Tá An Domhan Lár eipiciúil scóipiúil ach ní maith caracatúr an Éireannaigh

Sé The Lord of the Rings: The Rings of Power an tsraith theilifíse is costasaí riamh agus a rian san ar shnastacht an tsaothair. Ach ní maith an rian den characatúr Éireannach….

Tá An Domhan Lár eipiciúil scóipiúil ach ní maith caracatúr an Éireannaigh

Táthar ag maíomh go mbeidh The Lord of the Rings: The Rings of Power (Prime Video, Dé hAoine) ar an tsraith theilifíse is costasaí riamh agus tuairim is €1 billiún le caitheamh air.

Tá Amazon ar a dhícheall le tamall ag iarraidh teacht ar shaothar a dhéanfaidh é a fhéachaint le Game of Thrones le HBO. Ní fhéadfaí teacht ar chéile comhraic níos fearr. Go deimhin is amhlaidh gur eascair Westeros as an Domhan Láir ar shlí, óir gur admhaigh George R.R. Martin go raibh sé go mór faoi dhraíocht ag saothar Tolkien agus é ina óige.

Is cinnte go bhfuil comparáidí le rianú eatarthu; saothair fantaisíochta a dhéanann an draíocht agus an t-osnádúr a chniotáil le domhan a bhfuil cuma na seanaoise air.

Gan amhras is saothar níos geanmnaí agus níos cuibhiúla é saothar Tolkien. Ní chuireann Martin fiacail sa chaint thíriúil, sna radharcanna glinne foréigin agus sa nochtacht le cíocha is boid ar foluain ar fud na háite.

Ba chloch mhíle scannánaíochta a bhí i dtríológ Lord of The Rings a seoladh i dtosach na mílaoise. Thóg tríológ The Hobbit air sin ina dhiaidh sin cé nach raibh an bús céanna faoi. Anois táthar ag cur sraithe chugainn. Is naoi ngála atá sa chéad shéasúr ach is cinnte go mbeidh séasúir eile chugainn.

Ní haon leath-iarracht a bheidh anseo. Tá domhan na fantaisíochta athruithe ó bhonn ag GofT.

Seans go bhfuil goile an lucht féachana athruithe agus dúil acu i saothar níos tíriúla. An bhfuil An Domhan Lár rópháistiúil, saonta anois dúinn?

Bíodh sin mar atá táimid ar ais sa tsraith seo sa Domhan Láir na céadta bliain roimh eachtraí The Hobbit/The Lord of the Rings.

Tá cuma an airgid ar an saothar ceart go leor, cuma eipiciúil, scóipiúil ón tús. Cé go bhfuil Peter Jackson imithe táimid fós sa Nua-Shéalainn agus tá an tírdhreach chomh cuidsúlach is a bhí sé riamh.

Réamhscéal atá againn ach gan mórán trasnála. Tá an trasnáil is mó le feiscint i gcarachtar Galadriel (Morfydd Clark), an carachtar a bhí ag Cate Blanchett anallód.

Feictear í ina hóige agus í sa tóir ar an mbithiúnach úd Sauron nach raibh tásc ná tuairisc air leis na cianta.

Tá cuma na síochána agus an tsuaimhnis sna dúichí éagsúla. Tá suan na muice bradaí ann ón tús, áfach agus fios againn go bhfuil scrios le teacht. Déanann an chéad ghála an tslí a réiteach don scéal mór seo agus carachtair ó ar fud an Domhain Láir á gcur in aithne dúinn.

Gné aisteach, mhíchuí amháin den saothar a chur as dom ná an léiriú a deineadh ar mhuintir Harfoot, sinsear na Hobbit. Neacha leathshimplí a bhfuil cuma an tsalachair orthu agus canúintí gan dealramh Éireannacha acu. Ní caracatúr go dtí é. Gan aisteoir Éireannach ina measc agus, go bhfóire Dia orainn, an chanúint is fearr ag Lenny Henry.

Botún gan dealramh.

Is cinnte go bhfanfaidh mé leis an saothar go bun an angair ach cuirfidh na Harfoot-eanna pip orm agus ní dóigh liom go mbainfidh mé an súp céanna as agus a bhaineas as The Lord of the Rings.

Fág freagra ar 'Tá An Domhan Lár eipiciúil scóipiúil ach ní maith caracatúr an Éireannaigh'