Stiúrthóir an Oireachtais le dul ar scor tar éis 25 bliain sa phost

Tháinig fás as cuimse tagtha ar mhórfhéile na nGael, Oireachtas na Samhna, le linn na tréimhse atá caite ag Liam Ó Maolaodha i gceannas ar an eagraíocht

Stiúrthóir an Oireachtais le dul ar scor tar éis 25 bliain sa phost

Tá Liam Ó Maolaodha ag éirí as mar Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge tar éis dó 25 bliain a chaitheamh i gceannas ar an eagraíocht.

I ráiteas a d’eisigh an tOireachtas tráthnóna, dúradh go mbeidh Ó Maolaodha ag dul ar scor an samhradh seo.

Tá fás as cuimse tagtha ar mhórfhéile na heagraíochta, Oireachtas na Samhna, le linn na tréimhse atá caite ag Ó Maolaodha i gceannas ar an eagraíocht agus féile an-mhór anois í le hais mar a bhí 25 bliain ó shin.

Dúradh freisin gur threoraigh sé an eagraíocht trí “tréimhse chorrach” nuair a bhí atheagar á dhéanamh ar na heagraíochtaí Gaeilge ag Foras na Gaeilge. Roghnaíodh Oireachtas na Gaeilge mar cheann de na sé cheanneagraíochtaí Gaeilge in 2014.

Bhí Ó Maolaodha gníomhach san Oireachtas le blianta fada. Ceapadh ina bhall den Choiste Náisiúnta é i 1979 agus bhí sé ina Chathaoirleach idir 1990–1992, trréimhse inar tionóladh Oireachtas na Samhna ina cheantar dúchais féin, Cluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath.  Ceapadh é ina Stiúrthóir ar an Oireachtas mí Feabhra 1996.

“Gabhaim buíochas ó chroí le Liam Ó Maolaodha, thar mo cheann féin agus thar ceann an Bhoird Stiúrtha, as an eagraíocht a stiúradh go stuama, misniúil, coinsiasach, le spiorad agus le paisean le 25 bliain anuas,” a dúirt Cathaoirleach Bhord Stiúrtha an Oireachtais, Máirín de Brún.  “Guím rath agus sonas air i ngach a ndéanfaidh sé ina shaol amach anseo.”

Fág freagra ar 'Stiúrthóir an Oireachtais le dul ar scor tar éis 25 bliain sa phost'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Is mór an caillteanas a bheas ann. Fear uasal a chuireadh suas go foighdeach i gcónaí le cancaráin i rith Oireachtas na Gaeilge.

  • Micil

    Beidh sé an-deacair bróga an fhir uasail macanta seo a líonadh. Go raibh maith agat a Liam as Fhéile Mhór na nGael a chur ó neart go neart. Fairplay duit.

  • Ré Ó LAIGHLÉIS

    Deireadh ré! Áirim Liam Ó Maolaodha ina fhathach as a bhfuil déanta aige ar son na Gaeilge, an chultúir agus na tíre. Bhí an uaisleacht ann ina óige dó agus tá na blianta caite aige dá réir. Is fear é atá misniúil ina shaol pearsanta agus proifisiúnta araon agus tá fís leanta aige le 25 bliain anuas a bhfuil bláth ríbhláthmhar uirthi faoi seo. Tá saol na Gaeilge, muintir na tíre seo agus mé féin go pearsanta faoi do chomaoin, a Liam. Guím blianta fada ort agus go mbaine tú ardtaitneamh as an uile bhliain díobh.
    Ré Ó Laighléis

  • Aogán O Fearghail

    Fear uasal macánta a threoirigh an Oireachtais le fís soiléar. Tá an Ghaeilge níos láidre de bharr a chuid oibre. Go néirí leat,a Liam.