Súil ag lucht na heite clé a léiriú gur féidir leo tarraing le chéile arís

Ní hionann a bheith ag tacú le hiarrthóir amháin i bhfeachtas uachtaránachta agus a bheith ag tacú le hiarrthóir i bhfothoghchán

Súil ag lucht na heite clé a léiriú gur féidir leo tarraing le chéile arís

An éireoidh leis an eite chlé an chomhghuaillíocht a chuir siad le chéile don toghchán uachtaránachta a choinneáil le chéile do na fothoghcháin san earrach. Ó tharla an clampar ag tús na bliana faoi chomhdhéanamh an rialtais nua agus cearta urlabhra do neamhspleáigh ar leith, tá cuma mhaith curtha ag na páirtithe ar an eite chlé orthu féin agus iad tagtha le chéile go rialta le cur in aghaidh bearta de chuid na rialtais. Tháinig siad le chéile arís le tacú le Catherine Connolly sa bhfeachtas toghchánaíochta sa bhfómhar.

Níl amhras ar bith ach gur chuir na páirtithe a gcroí sa bhfeachtas sin ach ní hionann a bheith ag tacú le hiarrthóir amháin i bhfeachtas do ról nach bhfuil mórán cumhachta ag baint leis agus a bheith ag tacú le hiarrthóir i bhfothoghchán a bhféadfadh gach polasaí náisiúnta agus áitiúil a bheith á phlé le linn an fheachtais

Tá iarrachtaí ar bun ag an eite chlé i nGaillimh Thiar na páirtithe seachas Sinn Féin a aontú don fheachtas le suíochán an Uachtaráin Connolly a líonadh. Bíonn rath ar neamhspleáigh agus iarrthóirí ar an eite chlé sa dáilcheantar seo. Is í Mairéad Farrell a bhí ar cheann an chomhairimh san olltoghchán anuraidh. Thug Catherine Connolly an dara suíochán den eite chlé léi agus an dara suíochán neamhspleách, tá Noel Grealish tofa mar neamhspleách anseo le fada an lá. Ceann ag Fianna Fáíl agus ceann ag Fine Gael an dá shuíochán eile. Ach, mar is eol dúinn ar fad ní hionann fothoghcháin agus toghcháin eile.

Tá suíochán anseo do Shinn Féin má tá iarrthóir acu. Mura n-éiríonn leo duine aitheanta a aimsiú a bheidh in ann vótaí sa gcathair agus i gConamara a thabhairt leo, b’fhéidir nach mbeadh sé éasca orthu. Ní bheidh siadsan róshásta má thagann na páirtithe agus grúpaí eile sa dáilcheantar ar aontú dá n-uireasa féin.

Tá ceannaire Fhine Gael sa Seanad, Seán Kyne anseo – tá drogall air a dheimhniú an mbeidh sé san iomaíocht sa bhfothoghchán. Ghoill toradh an olltoghcháin anuraidh go mór air agus ní mór a fhiafraí an bhfuil dhá shuíochán don pháirtí sa dáilcheantar. Tá aireacht shinsearach ag a chomhghleacaí anois freisin rud a thabharfaidh ainm níos mó di. Ní féidir milleán a chur ar Sheán Kyne a bheith ag déanamh a mhachnaimh faoina ainm a scaoileadh chun cinn.

Beidh deacrachtaí ag Fianna Fáil iarrthóir a aimsiú freisin agus an méíd atá ráite ag Gráinne Seoige faoina míshástacht féin leo sa toghchán anuraidh. Tá go leor sa bpáirtí ag fanacht freisin le freagraí ar an athbhreithniú faoin toghchán uachtaránachta agus míshásta lenar tharla ansin.

I mBaile Átha Cliath Láir is triúr teachtaí den eite chlé a bhí in éineacht le Paschal Donohoe sa Dáil. Mura n-éiríonn leis na páirtithe móra an feachtas a throid ar an mbunús nach mbeidh aon ionadaithe ag lucht tacaíochta Fhine Gael ná Fhianna Fáil má thoghtar iarrthóir de chuid na heite clé, ba chóir go mbeadh vóta láidir anseo ag Sinn Féin, sin mura n-éiríonn le Gerry Hutch teacht aniar aduaidh orthu ar fad.

An cheist mhór agus comhghuaillíocht den eite chlé á plé i dtoghchán Dála ná an mbeidh na páirtithe in ann aontú go cinnte ar cheisteanna polasaí a chuirfidh siad os comhair na ndaoine sna fothoghcháin. Ní hionann ach an oiread a bheith ag gealladh aontais ar cheisteanna áitiúla.

Má tá rath le bheith ar an gcomhghuaillíocht agus iad ag iarraidh ullmhú d’olltoghchán ina mbeidh malairt comhrialtais á thairiscint, caithfidh siad a bheith ábalta cumas comhoibrithe agus comhordaithe a léiriú. Tá cleachtadh anois ag an bpobal ar chomhrialtas idir na páirtithe traidisiúnta ina mbíonn siad ar aon fhocal níos minice ná a mhalairt agus roghnaigh siad an athuair iad ag deireadh 2024, fiú agus iad míshásta le gnéithe áirithe dá gcuid oibre. Inseoidh na seachtainí tar éis na Nollag go leor dúinn faoi na feachtais a throidfear i nGaillimh Thiar agus BÁC Láir in 2026.

Fág freagra ar 'Súil ag lucht na heite clé a léiriú gur féidir leo tarraing le chéile arís'