá theanga dó.

 

 

Fág freagra ar 'Tá an t-ádh glan ar an Uachtarán Catherine Connolly ‘go bhfuil mo leithéidse ann’, a deir Donald Trump ag cruinniú na Féile Pádraig'

  • Brian Ó Cuanáin

    Tá sár-obair déanta ag an Taoiseach sa Teach Bán. Gan amhras, bhí an cruinniú seo i gcónaí ina obair leanúnach. Tá a fhios ag an Taoiseach go leanfaidh an fear eile ar a chosán féin, gan aon bhrí ná spéis aige in aon rud ach an troid is déanaí ina cheann féin. Léirigh an Taoiseach gurbh é an duine fásta a bhí i láthair é, trí stop a chur leis an ráflaí gan trua le cosaint mhaith ar an Eoraip agus, go suimiúil, ar Phríomh-Aire na Breataine, Keir Stammer. Maith thú, a Thaoisigh. Lá maith san oifig (ubhchruthach)!

  • Carraig

    Cad fáth nár dheaghaidh sé go Vítneam más duine neamhfhaiteach é, mar a mhaíonn sé?
    Deir sé go bhfuil an t-ádh ar Catherine Connolly go bhfuil a leithéid ann??
    An raibh an t-ádh céanna ar na leanaí scoile, 150 acu, a cuireadh den saol ar an gcéad lá den bhuamáil?
    An raibh an t-ádh ar na tuismitheoirí agus ar an lucht leighis a maraíodh sa ‘double tap’ a lean é (sean-chleas ag na hIosraelaigh)?
    Agus an 70,000 i nGaza a díothaíodh le harmlónTrump?
    Chuir Trump an comhréiteach a bhí déanta ag Obama i 2015 leis na hIaránaigh ar neamhní agus gan é ach cúpla lá ina uachtarán.
    Dá dheasca sin thosnaigh na hIaránaigh ar an uranium a uasghrádú aríst, ní nach ionadh.
    Bhí comhréiteach eile ar na bioráin acu mí Feabhra seo caite, mar a síleadh, ach gur bhuail Iosrael/SAM bob fealltach orthu arís trína n-ionsaí.
    Is léir don dall nach raibh gá ar bith leis an uafás seo.
    Is léir leis go mbaineann Trump sásamh millteach as, óir nár bhagair sé Kharg a bhuamáil uair amháin eile
    ‘just for fun’!
    Cuimhnigh gur seo fear nach raibh de ghus ann dul sa ngleic i Vítneam é féin.