Súil siar ar 2014 le…Liadh Ní Riada

Labhair Tuairisc.ie le Liadh Ní Riada, Feisire Eorpach le Sinn Féin, faoi na cuimhní atá aici ar 2014

 

8/2/2014. Sinn Fein Ard Fheis

Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2014?

An chuimhne is mó? An feachtas tógcháin gan dabht. Mo dheartháireacha agus Cor Chúil Aodha ag canadh ‘Mo Ghile Mear’ nuair a fuaireas an suíochan Eorpa tar éis do 125 míle duine uimhir 1 a thabhairt dom. Dochreidte.

Céard é an leabhar is fearr atá léite agat i 2014?

Leabhar – Hanging With the Elephant, le Michael Harding. Seanchara liom.

Cad é an scannán is fearr atá feicthe agat i 2014?

Maleficent, i dteannta mo pháistí

An bhfuil aon chúis aiféala ort maidir le 2014?

Cúis aiféala? Ní chreidim san aiféala – tá an saol róghairid.

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort i 2014?

Nell Ní Chroinín ag buachtaint Corn Uí Riada. Hup!

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort i 2014?

Cruatan agus bochtanas na tíre; frustrachas an phobail leis an rialtas, go háirithe iascairí agus mná.

Céard an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana?

Ní leor seacht lá sa tseachtain! Is seod luachmhar é am.

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2014?

Rúin – Ní chreidim iontusan ach oiread – mar a deirtear i mBéarla ‘man plans, God laughs’!

Fág freagra ar 'Súil siar ar 2014 le…Liadh Ní Riada'