Tá aithne mhaith agam ar Noel Grealish agus duine breá mórchríoch é

Duine ar bith a bhfuil eolas acu ar Noel Grealish tá a fhios acu nach sampla maith de chroí agus coinsias an fhir an méid a dúirt sé faoi lucht tearmainn, ach taitníodh nó ná taitníodh sé linn gheobhaidh mórán blas ar a chuid cainte

Tá aithne mhaith agam ar Noel Grealish agus duine breá mórchríoch é

An Teachta Dála Noel Grealish. Pictiúr: :RollingNews.ie

Bhí mé ag éisteacht leis an gcaint a rinne an Teachta Dála Noel Grealish in Uachtar Ard san oíche Dé Céadaoin seo caite.  Bhí mé ansin i measc an tslua.    Fiú agus gur tugadh ceann de na babhtaí bualadh bos ba mhó den oíche uilig dó shíl mé, ar an bpointe, go bhféadfadh a chuid cainte cáineadh a tharraingt air. 

Thug mé cuntas achomair ar a chuid cainte in alt ar Tuairisc.ie ina dhiaidh sin.

Dúirt mé gur léirigh Noel Grealish amhras faoin gcúis a raibh cuid den dream atá ag iarraidh tearmainn ag teacht go hÉirinn. Bhí a sheacht ndícheall déanta aige féin i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, a dúirt sé, tithe a fháil do dhaoine a bhí tagtha as an tSiria agus áiteacha a raibh géarleanúint déanta orthu.    

Ach bhfacthas dó go raibh daoine ag teacht go hÉireann freisin as tíortha áirithe agus iad ag iarraidh tearmainn ar chúiseanna “eacnamaíochta”. Bhí cuid acu ag “diúl ar an gcóras anseo”, dúirt sé. 

“Tá daoine ag teacht trasna anois as an Afraic go dtí an Eoraip”, a dúirt Noel Grealish “agus ní fhéadfá a rá gur ag éalú ó ghéarleanúint atá cuid acu.”

Dúirt an Teachta Dála go bhféadfadh sé go gcuirfí 300 duine isteach sa Connemara Gateway (óstán) dá mbeadh fáil ag an Roinn Dlí agus Cirt air agus nach mbeadh sé seo “i gclár nó i bhfoirm i mbaile beag ar nós Uachtar Ard”. 

Tá cáineadh nó caitheamh anuas ar dhaoine ar bhonn cine as bealach uilig go léir.  Ní dóigh gurb in é a bhí ar bun ag Noel Grealish cé go bhféadfadh a lorg sin a bheith ar chuid cainte an oíche cheanna i ngan fhios dó féin. Sin tuairim phearsanta de mo chuid féin agus tá aithne mhaith agam ar Noel Grealish agus ar chuid den teaghlach.

Ach taitníodh sé linn no ná taitníodh, tá go leor daoine atá ar an intinn chéanna le Noel Grealish faoin scéal seo uilig.  Creideann go leor daoine – Noel Grealish agus Teachtaí Dála eile freisin b’fhéidir – go bhfuil córas Stáit na tíre seo flaithiúil agus go dtagann daoine nach bhfuil géarleanúint pholaitiúil ar bith déanta orthu  anseo go hÉirinn ag lorg tearmainn. Creidtear go bhfuil sé sách éasca a dhul ag “diúl ar an Stát” anseo agus gurbh fhearr i bhfad níos mó d’airgead fóirithinte an Stáit seo a chaitheamh ar ár muintir féin.  Is dóigh gur gar do bhaile is cirte an charthanacht a thaispeáint ach ní shin le rá go bhfuil teorainn léi ansin.

Gan dabht, bhí Noel Grealish ró-bhéalscaoilte in Uachtar Ard.  Is ionadaí poiblí é agus tugtar aird ar leith ar a chuid cainte.  Ní hionann é agus daoine eile a déarfadh an rud a dúirt sé go príobháideach.

Thug mé suntas do chaint a rinne an tAire Stáit David Stanton faoin eachtra uilig.  B’fhearr leis go ngabhfadh Noel Grealish a leithscéal, a deir an tAire Stáit Stanton, ach san am céanna, níor cheap sé go raibh an chaint a rinne an Teachta Dála in Uachtar Ard ina shampla maith de chroí agus coinsias an fhir.

Cheapfainn go ndéarfadh duine ar bith a bhfuil eolas acu ar Noel Grealish an rud céanna.

Ó mo thaithí féin ar Noel Grealish is duine breá suáilceach agus mórchroíoch é.   B’fhéidir nach bhfuil cuid de na daoine atá ag teacht sa mullach go trom air faoi láthair chomh carthanach agus chomh grádiaúil leis. Níl a fhios agam.

Ní duine é a tógadh le rachmas ná le hairgead.  Bhí an saol sách crua aige ag éirí aníos dó.   Tá rud eile ag baint leis: déanann sé a dhícheall do dhaoine nach dtabharfaidh vóta dó go deo agus déanann sé a dhícheall i bpobail nach mbíonn mórán brabach aige orthu lá an toghcháin.

Gliceas? Ní duine mar sin é agus is dóigh gurb é sin a rug air in Uachtar Ard.

Caithfimid an cheist a chur freisin: an mbeadh fáilte ag cuid acu siúd atá ar an ar thalamh ard maorga na moráltachta roimh ghrúpa mór daoine a bheadh ag iarraidh dídine in aice leo?  An mbeadh fáilte acu roimh scéim tithe sóisialta gar dóibh, nó an mbeadh fáilte acu roimh scéim tithe don lucht siúil gar dóibh?   Nó an dtugann siad aon chúnamh le hionad níos cóiriúla a fháil ina gceantar féin do ghrúpa atá ag iarraidh dídine agus tearmainn?     

Is furasta a bheith ag caint ach is é an gníomh an cainteoir is fearr.

Ar an taobh eile den scéal, an bhfuil an iomarca amhrais agus faitíos ann roimh lucht tearmainn?

Is deacair sampla praiticiúil a bhualadh.  Téigh siar amach go hiarthar Chonamara.  Bhí na céadta in Ionad Dídine sa gClochán ar feadh i bhfad.  Bhí tithe cónaithe gar dóibh.  Ní cuimhneach liom go raibh aon drogall ar dhaoine rompu nó aon trioblóid neamhghnách ag baint leo.  Go deimhin d’fhan cúpla duine acu sa gceantar agus d’éirigh go maith leo ina dhiaidh sin.  Níl an tIonad ann anois,  ach sin sampla amháin a bhfuil eolas agam faoi.  An mbeadh sé mar sin i chuile áit? Cá bhfios?

Ar ndóigh, nuair a thugtar grúpa polaiteoirí le chéile mar a tugadh in Uachtar Ard an oíche cheana – agus na céadta lucht éisteachta ann – bíonn coimhlint pholaitiúil ann.   Cén toradh a bheidh ar chaint an Teachta Dála Noel Grealish sa gcás sin?

Ach an oiread le go leor eile – taitníodh sé linn nó ná taitníodh – bheadh sé chomh dóigh céanna go gcuideodh sé leis ó thaobh vótaí de.  B’fhéidir go bhfuil léamh eile ar an scéal ag na nuachtáin náisiúnta ach nach ndeachaigh siad sin féin amú go mór ar Pheter Casey i dtoghchán na huachtaránachta tar éis a raibh ráite aige faoi chuid den Lucht Siúil?

Fág freagra ar 'Tá aithne mhaith agam ar Noel Grealish agus duine breá mórchríoch é'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Alt spéisiúl tomhaiste ag Máirtín faoin conspóid a d’éirigh as an ráiteas poiblí a rinne an Teachta Noel Grealish in Uachtar Ard.

    In ainneoin an méid a deireann Máirtín faoin croí mór atá ag Noel san alt, bhí cuma ciníoch ar an ráiteas a rinne sé agus é ag díriú go háirithe ar Afraiceánaigh (daoine dubha, i súile an phobail) a bheith ag diúl ón stát.

    An rud deireannach a theastaíonn uainn sa tír seo ná polaiteoirí ar nós Noel Grealish agus Peter Casey ag tíocht amach le ráitis poiblí a fhéadfadh an ciníochas sa tír seo a fhadú. Is measa fós é más ar mhaithe le vótaí a bhailiú a déantar ráitis poiblí a bhfuil cuma an chiníochais orthu, ag cruinniú teasaí ar nós an ceann in Uachtar Ard.

    Is maith liom go núsáideann Máirtín sampla an tearmainn sa Chlochán, lena léiriú nach bhfuil mórán bunús leis an cur in éadan tearmann do theifigh, an fhad is a bheas na tacaíochtaí cuí ar fáil chomh maith. Dá mbeadh an cruinniú ann ar mhaithe leis na tacaíochtaí sin a éileamh agus a dheimhniú bheadh maitheas déanta ach b’é an trua go ndearna ráiteas Noel an cruinniú a chasadh i dtreo eile ar fad.

    Níor mhiste an cheist a chur ar Noel agus polaiteoirí eile faoi na milliúin as an tír seo a chuaigh ar imirce ar chúiseanna ‘eacnamaíochta’ agus a théann fós, cuid acu a théann go Meiriceá agus a fhanann ann gan chead? Bheadh sé spéisiúl a fháil amach cén dearcadh atá ag Noel ar Éireannaigh sna Stáit Aontaithe atá ann gan chead? Ar cheart do rialtas Trump iad a dhíbirt amach as an tír nó an bhfuil Noel ar cheann de na polaiteoirí a bhíonn ag iarraidh ar rialtas S.A.M. stádas dleathach a thabhairt do na hÉireannaigh gan an ‘Cárta Glas’?

    Ceapann Noel Grealish go bhfuil ‘daoine ag teacht trasna anois as an Afraic go dtí an Eoraip’ ar cúiseanna ‘eacnamaíochta’ agus ní ar chúiseanna géarleanúna ach nach géarleanúint é chomh maith a bheith fágtha gan slí bheatha i do thír féin? Ar an gcaoi céanna is gur imigh na milliúin as an Eoraip go Meiriceá ag éalú ó bhás den ocras san 19ú aois, is fearr dúinn a aithint go bhfuil daoine ón Afraic ag éalú ón ocras de bharr athrú aeráide agus is muide san Eoraip agus i Meiriceá is cúis le téamh an domhain.

  • Gabriel Rosenstock

    Gan dídean a bhí Íosagán nuair a tháinig sé ar an saol. An mbeadh fáilte roimh an nGiúdach beag crón sin in Uachtar Ard? Nó an ‘Críostaithe macánta na Siria amháin’ a ligfi isteach ann?

  • Treasa Ní Cheannabháin

    Shíl mise go raibh aithne agam ar Noel Grealish freisin. Is cinnte nach raibh is nach bhfuil an aithne chéanna ám air is atá ag Máirtín. De réir an méid a dúirt sé in Uachtar Árd ( níor luaigh tú é Mháirtín?) is Críostaí ón tSirria amháin a bhfuil fáilte ag Noel Grealish rompú! Feictear dhom fhéin gur measa é sin, go háirithe nuair a thuigeann muid gur Muslamaigh ós cionn 90% den tSirria!
    Ní aontaíonn éinne le ós cionn 300 eachtrannach a chuir in aon ionad amháin i mbaile beag nach bhfuil ann ach cúpla céad áitiúil. Níl sé sin ceart ná cóir do aon dream. Tá muintir na tíre seo glan in aghaidh cóiriú díreach, ( Direct Provision) ar aon bhealach, agus is cinnte nach dtárlódh sé in Uachtar Árd. Botún mór ón Rialtas, & má bhíonn éinne thíos leis seo sna vótaí is é Seán Kyne! Ba chóir don rialtas bheith treithdhearcach, ionraic & soiléir ina gcaidreamh leis an bpobal & níor thárla sé seo in Uachtar Árd.
    Is é an díomá is mó atá ormsa faoi seo uilig ná an ghaingaid & an ghráin a léirigh daoine ( cuid acu is cáirde & clann liom fhéin ?) don eachtrannach atá ag teitheadh cogaíocht nó ciapadh ina dtír fhéin.
    Níl aon ghlacadh ainn le cíníochas ná seicteachas sa tír seo, agus caithfear labhairt amach ina choinne go láidir, go háirithe ag tráth a bhfuil an Eite Dheis ag iarraidh an láimh in uachtar a fháil arís, agus leithéidí Donadl Trump sa Teach Geal & Boris Johnson in Uimhir 10.

  • Éoinín na nÉan

    Creidim nár dhúirt Noel Grealish ach an rud céanna a bhí in intinn chuid mhaith den slua ollmhór a tháinig amach ag an gcruinniú ach go mb’fhéidir nach raibh sé sách cliste ina chur i láthair. Tá a fhios ag an saol Fódhlach go bhfuil baile beag Uachtar Ard (agus aon bhaile eile i gceantar Chonamara) róbheag le haghaidh an méid sin daoine (is cuma creideamh ná cine) a shá isteach in aon ionad amháin agus gan dóthain áiseanna ann do mhuintir na háite féin mar atá sé. Má tá dualgas dlithiúil ar an rialtas glacadh leo, cén fáth nach bhfuil dualgas dlithiúil air breathnú amach dár ndideanaithe féin ar dtús?
    Cén fáth nach bhfuil na seirbhísí riachtanacha ar fáil dúinn mar atá dlite dúinn?
    Cén fáth go bhfuil ár ndaoine óga á ndíbirt isteach go cathair na Gaillimhe mar nach bhfuil Cead Pleanála á fháil acu ina gceantar féin?
    Tá sé thar am a bheith réalaíocht faoin droch-chaoi atá ar chúrsaí i gceantair thuaithe agus Ghaeltachta sa lá atá inniu ann.