Suim bhreise á cur ag daoine sa Ghaeilge le linn na paindéime – figiúirí nua

Thug beagnach duine as gach seachtar ó dheas agus duine as gach deichniúr ó thuaidh faoi deara go raibh siad ag úsáid Gaeilge nó ag foghlaim Gaeilge ar líne níos mó le linn na dianghlasála

Suim bhreise á cur ag daoine sa Ghaeilge le linn na paindéime – figiúirí nua

Deir 15% den phobal ó dheas agus 11% den phobal ó thuaidh le fios gur chuir siad níos mó suime sa Ghaeilge le linn na paindéime ná mar a rinne siad roimhe sin.

I bpobalbhreith a rinne an comhlacht taighde margaíochta Kantar do Chonradh na Gaeilge, thug beagnach duine as gach seachtar ó dheas agus duine as gach deichniúr ó thuaidh faoi deara go raibh siad ag úsáid Gaeilge nó ag foghlaim Gaeilge ar líne níos mó le linn na dianghlasála.

Dúirt 64% ó dheas nár chuir siad aon suim bhreise sa Ghaeilge le linn na tréimhse sin agus 72% a bhí i gceist ó thuaidh.

I rith na dianghlasála thug mé faoi deara gur bhain mé úsáid as níos mó Gaeilge ar líne, ar na meáin shóisialta, i rang Gaeilge nó eile

Tuairiscíodh mí na Nollag 2020 go raibh an Ghaeilge ar an teanga is mó fás ar an aip Duolingo. Dúradh go raibh os cionn milliún duine ag foghlaim na Gaeilge gach seachtain ar an aip agus go raibh an teanga ar an 16ú teanga is mó tóir i measc chainteoirí Béarla.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur thug an dianghlasáil deis do dhaoine scileanna nua a fhoghlaim.

“Is dócha go raibh deiseanna breise ag daoine tabhairt faoi rudaí éagsúla i rith na dianghlasála agus gur chuir sciar suntasach den phobal thuaidh agus theas spéis sa teanga, gur thug siad faoi rang Gaeilge nó imeacht Gaeilge nó gur úsáid siad an Ghaeilge ar líne. Chabhraigh an teicneolaíocht chomh maith agus tá go leor leor daoine breise ag foghlaim na Gaeilge ar líne anois.”

Deir de Spáinn gurb é an dúshlán atá ann anois na daoine a léirigh an spéis nua seo sa teanga a choinneáil sáite sa Ghaeilge.

“Ba chóir iarracht faoi leith a dhéanamh anois leis an dream nua seo a chuir spéis sa teanga a spreagadh le leanúint léi agus daoine breise a mhealladh isteach i gcónaí.”

Tugadh le fios sa phobalbhreith gur mhaith le beagnach duine as gach beirt ó dheas agus duine as gach ceathrar ó thuaidh an deis a bheith acu Gaeilge a labhairt níos minice.

Dúirt 48% ó dheas agus 27% ó thuaidh gur mian leo níos mó Gaeilge a labhairt. Nuair a cuireadh na daoine a bhí gan tuairim ar an gceist as an áireamh, beirt as gach triúr ó dheas agus duine as gach triúr ó thuaidh a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt níos minice.

Ba bhreá liom deis a fháil Gaeilge a labhairt níos minice

Tá príomhthorthaí phobalbhreith Kantar do Chonradh na Gaeilge á bhfoilsiú go heisiach ag Tuairisc.ie mar shraith scéalta an tseachtain seo.

Roghnaíodh 2,026 duine don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagan síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh san áireamh ‘claonadh reiligiúin’ ó thuaidh. Bhí roinnt chothrom ar lucht an tsuirbhé, leath acu ó thuaidh den teorainn agus agus an leath eile ó dheas di. Corrlach earráide de +/- 3.1% a bheadh i gceist le suirbhé ar an scála seo.

Fág freagra ar 'Suim bhreise á cur ag daoine sa Ghaeilge le linn na paindéime – figiúirí nua'