Tá an colún seo á scríobh agam le méar amháin …

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: agus lúidín a dheasóige briste, bhain ár gcolúnaí triail as roinnt aipeanna caint-go-téacs

Tá an colún seo á scríobh agam le méar amháin …

Tá an colún seo á chló agam le méar amháin.

Bhris mé mo lúidín le gairid agus tá an chuid is mó de mo lámh dheas i bplástar. Faraor géar ní ciotóg mé, agus cé go bhfuilim buíoch gur féidir liom coinneáil orm ag obair, tógann gach rud a scríobhaim a thrí oiread ama orm.

Níl a fhios cá mhéad daoine a luaigh aipeanna caint-go-téacs liom ó bhris mé mo lúidín.

Le scéal fada a dhéanamh gairid: bhain mé triail as cuid acu, agus b’fhearr liom a bheith ag sclábhaíocht le méar fhada mo láimhe clé.

Níl feidhm caint-go-téacs WhatsApp ródhona ach níl sí gan locht ach oiread. Ní aithníonn sí m’fhoghraíocht den litir R, mar shampla, agus cuireann H ina háit. Lena chois sin, ní bhíonn an phoncaíocht thar mholadh beirte. I bhfocail eile: sách maith chun teachtaireacht a chur, ach déan dearmad ar alt a scríobh.

Anuas air sin uilig, ní féidir an Ghaeilge a roghnú mar theanga dheachtaithe in WhatsApp (nó is féidir ach theip ar mo chuid iarrachtaí.)

Tháinig Google aníos le haip thráchtála nó dhó a mhaíonn gur féidir leo caint i nGaeilge a athrú go téacs, ach bhí ort cuntas a chlárú agus íoc as tar éis tréimhse tástála, agus níor bhac mé leo.

ABAIR an tríú rogha ar tháinig Google aníos léi, aip urlabhra agus teanga don Ghaeilge a d’fhorbair an tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide, BÁC.

Tá ABAIR saor in aisce agus go deimhin aithníonn sí mo chuid Gaeilge, ach ar chúis éigin ní aithníonn sí ach giotaí gairide; níor éirigh liom frása níos faide ná naoi bhfocal a scríobh (‘liom frása níos faide ná naoi bhfocal a scríobh’ an toradh nuair a thaifead mé an abairt seo ar fad.)

Ar ndóigh ní féidir colún a scríobh ar an gcaoi sin ach oiread, gan trácht ar an eagarthóireacht a bheadh ort a dhéanamh ar an mbundréacht i gcás ar bith.

Ach is í an deacracht is mó le haon chur chuige caint-go-téacs, dar liom, ná go bhfuil difear bunúsach, ar leibhéal na mothúchán de, idir an chaint agus an scríobh.

Tarlaíonn rud éigin draíochtúil nuair a theagmhaíonn peann le páipéar nó méar le méarchlár. Meallann focal amháin focal eile agus líontar an spás bán.

Ag breathnú sa spás neamhdhraíochtúil romhat a bhíonn tú nuair a dhéanann tú iarracht abairt a chumadh ó bharr d’aigne gan cabhair ó pheann ná méarchlár. Abairt a bheidh ort a thaifeadadh go cúramach ansin, aird ar fhoghraíocht agus ar thuin do chuid cainte ionas go mbeidh an litriú agus an phoncaíocht i gceart. Cloiseann tú do ghlór féin. Éiríonn tú stadach agus cantalach.

Tá an intinn solúbtha agus tá mé cinnte de go n-éireodh liom mo chuid féin a dhéanamh den teicneolaíocht caint-go-téacs de réir a chéile mura mbeadh rogha eile agam, déithe na scríbhneoireachta idir mé agus an drochrud. Ach chomh fada agus a bheidh méar fhada mo láimhe clé agam, b’fhearr liom treabhadh liom ar an gcaoi sin.

Fág freagra ar 'Tá an colún seo á scríobh agam le méar amháin …'