Starmer agus Páirtí an Lucht Oibre ar thairseach na cumhachta

Agus daoine ag vótáil i dtoghchán Westminster inniu, tá borradh mór faoi vóta Pháirtí an Lucht Oibre tar éis ceithre bliana déag a bheith caite ag na Caomhaigh i mbun rialtais

Starmer agus Páirtí an Lucht Oibre ar thairseach na cumhachta

Tabharfaidh daoine sa Ríocht Aontaithe aghaidh ar na botháin vótála inniu in olltoghchán agus chuile chosúlacht air go mbeidh Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht ina dhiaidh, cúig bliana ón toghchán is measa a bhí ag an bpáirtí sin ó na 1930idí.

Bhí ollbhua ag na Caomhaigh in olltoghchán 2019 agus lucht vótála á spreagadh ag gáir chatha Boris Johnson agus é ag fógairt ‘Get Brexit done’ [Déanaimis an Breatimeacht], ach cúig bliana níos déanaí táthar ag tuar go ndéanfar léirscrios ar na Tóraithe céanna.

Tagann an borradh seo faoi vóta an Lucht Oibre tar éis ceithre bliana déag a bheith caite ag na Caomhaigh i mbun rialtais, blianta a raibh céasadh ag baint leo de bharr na déine, cúrsaí eacnamaíochta a bhí támáilte go maith agus scannail éagsúla a chuir cora coise go leor i lucht údaráis.

Blianta an-suaite ab ea an tréimhse sin idir neamhspleáchas na hAlban, reifrinn faoin mBreatimeacht, paindéim Covid-19, an cogadh san Úcráin agus cíor thuathail go leor ó thaobh na polaitíochta de, aighnis a d’fhág gur ceapadh cúigear príomh-airí i Sráid Downing laistigh d’ocht mbliana.

Tá an drochmhisneach chomh fairsing sin i measc na dTóraithe féin gur admhaigh an feisire Rialtais Mel Stride, an Rúnaí Pinsean agus Oibre, inné gur dóichí go mbeadh “an bua is mó riamh ag Páirtí an Lucht Oibre” san olltoghchán seo.

Tá 18 toghcheantar i dTuaisceart Éireann agus 136 iarrthóir ag seasamh iontu le bheith ina bhfeisire parlaiminte i dTeach na dTeachtaí in Westminster Shasana.

Tá iarrthóirí ag seasamh ansin ar son 11 páirtí ar fad agus tá naonúr ag seasamh san olltoghchán mar iarrthóirí neamhspleácha.

Tá iarrthóir ag Páirtí na Comhghuaillíochta ag fiach ar gach aon cheann den 18 suíochán atá sa tuaisceart. Tá iarrthóirí ag an SDLP agus an UUP le haghaidh 17 suíochán, 16 atá ag an DUP agus 14 iarrthóir ag Sinn Féin.

Níl an Páirtí Aontachtach Daonlathach [DUP] ag cruthú rómhaith sna pobalbhreitheanna agus ní haon chuidiú don pháirtí triail a n-iarcheannaire Jeffrey Donaldson sa bhfómhar a bheith ina scamall orthu. Níl a chomharba mar cheannaire ar an bpáirtí, Gavin Robinson róchinnte go n-éireoidh leis a shuíochán féin a choinneáil i mBéal Feirste Thoir nó an mbeidh an lá le Naomi Long ansin.

Chinn an Breitheamh Eamonn King sa chúirt dúiche san Iúr inné go raibh dóthain fianaise curtha ar fáil le Jeffrey Donaldson agus a bhean chéile Eleanor a chur ar triail maidir le líomhaintí a bhaineann le cionta gnéis a tharla san am a caitheadh.

Bhí iarcheannaire an DUP, atá 61 bliain d’aois, os comhair na Cúirte Dúiche san Iúr inné don réamh-iniúchadh. Tá an t-iarFheisire Parlaiminte cúisithe in éigniú chomh maith le ceithre chúiseamh gníomhartha ró-mhígheanasacha agus 13 cúiseamh ionsaí mígheanasach.

Tá sé deimhnithe ag Donaldson go mbeidh sé ag cur in aghaidh na gcúiseamh seo go láidir.

Níl aon ghaisce mór á dhéanamh ag Sinn Féin roimh an olltoghchán seo agus iad ag caint ar a bhfuil acu a neartú agus greim a choinneáil ar na suíocháin atá acu faoi láthair. Meastar gur ceacht é seo a d’fhoghlaim an páirtí sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha ar an taobh seo den teorainn nuair a tugadh greasáil dóibh.

Fág freagra ar 'Starmer agus Páirtí an Lucht Oibre ar thairseach na cumhachta'