Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2014?
Is í an chuimhne is mó atá ‘am ná an fás agus an fhorbairt atá déanta ag mo chailín beag. Páiste a bhí inti an t-am seo anuraidh agus cheapfainn go gceapann sí fhéin anois go bhfuil sí ar comhaois liomsa nó níos sine fiú!
Céard í an leabhar is fearr atá léite agat i 2014? Céard é an scannán is fearr atá feicthe agat i 2014?
Rocky Rocmuc an leabhar is fearr a léigh mé i mbliana. Cé go bhfuil dhá chóip di sa teach le bliain, níor éirigh liom í a léamh uilig go dtí an tseachtain seo caite!
Níor éirigh liom dul isteach ag na pictiúir oiread is uair amháin i mbliana!
An bhfuil aon chúis aiféala ort maidir le 2014?
Is í an chúis aiféala atá orm ná nach ndearna mé mo dhóthain cuairtíochta i mbliana. Is breá liom gabháil isteach ag teach, comhrá breá a bheith agam le comharsa faoi chúrsaí an tsaoil agus blogam tae a ól. Déanfaidh mé mo dhícheall níos mó dhó sin a dhéanamh sa mbliain nua.
Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort i 2014?
Is é an scéal is mó a chuir áthas orm ná bunú Tuairisc.ie
Céard é an scéal is mó a chuir brón ort i 2014?
Faraor, bhí roinnt mhaith scéalta a chuir brón orm i mbliana ach cheap mé go raibh ráig Ebola an-bhrónach. Ghoill sé go mór orm nuair a d’fheicfinn na gasúir bhochta ag fulaingt nó fágtha gan athair ná máthair. Ach níl anseo ach sampla amháin. Faraor, d’fhéadfainn liosta fada a scríobh amach.
Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2014?
Is é an rud is mó a d’fhoghlaim mé ná neart codlata a bheith ag duine. Bíonn daoine ag magadh fúm ag rá gur “seanbhean” mé mar go maith liom a bheith sa leaba ag am faoi leith ach ní bhuailfeadh an diabhal é!
Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2014?
Cheapfainn gur éirigh liom na rudaí a bhí mé ag iarraidh a bhaint amach a dhéanamh agus má d’fhág mé tada ar lár, tá bliain fhada eile amach romham le cúnamh Dé.
Fág freagra ar 'Súil siar ar 2014 le…Fíona Ní Fhlaithearta'