Tá an Iaráin faoi ionsaí mar gheall ar a tacaíocht don Phalaistín

Tá Iosrael, go háirithe, ag iarraidh athrú réimis san Iaráin toisc go seasann an Iaráin go diongbháilte le muintir na Palaistíne

Tá an Iaráin faoi ionsaí mar gheall ar a tacaíocht don Phalaistín

Cé go bhfuil sé róluath á rá cé acu Stáit Aontaithe Mheiriceá/Iosrael nó an Iaráin a bheidh chun cinn ar deireadh thiar sa choinbhleacht reatha, is léir nach furasta an Iaráin a shárú.

Tá Caolas Hormuz dúnta ag an Iaráin mar fhreagra ar an ionsaí, is tá praghsanna ola is gáis ag dul in airde go mór. Íocfaidh an Eoraip, go háirithe, go daor as ár dtacaíocht do SAM sa gcogadh seo.

Buaileadh bunáiteanna SAM ar fud réigiún na Murascaille, agus buaileadh go trom iad, agus tá Iosrael féin faoi bhombardú leanúnach. Is léir go raibh an Iaráin ullamh don chogadh seo, agus is í a straitéis ná féachaint an féidir léi maireachtáil níos faide ná a cuid céilí comhraic.

Tá armlón mór stoc-charntha ag an Iaráin, ach beidh sé deacair orthu teacht i dtír orthu I bhfianaise an oll-ionsaí atá á dhéanamh orthu.

Rud amháin atá soiléir, ámh, ná gur ionsaí gan chúis a bhí ann, a sháraigh an dlí idirnáisiúnta, má tá a leithéid fós ann faoin tráth seo agus Meiriceá ag baint leas as an lámh láidir le stáit a chur faoina smacht.

Rud eile atá soiléir ná nach mbaineann an t-ionsaí leis an gcos ar bolg atá á imirt ag an réimeas ar an bpobal. Ábhar maith bolscaireachta an scéal sin, ach tá Iosrael, go háirithe, ag iarraidh athrú réimis san Iaráin toisc go seasann an Iaráin go diongbháilte le muintir na Palaistíne.

Go deimhin, cén stát eile a thugann tacaíocht dóibh?

Níl aon amhras ach go bhfuil formhór mór mhuintir na hÉireann báúil leis na Palaistínigh. Sa gcás sin, agus an Iaráin faoi ionsaí mar gheall ar a dlúthpháirtíocht leis an bPalaistín, nach cóir go seasfadh muid leo?

Ní mar sin atá sé, ámh. Níl le rá ag rialtas na hÉireann ach go bhfuil imní orthu faoin scéal. Agus ní féidir leis an Aire Cosanta, Helen McEntee, a rá cé acu an sáraíonn an t-ionsaí an dlí idirnáisiúnta nó nach sáraíonn.

Ar ndóigh tá a lán gnéithe den réimeas Iaránach nach dtaitníonn linn: srian ar shaoirse na mban, cosc ar an lucht aerach, greim ag an gcliarlathas ar an bpolaitíocht.

Ach is gnó é sin do mhuintir na hIaráine, is níl cead dá laghad ag Meiriceá nó ag Iosrael nó ag an Aontas Eorpach nó fiú ag Micheál Martin a rá cén cineál réimis is ceart a bheith acu.

Ar ndóigh tá sé níos éasca labhairt faoi athrú réimis ná é a bhaint amach. Is léir anois nach mbeidh aon éirí amach san Iaráin féin, fiú uathu siúd atá in aghaidh an réimis mar tá cuid mhaith den fhreasúra sa tír chomh naimhdeach d’Iosrael is SAM is atá an réimeas féin.

Bheadh sé riachtanach saighdiúirí ar an talamh a chur isteach is bheadh an-chuid caillteanais ag Meiriceá dá ndéanfaí amhlaidh. Is cosúil nach bhfuil móramh sna Stáit Aontaithe ar son an chogaidh cheana féin; beidh níos lú má fhaigheann tuilleadh saighdiúirí Meiriceánacha bás.

Níl an oiread sin cainte anois faoi athrú réimis (cé nach dtuigeann Friedrich Merz, seansailéir na Gearmáine é sin). Ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh airm núicléacha ag an Iaráin, an leithscéal anois, cé go maíonn eadránaithe ón Oman go raibh na cainteanna idir SAM agus an Iaráin ar tí réiteach sásúil a bhaint amach sular thosaigh SAM an t-ionsaí.

Ní maith le Trump ar ndóigh go mbeadh sé le feiceáil go bhfuil sé ar teaghrán ag éinne, fiú ag Iosrael, ach is cosúil gur dhein Meiriceá ionsaí ar an Iaráin toisc go raibh Iosrael ar tí ionsaí a dhéanamh a spreagfadh buille éirice ar Mheiriceá ón Iaráin, is gur theastaigh ó Trump ‘buille cosantach réamhchoisctheach”’a dhéanamh sula dtabharfadh na hIaránaigh buille an díoltais ar ais ar na Stáit!

Buille cosantach réamhchoisctheach? An gcreideann éinne an raiméis sin?

Is é Iosrael atá taobh thiar den chogadh seo, agus iad ag iarraidh an t-aon stát sa réigiún a thugann tacaíocht don Phalaistín – tacaíocht a dtugann an Taoiseach sceimhlitheoireacht air – a chur ar ceal, ar mhaithe le leanacht leis an gcinedhíothú is an glanadh eitneach atá ar siúl ag Iosrael i nGaza agus ar an mBruach Thiar.

Cinnte, is cóir tacaíocht a thabhairt dóibh siúd san Iaráin atá ag troid ar son cearta ban agus saoirse na ndaoine aeracha, ach ní tríd an tír a chur faoi smacht ag SAM agus ag Iosrael a dhéanfar sin.

Ar aon chuma níl a fhios againn cén chaoi a n-oibreoidh an scéal amach. Ach tá súil agamsa ar aon nós go mbeidh an bua ag an Iaráin.

Fág freagra ar 'Tá an Iaráin faoi ionsaí mar gheall ar a tacaíocht don Phalaistín'

  • Pádraig

    An mórpheictiúr geopholaitiúil;
    íle na hIaráune móide íle Vebezuela
    = 31% den táirgeadh domhanda trí chéile.
    Beidh greim ag SAM air sin má éiríonn leo a lútálaí féin a cheapadh nó a cheannach san Iaráin t’réis an chogaidh, amhail mar atá déanta acu i Venezuela.
    Déanfar spior spear den cheangal atá ag an Iaráin leis an Rúis agus leis an tSín ar an gcaoi sin, rud a thabharfaidh forlámhas breise do SAM/Iosrael ar an eacnamaíocht dhomhanda.
    ‘Mórbhua’ a bheadh ansin do SAM/Iosrael sa chás sin.
    Acmhainní nádúrtha na hIaráine, go príomhga, is bun leis an gcogadh seo óir b’iad ba bhun le formhór mór na cogaíochta ar an bpláinéad suaite seo, riamh anall.
    Rud amháin nár athraigh riamh agus nach n-athróidh go brách na breithe is ea nádúir an duine
    (barbarthacht den chuid is mó).
    Má bhíonn an ‘bua’ ag SAM/Iosrael beidh ina gcumas ór lachtach sin na hIaráine a chrochadh leo.
    Toradh maith fónta ar “infheistíocht”an chogaidh seo agus clab go cluasa ar réimeas na ‘neo-cons’ in athuair.
    Nó an n-éireoidh leis na cléirigh a gcosa a choimeád i bhfeac?
    ‘Beireann buan bua’, adeirtear.

  • Christina Chen

    Feictear dom go bhfuil go leor míthuiscintí sa tuairim seo.
    1. Tacaíonn an Iaráin do Hamas (an grúpa míleata atá/a bhí i réim i Gaza) trí airm a chur ar fáil dóibh. Ach ní thacaíonn an Iaráin do mhuintir na Palaistíne ar aon bhealach eile.
    2. Tá an Phalaistín go hiomlán faoi smacht agus faoi chois ag Iosrael cheana féin. Ní call d’Iosrael dul chun cogaidh leis an Iaráin chun é sin a bhaint amach. Is beag baint atá ag an bPalaistín leis an gcogadh seo.
    3. Níl ‘cuid mhaith den fhreasúra’ san Iaráin ‘chomh naimhdeach d’Iosrael is SAM is atá an réimeas féin’. Is One Party State atá ann. Níl aon fhreasúra ann ar féidir tuiscint a fháil ar a gcuid tuairimí. Le 40 bliain anuas rinne rialtas na hIaráine gach ceannaire agus gníomhaí freasúra san Iaráin a dhúnmharú nó a chur i bpríosún.

    Ní fheictear dom gur féidir le haon duine ar mór leis an tsaoirse agus an ceart a bheith ag tacú le rialtas na hIaráine. Mar a deir Mac Uí Mhurchú é féin, tá srianta dochta á gcur acu ar mhná chomh maith le cosc agus crá ar dhaoine aeracha. Agus cuirimis leis sin go ndéanann siad iriseoirí thar lear (agus taobh istigh ar ndóigh) a fheallmharú agus daoine a théann i mbun agóide ar na sráideanna a mharú as fuil fhuar.
    Más namhaid do go leor Éireannach Iosrael (nó rialtas Iosrael), ní hionann é sin agus gur cara dóibh rialtas na hIaráine. Más cás dúinn muintir na Palaistíne atá faoi smacht, ba cheart a bheith ag cur in aghaidh rialtas na hIaráine freisin, a bhfuil muintir a dtíre féin faoi smacht agus faoi dhaoirse acu.

  • Jacko

    Cuireadh 500,000 dolaer síos mar gheall anaithnid amháin cúpla uair an chloig ar Polymarket sular ionsaigh na Ponncánaigh agus na hIosraelaigh an Iaráin. Stocardán is ea Polymarket a mheallann airgead mór ó chearrbhaigh a mheánn an dóchúlacht atá ann go mbrisfidh cogadh amach nó ná déanfaidh.
    Ráinig, ar ámharaí an tsaoil, go raibh an ceart ar fad ar fad acu sa chás seo chomh maith.
    An buntáiste iontach a bhaineann le Polymarket (agus ceann nó dhó eile) gur féidir geall a chur go hanaithnid, ar chúl copóige!
    Táthar ann a bhfuil speilp inniu orthu dá thoradh sin.
    Trádáil faoi choim, ón dtaobh istigh, an dóigh leat?
    Bí cinnte dhe agus nach leor nod don eolach?
    Cé dúirt nár cheart ligean do chruachás (cogadh) ar bith dul i bhfaighid ort?
    Airgead, a dhuine, na tonnaí airgid.

  • Seán De Bláca

    Sár anailís. Ó Christina Chen. Ach amháin n’fheadair an ‘míthuiscintí’ an focal ceart nó an amhlaidh go ndéanann Ó Murchú iarracht gach scéal a bhrú isteach i múnla a réamhchlaontaí fhéin, seachas iarracht a dhéanamh castachtaí an scéil an thuiscint agus a léiriú.

  • An Sasanach

    Cé gur fíor dhon údar i gcuid mhaith dhá anailís anso, ní aontaím le gur mar gheall ar an dtacaíocht a thugann an Iaráin don Phalaistín amháin go bhfuil craos cogaidh ar Iosrael ina coinnibh. Fad a mhaireann an Phoblacht Ioslamach mar athá sí, tá cothromaíocht idir stáit an réigiúin úd a choimeádann smacht de shaghas éigint ar an stát sclábhánta súd na Stát Aontaithe. Sampla amháin de sin mar athá ag an údar ná gurb iad an Iaráin agus a cuid comhghuaillithe an t-aon ghrúpa a thug tacaíocht nithiúil do mhuintir na Palaistíne le linn chinedhíothú Iosrael i nGaza. Anois, tá sciar maith de shochaí (agus go deimhin de rialtas) Iosrael, Binyamin Netanyahu ina measc, a chreideann gur cheart an stát a mhéadú thar theorainn na Palaistíne ar aghaidh isteach sa Liobáin, sa tSír, san Iordáin agus san Éigipt. Is í an Iaráin (agus arís a cuid comhghuaillithe) is mó a sheasfadh ina gcoinnibh is vasáilligh déanta des na tíortha eile sin ages na Stáit Aontaithe. Go deimhin mar sin is fíor gurb í tacaíocht na hIaráine don Phalaistíne ceann des na clochaibh is mó ar pháidrín Iosrael is é ag tabhairt fén gcogadh so, ach dar liom go dtéann an scéal níos doimhne ná san, i dtreo fhís na tíre sin don réigiún trí chéile.