Nuair a toghadh Donald Trump ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe den chéad uair deich mbliana ó shin bhí a fheachtas bunaithe cuid mhaith ar an nath ‘America First’. Bhí pobal na Stát Aontaithe spíonta ag cogaí idirnáisiúnta agus ról na tíre in áiteanna cosúil leis an Iaráic agus an Afganastáin. Ní hamháin gur gheall Trump go gcuirfeadh sé deireadh le páirtíocht na Stát Aontaithe i gcoimhlintí idirnáisiúnta ach gheall sé nach mbeadh an tír páirteach feasta i gconarthaí ná eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Chuaigh an mana agus an reitric a ghabh leis go mór i gcion ar an bpobal i Meiriceá. Chreid daoine an teachtaireacht go mbeadh na Stáit Aontaithe ceannasach arís le fealsúnacht MAGA.
Tá MAGA (Make America Great Again) fós láidir mar pholasaí agus tá na milliúin i Meiriceá a chreideann sa pholasaí agus sa ghluaiseacht.
Sin ainneoin Meiriceá a bheith gafa le cogadh san Úcráin, cogadh i nGaza, ionsaithe ar bháid sa Mhuir Chairib, gabháil uachtarán na Veiniséala agus bagairtí ar an nGraonlainn. Ní mó ná sásta atá sciar mór den phobal leis an Uachtarán Trump go háirithe agus an deacracht atá aige, is cosúil, aon dul chun cinn a dhéanamh faoi chostais mhaireachtála. Cén fáth, mar sin, an bhfuil sé tar éis cogadh eile a tharraingt air féin? Cén straitéis atá aige agus cén aidhm atá leis an gcogadh atá tosaithe ag Meiriceá agus Iosrael sa Mheánoirthear?
Mar chuid dá fhealsúnacht na Stáit Aontaithe a chur chun cinn agus a chosaint ar aon eagraíocht nó tionchar idirnáisiúnta chuir Trump deireadh le ról na Stát Aontaithe in iliomad conradh agus eagraíocht idirnáisiúnta. Tá sé tarraingthe amach as an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, comhaontú aeráide Pháras agus an comhaontú le smacht a chur ar fhorbairt airm núicléacha san Iaráin. Tá bagairtí rialta déanta aige tarraingt amach as NATO agus tá cáineadh fíochmhar déanta go minic aige ar an Eoraip agus easpa feidhme an Aontais Eorpaigh, mar a chítear dósan é. Iosrael agus an Rúis, an t-aon dá thír nach bhfuil mórán cáineadh déanta orthu le linn réimeas Trump go dtí seo.
Is cuma le tromlach phobal na Stát Aontaithe cén caidreamh a bhíonn ag an tír leis an gcuid eile den domhan. A saol féin agus a bpóca féin is mó a bhíonn ag déanamh tinnis dóibh. An fhad agus nach mbíonn saighdiúirí de chuid na Stát Aontaithe dá marú thar lear is amhlaidh a bhíonn siad ag maíomh as a ról mar chosantóirí ar an domhan. Níl ceachtar de na nithe sin fíor faoi láthair.
Tá cúrsaí eacnamaíochta, fostaíochta agus airgeadais dúshlánach. Tá saighdiúirí dá gcuid dá marú sa chogadh is déanaí a bhfuil siad páirteach ann. Agus tá fainic curtha ag Trump orthu gur dóigh go marófar tuilleadh.
Tá seo ar fad ag tarlú beagán le cois leathbhliana roimh na toghcháin lár téarma. Is gnáth leis an bpobal pionós a ghearradh i dtoghcháin lár téarma i ngach tír dhaonlathach ar domhan. Is cinnte go ndéanfaidh siad sin i Meiriceá i mbliana más fíor na comharthaí sóirt ar fad. Cén fáth, mar sin, cur le fearg agus patuaire an phobail? Léargas eile, b’fhéidir, ar chomh deacair agus atá sé aon ghníomh de chuid Donald Trump a léamh ná a thuiscint. Faraor, an domhan trí chéile a bhíonn thíos leis an gcur chuige céanna.
Pól Ó Braoin
Creidim go gcuirfidh an Trumpach deireadh leis an domhan ar fad sula ligfidh sé do na comhaid Epstein oscailt i gceart agus seans ann fianaise a thabhairt ina choinne féin. Tá faitíos orm faoin méid daoine a sheasann ar a shon faoi láthair ach beidh le feiceáil.
Fearn
Más fíor go bhfuil cuid de lucht MAGA ag cailliúint díograis, a Mháirín is beag de dhifear a dhéanfidh sé. Tá Trump cosúil le sípéar a bhfuair boladh is blas na fola, mar chumhacht gan srian. Maróidh sé na caoirigh atá sé in ainm a gcosanta. Tá an lasair sa bharrach cheana. Cruthóidh Trump géirchéim i ndiaidh géirchéime mar “iarraim cúis” ar anord a chur ar bun ar an saol chun a leas fhéin, cuma an dochar a dhéantar. Níl coinsias, comhairleoirí boird, daonlathas ná lucht breithiúnais aige a churfeadh cosc air. Agus ní fhágfaidh sé a ríchathaoir go toiliúil. Tá laethe scáfara romhainn.
Caoimhín Mac Luinge
Níl sé sin fíor gur “cuma le tromlach phobal na Stát Aontaithe cén caidreamh a bhíonn ag an tír leis an gcuid eile den domhan.” Ná déanaigí dearmad go curadh 50% de na vótaí in aighaidh Trump. Níor thaitin Trump i ndáiríre le 50% den 50% a thug a vóta dó ach an oiread; bhí siad míshásta le Kamala Harris, sin an méid. Lena chois sin, níor thug go leor duine vóta ar chor ar bith mar gheall ar an cabhrú a thug Joe Biden don chogadh sa Ghaza.
Peter
Cé chomh míshásta is atáid?
Thánadar amach ina gcéadta míle ag agóid i gcoinne Vítneam agus an Iaráic ach ní fheictear ach dornán beag ar na sráideanna anois.
Cad is bun leis an gclaochlú sin?
Traochadh? Fuarchúis? Bailitheacht? An idirlíon?
Ghéill Trump i Minnesota, tuige nach ndéanann siad an iarracht chéanna stop a chur leis an gcogadh damanta seo?