‘Tá an Ghaeilge mar a bheadh na péinteanna seo go léir agam nár phéinteáil mé riamh leo’ – Hozier

Deir an t-amhránaí, a bhfuil an Ghaeilge le cloisteáil ar a albam nua, go bhfuil seans linn nach raibh cultúr na nGael díothaithe ar fad mar atá go leor cultúr nár tháinig slán ó thionscamh an choilíneachais

‘Tá an Ghaeilge mar a bheadh na péinteanna seo go léir agam nár phéinteáil mé riamh leo’ – Hozier

Deir Hozier, an t-amhránaí iomráiteach as Cill Mhantáin, go bhfuil “go leor cúiseanna ann” gur bhain sé úsáid as an nGaeilge ar a albam nua Unreal Unearth.

“Féach, bhain cuid de le bheith ag an mbaile don bhliain sin, do na blianta sin, agus a bheith ag machnamh arís le linn na paindéime ar m’áit sa bhaile.

“Ach, ar deireadh thiar, teanga í an Ghaeilge a ndéanann go leor dínn in Éirinn staidéar uirthi ar feadh 12 bliain, agus is dócha go raibh mé sa riocht faoin tráth seo gur bhraith mé go raibh an pailéad fuaimeanna seo i mo bhéal agam, an pailéad iomlán fuaimeanna béil seo, an teanga iomlán seo a bhí mar fhoclóir agam agus í mar a bheadh scata uirlisí crochta ar an mballa agus gan aon úsáid in aon chor á baint agam astu.”

Tá go leor den chéad amhrán ar an albam ‘De Selby (Part One)’ i nGaeilge agus deir Hozier gurb amhlaidh gur ag éirí níos tábhachtaí atá an teanga dó féin ina shaol agus ina shaol mar chumadóir.

“Bhraith sé ceart. Déarfainnse cén fáth nach mbainfí leas as na huirlisí seo? Tá sé mar a bheadh na péinteanna seo go léir agam nár phéinteáil mé riamh leo.”

Amhrán é ‘Butchered Tongue’ a phléann an lorg a fhágann an coilíneachas ar dhaoine, ar áiteanna, ar chultúir agus ar theangacha agus ar an tuiscint a bhíonn ag an Éireannach agus é ag taisteal an domhain ar uafáis an choncais.

“Teanga fhíorálainn í [an Ghaeilge] agus an cur síos a dhéanann sí ar rudaí — go háirithe rudaí sa nádúr – cur síos é nach bhfuil ar fáil aon áit eile.”

Agus é ag taisteal i Meiriceá agus áiteanna eile, taibhsíodh don amhránaí go raibh seans linn nach raibh cultúr na nGael díothaithe ar fad, mar atá go leor cultúr eile. Cultúir áirithe, níl aon duine fágtha fiú chun insint duit fúthu, ar sé.

“Mar sin tá difríocht an-mhór ag baint lenar tharla d’Éirinn, mar in ainneoin a dheacra agus a dhúshlánaí is a bhí an stair sin, tá an t-ádh dearg linn ar go leor slite go bhfuil an méid atá againn i gcónaí fágtha againn, mar ní hé gach cultúr a tháinig slán ó thionscamh an choilíneachais.”

Rud í an Ghaeilge ar theastaigh uaidh riamh dul ag tochailt inti. Deir sé go bhfuil rud éigin difriúil ag tarlú i gcás na teanga faoi láthair.

“Baineann sé leis an rud sin – úsáid í nó caill í,” a deir sé leis an Irish Times.

Ar ‘To Someone From A Warm Climate (uiscefhuaraithe)’ deir Hozier go bhfuil an focal Gaeilge sin sa teideal lárnach ní hamháin don amhrán ach don tuiscint atá aige ar thábhacht na Gaeilge.

“Tá scraith áilleachta sa teanga nár thapaigh mé go dtí seo,” a dúirt sé.

“Tá an oiread sin nach féidir a chur in iúl ach sa teanga sin, tá acmhainn nach eol dúinn sa teanga le rudaí a rá. An rud iontach faoin nGaeilge gur teanga í a tháinig as cúraimí agus taithí saoil na ndaoine. Cuireann sí síos ar na rudaí ar féidir do lámh a leagan orthu sa nádúr, rudaí a dhéanann tú agus a mhothaíonn tú.”

Fág freagra ar '‘Tá an Ghaeilge mar a bheadh na péinteanna seo go léir agam nár phéinteáil mé riamh leo’ – Hozier'

  • Seán ÓM

    Iontach go deo go bhfuil sé féin ag baint úsáid as an nGaeilge mar chuid dá cheol.
    Ach nach trua go deo é go gcaithfear fáth a léiriú do na meáin Bhéarla agus fírinniú a thabhairt as úsáid na Gaeilge i 2023?
    Ní bhíonn aon fírinniú le tabhairt nuair a chastar amhrán i mBéarla. Níl sé sin féaráilte, ceart nó cóir.