Ceist íogair na n-íocaíochtaí d’íospartaigh na dTrioblóidí le freagairt go fóill

Beart daonnachtúil a bheadh sna híocaíochtaí ach ní bheadh ann ach píosa amháin sna míreanna mearaí atá riachtanach chun an chóir a aimsiú dóibh sin uilig atá á hiarraidh

Ceist íogair na n-íocaíochtaí d’íospartaigh na dTrioblóidí le freagairt go fóill

Tá sé ag druidim le scór bliain ó caitheadh tuarascáil chuimsitheach faoi conas déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí i dtraipisí i ngeall ar mholadh go bhfaigheadh íobartaigh íocaíocht chun cuidiú leo a dhul i ngleic le hiarmhairtí an fhoréigin.

Bhí sé ina raic faoin moladh, lucht a cháinte ag rá gurbh é ba bhrí leis gurbh ionann ‘íospartaigh gan urchóid is a muintir’ agus paraimíleataigh/ciontóirí.

Údar iontais ab ea é nuair a cuireadh scéim cosúil leis ar an mbord arís. Dúirt Coimisinéir na nÍobartach le coiste in Stormont le déanaí go raibh sé ag fanacht le freagra ó Oifig an Fheidhmeannais faoi mholadh maidir le híocaíocht. Dúirt an Coimisinéir Joe McVey nach raibh aiseolas faighte ón gCéad-Aire agus LeasChéad-Aire Michelle O’Neill agus Emma Little-Pengelly maidir le scéim a mhol réamhtheachtaí McVey breis is dhá bhliain ó shin. Faoin scéim bheadh íocaíocht le fáil ag gach teaghlach ar maraíodh duine dá muintir, paraimíleataigh san áireamh, más amhlaidh a maraíodh iad nó cailleadh iad in ionsaí dá gcuid féin.

Dúirt an Coimisinéir go raibh tacaíocht fhorleathan don íocaíocht aitheantais i measc na ngrúpaí íobartach ar fad a raibh sé i dteagmháil leo. Is féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeadh daoine sásta go bhfaigheadh grúpaí áirithe íocaíocht. Ach cé hiad na grúpaí áirithe? Ba é sin an t-údar conspóide in 2009. Is beag fianaise atá ann go bhfuil an scéal athraithe.

Ba iad iarArdeaspag Ard Mhacha, an Dr Robin Eames, agus Denis Bradley a bhí i gceannas ar an gCoimisiún trasphobail a chuir a thuairisc i láthair an phobail in 2009. Bhí roinnt eolais sceite roimh ré faoin íocaíocht a bhí á moladh agus é soiléir go mbeadh an ócáid corrach. Ní corrach go dtí é. Bhí daoine ag béicíl agus ag screadach san halla, go leor an-chorraithe faoin sainmhíniú ar íobartach.

Go ginearálta bhí aontachtaithe in éadan na scéime £12,000 a íoc le teaghlach gach marbhánaigh, náisiúnaithe toilteanach seans a thabhairt don bplean féachaint cé mar a d’oibreodh sé. Bhí Sinn Féin míshásta nár moladh Coimisiún faoi choimirce na Náisiún Aontaithe ach níor dhiúltaigh siad don aitheantas. Thug an DUP agus an UUP an t-eiteachas as éadan don íocaíocht. Bhi sé do-ghlactha, a dúirt Nigel Dodds, leascheannaire an DUP ag an am, go mbeifí á thabhairt le fios go raibh comhionannas morálta idir an naonúr a maraíodh i mbuamáil na Seanchille 1993 agus an buamadóir ón IRA a cailleadh san ionsaí freisin. Dúirt Reg Empey an UUP gur bhuille do gach duine a d’fhulaing le linn na dTrioblóidí ab ea an scéim íocaíochta.

Gach seans gurbh é an t-údar céanna atá le tost na gCéad-Airí faoin moladh is deireanaí. Bhí an sainmhíniú oifigiúil ar íobartach agus leagan amach na n-aontachtach ar an gceist ag teacht salach ar a chéile ón tús. Bheadh sé fíor-aisteach mura gcothódh an chontrárthacht sin easaontas idir Michelle O’Neill agus Emma Little-Pengelly.

Íocaíocht £10,000 a bheadh i gceist dá nglacfaí leis an scéim reatha. Thart ar 13,000 teaghlach ar maraíodh duine dá muintir a bheadh i dteideal an aitheantais, cuma cé na coinníollacha faoinar maraíodh an duine. Níl ach creatlach na scéime ag Coimisiún na nÍobartach go fóill ach ní féidir a thuilleadh oibre ar chaiteachas £130 milliún a dhéanamh gan beannacht na gCéad-Airí.

Ní dhéanfainn talamh slán de go bhfaighfear an bheannacht sin; is ceist íogair í. Tá go leor de theaghlaigh na marbh ar an ngannchuid nó ag dul in aois. Is cinnte go ndéanfadh £10,000 difríocht mhór ina saol. Beart daonnachtúil a bheadh ann do mhórán ach ní bheadh ann ach píosa amháin sna míreanna mearaí atá riachtanach chun an chóir a aimsiú dóibh sin uilig atá á hiarraidh.

Fág freagra ar 'Ceist íogair na n-íocaíochtaí d’íospartaigh na dTrioblóidí le freagairt go fóill'