Stair ghluaiseacht na gceardchumann i bhFear Manach scríofa ag Gaeilgeoir

B’fheidhmeannach sinsearach leis an cheardchumann Unite é Jim Quinn, údar 'Labouring Beside Lough Erne'

Stair ghluaiseacht na gceardchumann i bhFear Manach scríofa ag Gaeilgeoir

Tá stair ghluaiseacht na gceardchumann i bhFear Manach scríofa ag Gaeilgeoir. B’fheidhmeannach sinsearach leis an cheardchumann Unite é Jim Quinn, údar ‘Labouring Beside Lough Erne’. Cuireann an leabhar síos go háirithe ar an tréimhse chorraithe i ndiaidh an Chéad Chogaidh Mhóir. Bhí stailceanna agus léirsithe ann, agus toghadh comhairleoirí ón Lucht Oibre den chéad uair ar bhaile Inis Ceithleann. Ansin, ar feadh tamaill de bhlianta, rinne cúpla duine de na comhairleoirí sin an-troid chun tithíocht níos fearr a chur ar fáil don lucht oibre ar an bhaile. 

Deir Quinn gur i bhfad roimhe sin a thosaigh gluaiseacht an lucht oibre sa chontae. Bhí saortha cloiche agus bríceadóirí Inis Ceithleann ag éileamh go mbeadh ciorrú ar an lá oibre in 1826.

Is as Inis Ceithleann do Quinn. Rugadh i gCorradh Mhic Grád ar an bhaile é. Tá seancheangal aige le gluaiseacht na gceardchumann ann. Chláraigh sé leis an Transport and General Workers Union, mar a bhíodh, siar i 1978 agus ceardchumannaí gníomhach ó shin é. Thug a chuid oibre leis an cheardchumann go Londain faoi dheireadh é, ag cur oiliúint ar cheardchumannaithe eile.

Rinne sé Gaeilge ar scoil “ach ní raibh mé ag éisteacht”. Chuir sé suim inti, ach ní raibh an t-am aige le tabhairt faoina foghlaim mar ba cheart. “I ndiaidh dom dul ar scor trí bliana ó shin, thug mé faoi i ndáiríre,” ar seisean. “Thosaigh mé ar rang oíche i Lárionad Intech, seanhalla an Oird Bhuí mar a bhíodh.”

Tá sé anois i mbun ciorcal comhrá sa leabharlann in Inis Ceithleann. Bíonn na ciorcail ann Dé Luain agus Dé Céadaoin, óna 10 ar maidin go meán lae. “Is grúpa measartha neamhfhoirmeálta é, agus bíonn sé ar siúl fud fad na bliana, ach amháin nuair a bhíonn an leabharlann druidte,” arsa Quinn.

Labouring Beside Lough Erne le Jim Quinn. Umiskin Press. €16.

Fág freagra ar 'Stair ghluaiseacht na gceardchumann i bhFear Manach scríofa ag Gaeilgeoir'

  • Aililiú!

    Ceannlíne leamh. “… scríofa i mBéarla ag Gaeilgeoir”.