Stair na nÉireannach i gcluichí ceannais na hEorpa

Uair amháin eile a tharla sé nach raibh aon imreoir as Éirinn ar fhoireann de chuid Liverpool i gcluiche ceannais na hEorpa

Stair na nÉireannach i gcluichí ceannais na hEorpa

Nuair a thug Liverpool aghaidh ar Manchester City sa chéad chluiche i mbabhta ceathrú ceannais Shraith na gCuradh i mbliana, bhí Baile Átha Cliathach óg, Conor Masterson, ar an mbinse d’fhoireann Jurgen Klopp. Ní dheachaigh Masterson chun páirce an oíche sin agus níor bhain an cosantóir áit amach ar fhoireann Liverpool ó shin, rud a fhágann nach mbeidh aon Éireannach páirteach i gcluiche ceannais na hoíche amárach i gcoinne Real Madrid.

Níorbh amhlaidh an scéal i gcónaí agus is minic a d’imir Éireannaigh do Liverpool cheana i gcluiche ceannais Shraith na gCuradh, nó Corn na hEorpa mar a thugtaí air. D’imir Liverpool i seacht gcluiche ceannais roimhe seo agus ba é an ceann a bhuaigh siad i 1981, in aghaidh Real Madrid chomh maith, an t-aon uair eile nach raibh Éireannach ar an bpáirc acu.

Bhí Steve Heighway, duine de chúigear Éireannach a bhfuil boinn Eorpacha buaite leis an gclub acu, fós faoi chonradh ag Liverpool ag an am ach níor imir sé sa chluiche ceannais.

Bhí Corn na hEorpa buaite faoi dhó ag Heighway le Liverpool faoin am sin. Chruthaigh sé péire de na cúil don fhoireann nuair a bhuaigh siad in aghaidh Borussia Mönchengladbach i gcluiche ceannais 1977 agus bhí an fear as Baile Átha Cliath ar an bhfoireann a bhuaigh an corn arís an bhliain dár gcionn in aghaidh FC Bruges.

Bliain ar leith ab ea í 1984 ó thaobh líon na nÉireannach a thug leo príomhchomórtas sacair na hEorpa. Nuair a bhuaigh Liverpool ar Roma i gcluiche ceannais na bliana sin, bhí triúr Éireannach ar an bpáirc nuair a séideadh an fheadóg dheiridh sa Róimh, Mark Lawrenson, Ronnie Whelan agus Michael Robinson, a tháinig isteach mar ionadaí.

Is é Steve Finnan an tÉireannach deireadh a bhuaigh Sraith na gCuradh le Liverpool. Bhí an cosantóir ar an bhfoireann a bhuaigh ar AC Milan i gcluiche ceannais drámatúil 2005 in Istanbul.

Níl Sraith na gCuradh buaite ag Liverpool ó shin. Bhí Finnan ar an bhfoireann a chaill cluiche ceannais na bliana 2007. Go deimhin, bheadh ort dul siar deich mbliana chun teacht ar Éireannach eile a raibh baint aige le cluiche ceannais. Bhí John O’Shea i measc na n-ionadaithe do Manchester United nuair a bhuaigh namhaid Liverpool ar Chelsea i Moscó in 2008.

Tá O’Shea ar dhuine de sheisear Éireannach a bhfuil an comórtas buaite acu le Manchester United. Ba iad Shay Brennan, Tony Dunne agus George Best na chéad Éireannaigh a bhuaigh boinn Chorn na hEorpa nuair a thug United leo an comórtas den chéad uair in 1968.

Bhí Denis Irwin agus Roy Keane mar

chuid den fhoireann a bhuaigh Sraith

na gCuradh i 1999, cé go raibh Keane ar fionraí don chluiche ceannais in aghaidh Bayern Munich.

Is é Martin O’Neill an t-aon Éireannach a bhuaigh bonn Chorn na hEorpa le foireann eile seachas Liverpool agus Manchester United. Bhuaigh bainisteoir na hÉireann an comórtas i 1980 le Nottingham Forest.

Bhí O’Neill ar an mbinse nuair a bhuaigh Forest an comórtas céanna i 1979, ach ní bhfuair sé aon bhonn mar nár imir sé sa chluiche ceannais. Tharla an rud céanna do Charlie Gallagher nuair a bhuaigh Celtic an comórtas i 1967.

Drochsheans go bhfeicfear an oiread sin Éireannach i gcluichí ceannais na hEorpa amach anseo óir is annamh anois a fheictear imreoirí ón tír seo ag clubanna móra Shasana. Níor imir duine ar bith as Éirinn sa Phríomhroinn i mbliana d’aon cheann de na foirne a chríochnaigh sna chéad sé áit.

Éireannaigh a bhuaigh Sraith na gCuradh/Corn na hEorpa

John O’Shea – Manchester United – 2008

Steven Finnan – Liverpool – 2005

Denis Irwin – Manchester United – 1999

Roy Keane – Manchester United – 1999

Mark Lawrenson – Liverpool – 1984

Ronnie Whelan – Liverpool – 1984

Michael Robinson – Liverpool – 1984

Steve Heighway – Liverpool – 1977, 1978

Shay Brennan – Manchester United – 1968

Tony Dunne – Manchester United – 1968

Martin O’Neill – Nottingham Forest – 1979* 1980

George Best – Manchester United – 1968

Charlie Gallagher – Celtic – 1967*

*Níor tugadh boinn dóibh mar nár imir siad sa chluiche ceannais

Fág freagra ar 'Stair na nÉireannach i gcluichí ceannais na hEorpa'