Súil le 55 post don Ghaeltacht agus €34,000 ceadaithe do Chomhlacht Forbartha Áitiúil Acla ag cruinniú an Údaráis

Tá súil ag Údarás na Gaeltachta go gcruthófar 55 post nua sna tograí a ceadaíodh ag cruinniú de chuid an Bhoird inné. Ceadaíodh deontas freisin do thogra turasóireachta i nGaeltacht Mhaigh Eo

udaras_051-1024x6811

Tá Údarás na Gaeltachta ag súil go gcruthófar 55 post nua nuair a bheidh tograí a ceadaíodh ag cruinniú de chuid an Bhoird inné faoi lánseol.

Tá infheistíocht de €7.38m, idir airgead a thiocfaidh ón Údarás agus óna comhlachtaí féin, beartaithe sna tograí nua seo. Níl aon eolas breise ar fáil i láthair na huaire faoi líon na dtograí a ceadaíodh nó cé na poist a chruthófar iontu.

Ceadaíodh freisin ag an gcruinniú deontas os cionn €34,000 do Chomhlacht Forbartha Áitiúil Acla Teo le cabhrú leis an gcomhlacht acmhainní agus ábhar a fhorbairt le táirge nua oidhreachta a fhorbairt dírithe ar thurasóirí a thagann chuig Gaeltacht Mhaigh Eo. 

Dúirt urlabhraí de chuid an chomhlachta le Tuairisc.ie inniu go bhfuil “lúcháir” orthu gur ceadaíodh an deontas agus go rachaidh sé go mór chun tairbhe an togra turasóireachta.

Caithfear an deontas ar fhorbairt ‘off-line tablet experience’ – beidh turasóirí in ann taibléid a thógáil ar iasacht ón ionad teanga agus turasóireachta in Acaill agus turas féintreoraithe a thabhairt timpeall an oileáin.

“Beidh roinnt mhaith taibléidí ar fáil san ionad nua agus beifear in ann an turas a thabhairt i mBéarla nó i nGaeilge. Phléigh muid aip a dhearadh agus a chur ar fáil ach is mór an trioblóid é glao fóin a dhéanamh thiar anseo gan caint ar shonraí móibíleacha a úsáid d’aip den chineál sin.

“Mar sin bheartaigh muid gurb é an cinneadh ab fhearr ná uirlis a chur ar fáil nach dteastódh an t-idirlíon lena haghaidh. Beidh an t-eolas uilig faoi stair agus cultúr an cheantair ar na taibléidí,” a dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Súil le 55 post don Ghaeltacht agus €34,000 ceadaithe do Chomhlacht Forbartha Áitiúil Acla ag cruinniú an Údaráis'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá súil agam nach seo Údarás na Gaeltachta ag caitheamh tuilleadh airgid ar thogra a bheas a fhógairt, a reachtáil agus a riaradh tré mheán an Bhéarla.

    Bheinn ag moladh an leagan Gaeilge den t-eolas ‘turasóireachta’ seo bheith saor in aisce agus táille breá gearrtha ar an leagan Béarla.

    Nár cheart do phobal na Gaeltachta bheith ag mealladh turasóirí Gaeilge chun na Gaeltachta? – nó iad siúd a bhíonn ag iarraidh a gcuid Gaeilge s’acu a fheabhsú?

    Leoga, ní fheicim cad chuige ar cheart d’eagraisí pobail Gaeltachta (a fhaigheann maoiniú ón stáit agus ón Aontas Eorpach) bheith ag cuir rud ar bith ar fáil i mBéarla nó i dteanga ar bith eile diomaite den Ghaeilge. Má bhíonn sé beartaithe ag turasóirí Béarla theacht go dtí’n Gaeltacht bíodh eolas ar fáil daofa TOABH AMUIGH den Ghaeltacht agus bíodh táille gearrtha ar cibé eolas a bhíonn uathu.

    Nach í an Ghaeltacht tearmann na Gaeilge? Agus nach bhfuil an Ghaeltacht ansin do phobal na Gaeilge agus daofa siúd a bhfuil meas acu ar an teangaigh dúchais? Agus nach bhfuil muid ag iarraidh ar státsheirbhísigh theacht go dtí’n Gaeltacht lena gcuid Gaeilge a fheabhsú?

    Nach bhfuil an t-ádh orainn go bhfuil a leithéid ann go fóill – ach ní mhairfidh sí i bhfad eile mar choinnítear ag tarraingt Béarlóirí chun na háite..