Srianta breise ar an soláthar uisce ag teacht

Deir Uisce Éireann go gcaithfear ciorruithe a dhéanamh anois ar úsáid uisce ionas nach mbeidh easpa sa bhfómhar

Srianta breise ar an soláthar uisce ag teacht

Tá ráite ag Uisce Éireann go ndéanfar cinneadh amárach faoi na srianta breise a chuirfear i bhfeidhm an tseachtain seo chugainn ar an soláthar uisce.

Dúirt Kate Gannon, innealtóir agus Bainisteoir Gnóthaí Corparáide Uisce Éireann go raibh an áisínteacht agus na húdaráis áitiúla ag scrúdú os cionn 800 ceantar méadair chun a fháil amach cé na ceantair a bhféadfaí ciorruithe breise a chur i bhfeidhm iontu “ar mhaithe leis an soláthar agus gan cur isteach rómhór ar thithe ná ar ghnóthaí”.

Dúirt Kate Gannon chomh maith nach raibh aon rogha eile acu de bharr nach bhfuil aon athrú ar an aimsir agus gan aon bháisteach ag teacht. Mura ndéanfaí ciorruithe anois d’fhéadfadh “easpa uisce” a bheith ar an gcóras sa bhfómhar, a dúirt sí.

Údar mór imní é an triomach fada seo d’Uisce Éireann agus é ráite ag saineolaithe go mbeidh tionchar aige ar an soláthar uisce sna taiscumair an chuid eile den bhliain.

Is beag tionchar a bheas ag an gcorrmhúr atá geallta ar an ngéarchéim uisce mar toisc an talamh a bheith stálaithe ní dhéanfaidh an bháisteach éadrom sin a bealach go dtí na srutháin agus na haibhneacha a choinníonn uisce leis na taiscumair.

Tá ciorruithe i bhfeidhm cheana féin i 14 contae agus i 30 scéim uisce sa tír seo, sa leath ó dheas den tír den chuid is mó.

I gcásanna go leor tá an brú ar an uisce íslithe agus an t-uisce gearrtha ar fad san oíche i gcuid de na soláthairtí. Tá Contae na Gaillimhe ar cheann de na contaetha is measa atá buailte ag an triomach agus ciorruithe i bhfeidhm i gcás seacht soláthar uisce, trí oileán Árann ina measc.

I gceantair eile tá athrú le tabhairt faoi deara ar an uisce féin ó thaobh dath, blas agus cruas de, ach tá sé tugtha le fios ag Uisce Éireann gur athrú sealadach atá ansin.

Faigheann mórcheantar Bhaile Átha Cliath a chuid uisce ó thrí abhainn – an Dothra, an Bhearú agus an Life – ach ón Life a thagann 85% de. Seoltar 1.7 billiún lítear uisce trí na píobáin uisce sa gceantar sin gach lá ach meastar go sceitear leath de sin amach trí sheanphíopaí briste.

Tá plean ag Uisce Éireann €500 milliún a chaitheamh as seo go ceann ceithre bliana chun na píopaí sin a athnuachan.

Déanann na seacht n-ionad cóireála sa gceantar cóireáil ar 610 milliún lítear uisce gach uile lá le freastal ar an éileamh, 568 milliún lítear sa lá faoi láthair. Cé gur tháinig laghdú 30 milliún lítear ar an méid uisce atá á úsáid ó cuireadh an cosc ar phíobáin uisce i bhfeidhm, ní leor é agus tuigtear go bhfógróidh Uisce Éireann tuilleadh srianta amárach.

Tuigtear chomh maith go bhfuil sé i gceist ag Uisce Éireann a fhógairt amárach go ngearrfar an soláthar uisce go dtí custaiméirí i mórcheantar Átha Cliath le linn na hoíche ó mheán oíche go dtí a cúig a chlog ar maidin ionas go mbeidh deis ag an gcóras líonadh arís.    

Fág freagra ar 'Srianta breise ar an soláthar uisce ag teacht'