Maraíodh ar a laghad 558 duine ar a laghad agus goineadh os cionn 1,800 eile sna haerionsaithe atá á ndéanamh ag Iosrael ar bhailte móra sa Liobáin ón lá inné, de réir ráiteas ó aireacht sláinte na Liobáine.
Maraíodh 50 páiste agus 94 bean sa bhombardú is measa atá déanta ag Iosrael ar an Liobáin le scór blianta.
Maraíodh i gcoimhlint an lae inné níos mó daoine sa Liobáin ná mar a maraíodh in aon lá amháin ó deireadh an chogaidh chathartha ansin i 1990.
Tá sé ina imní mhór go n-iompóidh sé ina chogadh amach is amach idir Iosrael agus Hezbollah, tráth nach bhfuil stad ná staonadh ar an gcoimhlint in Gaza.
Dúirt Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu le muintir na tíre gur “complicated days” a bhí rompu.
Lean aerfhórsa Iosrael lena gcuid ionsaithe inniu, Dé Máirt, agus mhaígh an IDF (Fórsa Cosanta Iosrael) gur bhuail siad 1,600 targaid a raibh baint acu le sceimhlitheoireacht.
Dúirt lucht míleata go raibh ionsaí a raibh targaid ar leith leis déanta acu ar Beirut, príomhchathair na Liobáine.
Lean Hezbollah orthu ag scaoileadh roicéad le Tuaisceart Iosrael, áit a raibh roinnt tinte de thoradh na n-ionsaithe. Dúirt Hezbollah go raibh na hionsaithe dírithe ar bhunáiteanna míleata i dtuaisceart Iosrael agus gur mar fhreagra ar “ionsaithe naimhdeacha” a bhí siad.
I ndeisceart na Liobáine thug daoine aghaidh ó thuaidh agus iad ar a dteitheadh ón mbombardú.
Dúirt cuid acu go bhfuair siad teachtaireachtaí téacs ó údaráis mhíleata ag tabhairt rabhadh dóibh an baile a fhágáil.
Deir na húdaráis in Iosrael gurb í an aidhm atá acu leis an bhfeachtas buamála is déanaí seo na mílte lonnaitheoirí Iosraelacha a ruaigeadh as a gceantair sa tuaisceart a thabhairt ar ais ansin.
Tá sé ina imní nach bhfuil sna hionsaithe seo ach an chéad bhuille d’ionsaí i bhfad níos measa agus go bhféadfadh Iosrael ionsaí a dhéanamh ar an talamh i ndeisceart na Liobáine in iarracht na trodairí a ruaigeadh as ceantar na teorann idir an dá thír.
Chris Flynn
B’fhéidir gur cúnamh a bheadh ann dá dtabharfadh Tuairisc.ie comhthéacs éigin don chogadh seo atá á fhearadh ag Iosrael in aghaidh Hezbollah, grúpa sceimhlitheoireachta atá ag iarraidh Iosrael a chur de dhroim an domhain. Tá Hezbollah tar éis os cionn 8,000 diúracán a scaoileadh i dtreo Iosrael le bliain anuas, agus tá na scórtha sibhialtach maraithe agus gortaithe acu (ina measc sin páistí Drúsacha agus iad ag imirt peile). De bharr na roicéad sin, ba ghá thart ar 60,000 Iosraelach a aistriú amach óna n-áit chónaithe i dtuaisceart na tíre. Ní cruinn a rá gur ‘lonnaitheoirí’ iad na daoine seo go léir, faoi mar a mhaítear san alt thuas. Thart ar thrian acu sin a raibh orthu a n-áit chónaithe a fhágáil, baineann siad le baile darb ainm Kiryat Shemona – sin baile atá ina chuid dhlisteanach d’Iosrael ó 1948 i leith.
Píosa comhthéacs eile: cuireann Hezbollah a gcuid airm i bhfolach i measc na sibhialtach agus baineann siad úsáid as sibhialtaigh mar sciath cosanta, faoi mar a dhéanann Hamas. Go deimhin, tá sibhialtaigh áirithe sasta glacadh le híocaíocht ó Hezbollah as cead a thabhairt do Hezbollah a dtithe a úsáid mar áit stórála d’armlón. In ainneoin go dtugann an IDF an iliomad foláireamh do na sibhialtaigh (mar a luaitear thuas, cuirtear glaonna gutháin ar dhaoine, agus scaiptear bileoga foláirimh orthu freisin, i measc nithe eile), ní fhágann gach duine. Ansin bíonn cinntí crua le déanamh ag an IDF – teastaíonn uathu stóras arm Hezbollah a scriosadh ach bás na sibhialtach a íoslaghdú ar ndóigh.
Seán Ó Riain
Aontaím go hiomlán le Chris Flynn. Bíonn an clúdach in Éirinn ar imeachtaí tragóideacha an Mheán-Oirthir i bhfad ró-aontaobhach. Is truamhéileach an rud é go marófaí aon duine daonna le foréigean. Cothaíonn antoiscthigh ó thaobh amháin na hantoiscthigh ar an dtaobh eile. Tá 57 dtír Mhoslamacha sa domhan, agus 22 thír Arabacha. Níl ach stát Giúdach amháin ann, agus is moslamaigh iad 20% dá dhaonra, na hArabaigh Iosraelacha. Tá lán-chearta acu in Iosrael – is breithiúna, dochtúirí, innealtóirí agus baill Pharlaiminte iad. Mór an trua go bhfuil an oiread san fuatha sa réigiún – bunúsaíochas is cúis leis. Sibhialtaigh neamhurchóideacha is mó atá ag fulaingt, mar a tharlaíonn i ngach cogadh.