Tá 500 teanga sa Nigéir ach tuigeann gach éinne ann an focal wahala 

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, lucht agóidíochta ag troid in aghaidh ár bhféinscriosta sa Nigéir agus fear 170 bliain d’aois san India

Tá 500 teanga sa Nigéir ach tuigeann gach éinne ann an focal wahala 

Wahala
Grianghraif le Robin Hinsch
Téacsanna le Moritz Frischkorn & an Dr Sophie Charlotte Opitz
Toisí: 245 x 300mm
128 lch, 64 íomhá
Crua
ISBN 978-1-910401-70-5
Luach: £40
Foilsithe ag Gost Books

(Sa Nigéir)

Tá os cionn 500 teanga á labhairt sa Nigéir amháin ach tuigeann gach éinne ann an focal wahala (teideal an leabhair seo), a chiallaíonn ‘fadhb’. Agus an fhadhb atá á cíoradh sa leabhar seo ná amhábhar á bhaint i gceantair éagsúla ar fud an domhain; na daoine atá ag brath ar na mianaigh agus céatadán suarach den saibhreas ag dul isteach ina bpóca féin; lucht agóidíochta ag troid in aghaidh ár bhféinscriosta agus mar sin de.

Agóid i bhForaois ársa Hambach na Gearmáine

Creid é nó ná creid!

Uaireanta seasann grianghraf amach ní toisc gur sárghrianghraf ann féin é ach ar an gcúis go mbaineann iontas éigin leis. Is grianghraf iontach é seo mar is duine iontach atá ann, creid é nó ná creid.

Hanuman Das Baba ab ainm dó. Ar shlí na fírinne atá sé anois. Tógadh na grianghraif seo in Vrindavan na hIndia, baile beannaithe. Fiafraíodh de cén aois a bhí sé agus dúirt sé gur déagóir óg ab ea é nuair a throid an Bhanríon Jhansi Rani in aghaidh na Sasanach.

Fágann sin go raibh sé 170 bliain d’aois(!) nuair a tógadh na grianghraif seo de.

Nuair a thit a chuid fiacla go léir amach, d’fhás cíor fiacla nua ina n-áit. Tarlaíonn sé sin uaireanta, de réir dealraimh, do dhaoine atá os cionn 100 bliain d’aois.

Fág freagra ar 'Tá 500 teanga sa Nigéir ach tuigeann gach éinne ann an focal wahala '