‘Tá a cheol ó shin im’ chroí’ – oidhreacht shaibhir Liam Óg Uí Fhloinn

Ba mháistir críochnaithe ar cheird na píobaireachta é Liam Óg Ó Floinn a bhásaigh an tseachtain seo

‘Tá a cheol ó shin im’ chroí’ – oidhreacht shaibhir Liam Óg Uí Fhloinn

Pictiúr: Joe Dowdall/ITMA

Buille faoin gcroí do cheoltóirí na tíre seo agus ar fud an domhain ab ea scéal bhás an phíobaire Liam Óg Ó Floinn a chloisteáil. Bhí sé ina mháistir críochnaithe ar cheird na píobaireachta, ceird a thug sé go paiteanta leis ó laochra móra na glúine a chuaigh roimhe, Rowsome, Reck, Ennis agus Clancy.

Sna mílte focal ómóis atá scríofa sna meáin faoi Liam ó bhásaigh sé, is díol suime é an méid daoine a thagraíonn siar don chéad uair a chuala siad i mbun ceoil é. Is léir gur neomat cinniúnach ceoil é a chuaigh go smior iontu a bhí ann dóibh ar fad. I gcás an-chuid acu ba é seo an neomat céanna gur airíodar ton álainn aisteach na píbe uilleann den chéad uair riamh. Shiúil Liam Óg Ó Floinn amach ar stáitse an domhain mhóir mar bhall den sárghrúpa Planxty agus bhain sé geit as a gcuid éisteoirí leis an gceol a dhein sé ar uirlis nach raibh cloiste ná fiú feicthe ag a bhformhór acu go dtí sin. ‘Tabhair dom do Lámh’, ‘Planxty Irwin’, ‘Sí Beag Sí Mór’ na foinn is mó a shamhlaíonn an lucht leanúna idirnáisiúnta a bhí aige leis an ré órga sin.

Ach a leithéid d’oidhreacht agus de stór saibhir ceoil atá fágtha le huacht againn ag Liam Óg Ó Floinn. Pé teorainneacha a bhí ann sna seascaidí maidir le fás agus forbairt na huirlise agus an stór ceoil a ghabh léi, chabhraigh sé len iad a bhrú ar leataobh. Fágann sé mar oidhreacht againn ní hamháin an sárcheol a chas sé le Planxty ach na tionscadail cheannródaíocha a dhein sé le ceolfhoireann RTÉ, an Brendan Voyage agus le ceolfhoirne thar lear, an comhoibriú a rinne sé leis an bhfile Séamus Heaney, na fuaimrianta, an obair raidió agus theilifíse agus an t-iliomad taifead agus albam.

Ambasadóir den scoth don phíb uilleann ab ea Liam. Tháinig borradh as cuimse faoi phróifíl náisiúnta agus idirnáisiúnta na huirlise sin le linn a shaoil. Bhí Liam sna luathsheachtóidí nuair a fuair sé bás agus is díol suntais nach mór é líon na bpíobairí eile a bheadh ar a chomhaois. An chúis atá leis sin ná gur bhain Liam le glúin a d’fhás aníos nuair a bhí an phíb uilleann i ndeireadh na feide. Ach féach anois ar an aitheantas a bhronn UNESCO ar an bpíb mar sheod de chuid chultúr an domhain le déanaí, ar Scoil Samhraidh Willie Clancy, agus ar na sluaite píobairí óga a chuireann isteach ar na Fleadhanna na laethanta seo. Bhí lámh ag Liam sa gclaochlú sin, é féin agus fathaigh mhóra eile cosúil le Breandán Breathnach agus lucht na heagraíochta a bhunaigh Na Píobairí Uilleann.

Má bhí an saol mór fé dhraíocht ag ceol Uí Fhloinn, ba sheacht n-uaire níos mó ná sin an draíocht a chuir Liam ar a chomhphíobairí anseo agus timpeall an domhain. Amhail is dá mba fé gheasa sinn, dheineamar dianéisteacht le gach nóta a tháinig uaidh. Bhíomar ag iarraidh bheith istigh a fháil ar mhaorgacht na rithime sin a bhí aige, ar an tocht agus ar an spéireachas atá le brath ina chuid píobaireachta, ba chuma an foinn mhalla nó foinn thapa rince iad.

Beidh cuimhne ar feadh i bhfad agam féin ar an gcéad uair ar chuala mé féin Liam Óg Ó Floinn agus é ag casadh ar an bpíb uilleann. Mar a deir an Ríordánach i ndán dá chuid ‘Tá a cheol ó shin im’ chroí.’

Ar dheis lámh Dé go raibh a anam uasal.

Is píobaire agus léachtóir in Ollscoil Luimnigh í Máire Ní Ghráda

Fág freagra ar '‘Tá a cheol ó shin im’ chroí’ – oidhreacht shaibhir Liam Óg Uí Fhloinn'

  • An Teanga Bheo

    Laoch den scoth agus agus go raibh ceol na bpíb go buan linn is brónach muid gan é inniu !