Stop curtha le bagairt stailce phíolótaí Ryanair ag urghaire cúirte

Bagairtí d’eitiltí Ryanair fós sa Bhreatain agus sa Phortaingéil ag aighnis eile

Stop curtha le bagairt stailce phíolótaí Ryanair ag urghaire cúirte

Tá cosc curtha ag an Ard-Chúirt leis an stailc a bhí bagartha amárach agus Dé hAoine ag cuid de phíolótaí Ryanair atá lonnaithe ag aerfort Bhaile Átha Cliath.

Cheadaigh an Breitheamh Denis McDonald an urghaire do Ryanair inniu in aghaidh eagraíocht na bpíolótaí, IALPA, atá ina cuid den cheardchumann Forsa, agus atá ag éileamh feabhas ar phá agus coinníollacha oibre dá baill san aerlíne.

Vótáil tromlach den 180 píolóta, ar baill iad de IALPA, dul ar stailc ar feadh 48 uair an chloig mar thaca lena n-éilimh ar Ryanair. 

Beidh feidhm leis an urghaire atá ceadaithe ag an mBreitheamh McDonald go dtí go mbeidh éisteacht iomlán sa chás san Ard-Chúirt.

Dúirt foireann dlí Ryanair leis an gcúirt níos túisce gur sárú ar chomhaontú a rinneadh anuraidh idir an comhlacht agus na píolótaí a bheadh sa stailc a bhí bagartha. Thángthas ar an chomhaontú sin anuraidh tar éis d’iarChathaoirleach an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre, Kevin Mulvey, idirghabháil a dhéanamh in aighneas idir an comhlacht agus na píolótaí.

Dúirt Ryanair leis an gcúirt chomh maith nach raibh aon aighneas ‘bailí’ idir iad féin agus an ceardchumann agus gur d’aon ghnó a roghnaíodh dátaí na stailce le hoiread dochair agus a d’fhéadfaí a dhéanamh do ghnó na haerlíne. Dúradh go raibh iarrachtaí ar siúl ag píolótaí eile de chuid na haerlíne sa Bhreatain dul ar stailc ar na dátaí céanna.

Dúirt foireann dlí an cheardchumainn leis an gcúirt go raibh an stailc a bhí beartaithe acu ag teacht go hiomlán le rialacha an cheardchumainn agus le dlí na tíre i dtaca le cúrsaí caidreamh tionsclaíoch.

Dúradar go raibh siad i mbun aighnis leis an gcomhlacht faoi chúrsaí pá ó mhí Márta agus nár bhain an cás le comhaontú na bliana anuraidh. Bhain an t-aighneas le grádú na bpíolótaí ina gcuid oibre, le saoire bhliantúil agus leis na lárionaid ina bhfuil siad lonnaithe, a dúirt siad.

Chinn an breitheamh an urghaire cúirte a cheadú ar bhonn eatramhach, ag cur cosc ar an stailc go n-éistfí an cás ina iomláine san Ard-Chúirt.  

Idir an dá linn, tá urghaire cúirte eile á lorg ag Ryanair san Ard-Chúirt i Londain le bac a chur ar stailc eile atá beartaithe ag píolótaí ansin amárach, Dé hAoine agus ar laethanta eile i dtús Mheán Fómhair.

Chuir baill foirne cábáin de chuid Ryanair sa Phortaingéil tús inniu le stailc cúig lá, ach níl aon mhoill curtha ar eitiltí de chuid an chomhlachta ó phríomh-aerfoirt na tíre sin fós de bharr na stailce seo.

Fág freagra ar 'Stop curtha le bagairt stailce phíolótaí Ryanair ag urghaire cúirte'