Súil ag Uachtarán na hÉireann le plé ‘dáiríre’ le linn Bhliain na Gaeilge faoi ‘na dúshláin’ atá roimh an teanga

Tá ráite ag Uachtarán na hÉireann gur chóir dianmhachnamh a dhéanamh ar cad a bheadh ‘i ndán don teanga’ dá leanfaí ‘leis an chur chuige a bhí ann go dtí seo’

Súil ag Uachtarán na hÉireann le plé ‘dáiríre’ le linn Bhliain na Gaeilge faoi ‘na dúshláin’ atá roimh an teanga

Tá súil ag Uachtarán na hÉireann go ndéanfar plé “dáiríre” ar “na dúshláin” atá roimh an nGaeilge le linn Bhliain na Gaeilge.

Ag labhairt dó i mBaile Bhuirne Co. Chorcaí ag an deireadh seachtaine, agus é ag seoladh Fianna Éireann, saothar nua inar chuir an ceoltóir aitheanta Peadar Ó Riada ceol le dánta leis an Moinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta, nach maireann, tharraing an tUachtarán aird arís ar an nganntas múinteoirí Gaeilge. Mhol an tUachtarán athuair gur chóir smaoineamh ar choláistí oiliúna múinteoireachta a bhunú sa Ghaeltacht.

Dúirt an tUachtarán, atá ina éarlamh ar Bhliain na Gaeilge, go raibh súil aige go dtabharfaí “an tacaíocht chuí” do Bhliain na Gaeilge ag gach leibhéal den státchóras agus go dtacódh polaiteoirí agus oifigigh shinsearacha go háirithe léi.

“Agus muid ag ceiliúradh caithfimid ag an am céanna dianmhachnamh a dhéanamh ar cad atá i ndán don teanga má leanann muid leis an chur chuige [a bhí ann] go dtí seo.

“Tá deacrachtaí agus dúshláin romhainn in an iliomad gnéithe den saol, sna Gaeltachtaí, sa chóras oideachais, san earnáil phoiblí. Caithfidh muid an deis seo a thapú aghaidh a thabhairt ar na dúshláin, ar mhaithe na teanga.”

Dúirt sé gur cheart “athbhreithniú” a dhéanamh ar an gcinneadh na coláistí oiliúna múinteoirí a bhíodh a sa Ghaeltacht a dhúnadh.

“Tá súil agam go ndéanfar plé dáiríre ar na ceisteanna seo i rith na bliana seo nuair atá aird an phobail á díriú ar staid na Gaeilge,” ar sé.

Ag labhairt dó ag Scoil Cheoil an Earraigh, a bhí ar siúl ar an mBuailtín an mhí seo caite, dúirt an tUachtarán chomh maith gur chóir smaoineamh ar choláistí oiliúna múinteoireachta a athbhunú sa Ghaeltacht le dul i ngleic leis an nganntanas múinteoirí Gaeilge.

Dúirt an tUachtarán an uair sin go raibh sé “fíorthábhachtach” go dtabharfaí dea-shampla ó thaobh labhairt na Gaeilge ach go gcaithfeadh an sampla sin teacht ó státseirbhísigh shinsearacha ar chóir dóibh baill foirne “a mhealladh” chun seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.

“Níl aon mhaitheas cúpla duine mar mé féin a bheith ag caint, nó fiú amháin an Taoiseach féin a bheith ag déanamh iarrachta faoin nGaeilge. Tá sé tábhachtach go mbeadh na ranna stáit agus an tseirbhís phoiblí [i gceist],” a dúirt Uachtarán na hÉireann.

Dúirt an tUachtarán an mhí seo caite leis go raibh sé “intuigthe go bhfuil cearta i gceist” le soláthar seirbhísí poiblí i nGaeilge, ach go raibh sé tábhachtach chomh maith go gcuirfí na seirbhísí sin ar fáil “gan brú a chur ar aon duine” agus “mar rud nádúrtha a bhaineann lenár n-aitheantas mar náisiún agus mar phobal”.

Fág freagra ar 'Súil ag Uachtarán na hÉireann le plé ‘dáiríre’ le linn Bhliain na Gaeilge faoi ‘na dúshláin’ atá roimh an teanga'

  • Mánus

    Cén fáth Coláiste oiliúna múinteoirí a lonnú sa nGaeltacht? Cén “Gaeltacht”? Ní “fixed constant” atá sa “nGaeltacht” níos mó. Tá ceist mhór faoi inmharthanacht na teanga mar theanga phobail fiú sna ceantracha Catagóir A.
    Tá an mhúinteireacht titithe síos an dréimire sa mhargadh oibre agus ní job chomh tarraingteach í a thuilleadh. Dá bhrí sin beidh sé deacair coláiste lánGhaeige a lîonadh. Nach fearr coláiste oilIúna lánGhaeilge a lonnú i mbaile mór ina mbeadh seirbhísí agus saol sóisialta ar fáil seachas i nGulag tuaithe ar nós Coláiste Íosagáin i mBaile Bhúirne?