Stop á chur ag Duolingo le forbairt a gcúrsa Breatnaise le díriú ar na teangacha is mó éileamh

Deir Duolingo go bhfuil sé i gceist díriú feasta ar na teangacha is mó éileamh amhail an Spáinnis, an Ghearmáinis agus an Fhraincis

Stop á chur ag Duolingo le forbairt a gcúrsa Breatnaise le díriú ar na teangacha is mó éileamh

Tá stop á chur ag Duolingo, an aip foghlama teangacha, le huasdátú a dhéanamh ar a gcúrsa Breatnaise ó dheireadh na míosa seo.

Ach oiread leis an nGaeilge, bhíodh sé le rá ag Duolingo tráth go raibh cúrsa na Breatnaise i measc na gcúrsaí is mó fás ar an aip.

Deir Duolingo go bhfuil sé i gceist díriú feasta ar na teangacha is mó éileamh amhail an Spáinnis, an Ghearmáinis agus an Fhraincis.

I dtús ama bhíodh Duolingo dírithe ar na teangacha is mó agus is brabúsaí ar domhan, ach d’athraigh an Ghaeilge meon lucht an chomhlachta.

Dúirt Aire Oideachais agus Breatnaise na Breataine Bige, Jeremy Miles, go raibh sé chun scríobh chuig Duolingo féachaint an bhféadfadh an rialtas cabhrú leo le forbairt an chúrsa.

Tá sé mar sprioc ag Rialtas na Breataine go mbeadh milliún duine ina gcainteoirí Breatnaise faoin mbliain 2050.

Deir Duolingo gur cúrsa “cuimsitheach” é a gcúrsa Breatnaise a bheidh fós ar fáil saor in aisce do chách.

Deirtear gur thosaigh os cionn dhá mhilliún duine ag foghlaim na Breatnaise ar Duolingo ó bunaíodh an cúrsa agus go bhfuil 659,000 duine ag déanamh an chúrsa faoi láthair. Ní fios cé mhéad duine a chríochnaigh an cúrsa.

Dúirt urlabhraí ón Ionad Náisiúnta d’Fhoghlaim na Breatnaise go leanfadh siad orthu ag moladh d’fhoghlaimeoirí úsáid a bhaint as cúrsa Duolingo.

Dúirt an t-urlabhraí go mbeidís féin sásta tacú le Duolingo amach anseo sa chás is go mbeifí ag iarraidh an cúrsa a fhorbairt arís.

Tuairiscíodh le déanaí go raibh an Ghaeilge i measc na dteangacha eile ar an aip foghlama teanga Duolingo atá á gcur i láthair ag AI seachas ag cainteoirí dúchais, mar a bhíodh cheana.

Dúirt Duolingo go bhfuil a gcuid saineolaithe teanga ag dul i muinín na hintleachta saorga le cúrsaí a fhorbairt agus go bhfuil ag éirí leo “tuilleadh ceachtanna a chur ar fáil níos gaiste na riamh”.

Bhí an Ghaeilge tamall ar an teanga ba mhó a raibh dlús fúithi ar Duolingo ó thaobh líon na ndaoine a bhí ag íoslódáil cúrsaí.

Bhíodh na cúrsaí Gaeilge ar na cinn is mó a bhíodh á n-íoslódáil ag muintir na hÉireann ach de réir na tuarascála is déanaí ó Duolingo, bhí an Ghaeilge sa dara háit in Éirinn in 2022, taobh thiar den Spáinnis.

Fág freagra ar 'Stop á chur ag Duolingo le forbairt a gcúrsa Breatnaise le díriú ar na teangacha is mó éileamh'