Staidéar le déanamh maidir le coláiste samhraidh Gaeilge a bhunú in Uíbh Ráthach

Agus é ar cuairt ar Chiarraí bhronn Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers deontas ar Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh chun measúnú a dhéanamh ar choláiste Gaeilge a bhunú sa cheantar

Staidéar le déanamh maidir le coláiste samhraidh Gaeilge a bhunú in Uíbh Ráthach

Pictiúr: Twitter/@jackfchambers

Tá measúnú le déanamh maidir le Coláiste Gaeilge a athbhunú i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers, atá ar cuairt ar Chiarraí faoi láthair, deontas €5,760 do Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh chun scagadh a dhéanamh ar an moladh go mbunófaí Coláiste Gaeilge sa cheantar.

Coláiste samhraidh Gaeilge a bhunú ceann de na spriocanna a bhí i bPlean Gníomhaíochta Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh a seoladh in 2019.

Thit líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh ó 8.5% in 2011 go dtí 6.9% in 2016, rud a fhágann go bhfuil an ceantar ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is laige ó thaobh na teanga sa tír.

Tá ráite ag Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh go bhfuil sé mar aidhm acu go mbeadh méadú 5% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa cheantar faoi 2022.

D’fhógair an tAire Stáit Jack Chambers freisin deontas €3,886 do CLG Naomh Mícheál chun trealamh giomnáisiam a cheannach.

Tá an tAIre Stáit i gCorca Dhuibhne inniu, mar a bhfuil sé ag bualadh le grúpaí pobail sa cheantar. Fógraíodh go bhfuil deontas €21,000 ceadaithe aige d’Áiseanna na hÓige chun bus a cheannach don tseirbhís réamhscoile atá á reáchtáil acu.

Rachaidh an tAire Stáit go Baile Bhuirne i gCorcaigh freisin agus é le cuairt a thabhairt ar Choláiste Íosagáin, a bhfuil €2.7 milliún ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta chun é athfhorbairt, agus ar CLG Naomh Abán.

Dúirt an tAire Stáit go raibh “áthas ar leith” air cuairt a thabhairt ar Chiarraí agus ar Chorcaigh chun an obair atá á déanamh ag coistí agus eagraíochtaí áitiúla agus ag Údarás na Gaeltachta a fheiceáil.

“Rachaidh an maoiniú atá á fhógairt agam inniu chun leasa na bpobal seo, le tionscadail thábhachtacha a fhorbairt agus deiseanna sóisialta, cultúrtha, teanga agus eacnamaíocha a chur ar fáil sa Ghaeltacht,” a dúirt an tAire.

Fág freagra ar 'Staidéar le déanamh maidir le coláiste samhraidh Gaeilge a bhunú in Uíbh Ráthach'

  • Tuismitheoir

    Ní Gaeltacht í Uíbh Ráthach. Tá cúpla sean-chainteorí dúchas fágtha ann ach ní Gaeltacht í.

    Táim sásta a chlos go bhfuil deontas fachta ag Áiseanna na hÓige chun bus a cheannach. Is rud dearfach é sin, sin iad na grúpaí atá ag déanamh na rudaí is tábhachtaí ar son na Gaeilge. Grúpaí ar nós Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Áiseanna na hÓige, na réamhscoileanna ina bhfuil scoth na Gaeilge ag na múinteoirí iontu (tá súil agam… Níl sé sin an chás de ghnáth, faraor, go háirithe taobh amuigh den Ghaeltacht… Thóg mé mo mhac féin amach as naíonra i ceann desna cathracha mar gheall go raibh foghraíochta na múinteoirí chomh dona sin, agus níl Gaeilge foirfe agamsa i naon chor, ach ní dóigh liom go dtuigeann daoine go ginearálta go bhfuil difríochtaí móra idir foghraíocht na Gaeilge agus foghraíocht/fóineolaíochta ár gcuid Béarla)

  • Cluain Sceach

    Chaith Uíbh Ráthach uaithi an Ghaeilge. Fágaimis mar sin é.