Státseirbhíseach níos sinsearaí le ceapadh do chúram na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta

Is é Rannán na Gaeilge agus na Gaeltachta an t-aon cheann sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán go dtí seo nach raibh cúram dó tugtha do Rúnaí Cúnta

Státseirbhíseach níos sinsearaí le ceapadh do chúram na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta

Tá ardú stádais le tabhairt don Ghaeilge sa státseirbhís agus Rúnaí Cúnta le ceapadh chun plé le cúrsaí teanga agus cúrsaí Gaeltachta.

Tá sé deimhnithe ag Tuairisc go bhfógrófar folúntas go luath do Cheannasaí Rannán na Gaeilge agus na Gaeltachta (Rúnaí Cúnta) sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Is é Rannán na Gaeilge agus na Gaeltachta an t-aon cheann sa Roinn faoi láthair nach bhfuil faoi chúram Rúnaí Cúnta. Faoi láthair, is ar Stiúrthóir na Gaeilge a bhíonn freagracht na Gaeilge agus na Gaeltachta sa Roinn, post atá céim níos ísle ná Rúnaí Cúnta, an dara grád is sinsearaí sa státseirbhís.

Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an tseachtain seo caite, dúirt Príomhfheidhmeannach na Seirbhíse um Ceapacháin Phoiblí (PAS) go raibh post le riachtanas Gaeilge ag leibhéal an Rúnaí Cúnta le fógairt an tseachtain seo. Dheimhnigh PAS do Tuairisc gur chun na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a d’earcófaí an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi.

Tuarastal idir €148,651 agus €178,995 sa bhliain atá luaite le ról an Rúnaí Chúnta.

Ciallóidh an ceapachán nua go mbeidh triúr ag an leibhéal is sinsearaí sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ina gcainteoirí líofa Gaeilge.

Fógraíodh le gairid go bhfuil Feargal Ó Coigligh ceaptha ina Ard-Rúnaí ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an post is sinsearaí sa Roinn. Bhí Ó Coigligh, arb as Dún Dealgan dó, ina rúnaí cúnta sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta roimhe seo. Tá Gaeilge líofa freisin ag Cian Ó Lionáin, Rúnaí Cúnta sa Roinn, ar a bhfuil freagracht Rannán na Turasóireachta agus Spóirt.

Dúirt Príomhfheidhmeannach na Seirbhíse um Ceapacháin Phoiblí, Margaret McCabe, ag an gcruinniú i dTeach Laighean le Coiste Oireachtais na Gaeilge go mbeadh an folúntas le fógairt ar publicjobs.ie Dé hAoine seo chugainn, an 2 Feabhra.

Pléadh postanna sa státseirbhís a raibh riachtanas Gaeilge luaite leo ag an gcruinniú sin. Dúirt John Howlin ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe nárbh eol don Roinn cén líon postanna a bhí ann sa státseirbhís a raibh riachtanas Gaeilge leo.

Dúirt sé gur bearna mhór a bhí ansin don Roinn agus go raibh an Coiste Comhairleach um Seirbhísí Gaeilge ag fiosrú an scéil.

Coimisiúnaíodh Ollscoil na Gaillimhe chun tabhairt faoi thaighde faoi staid na Gaeilge sa státchóras. Beidh an taighde mar chuid den phlean náisiúnta earcaíochta atá le foilsiú ag an gCoiste Comhairleach an samhradh seo chun an sprioc gur Gaeilgeoirí a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030 a bhaint amach.

Léirigh figiúirí a chuir an Roinn Caiteachais Phoiblí ar fáil in 2022 go raibh riachtanas Gaeilge le ceithre phost as gach míle sa státseirbhís.

Fág freagra ar 'Státseirbhíseach níos sinsearaí le ceapadh do chúram na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta'

  • Sibéal

    “ardú stádais le tabhairt don Ghaeilge sa státseirbhís”
    An gcreideann éinne é sin?
    Ceadaíonn Alt 8.3 den Bhunreacht lánchead don Státchóras teanga na tíre a fhágaint ar an taobhlíne nó as an pháirc, go deimhin. Tóg “Transport For Ireland” mar shampla.
    Mar a dúirt Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins ag Comhdáil Idirnáisiúnta na Coimisineirí Teanga i 2016. “Chun go n-éireodh le polasaí teanga mar ata sé leagtha síos againn in Éireann tá sé riachtanach go mbeadh meoin dearfach agus tacaíocht sofheicthe ó oifigigh shinsearacha sa státchóras, agus, is oth liom a rá, níl sé sin le feiceáil i gcónaí,”

    Tionóil Bunreachtúil faoi Alt 8.3 a ghairm chun an cheist a shoiléiriú a theastaíonn.