SRAITH PICTIÚR: Na Déagóirí Cróga

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán


Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, ag scríobh agus ag caint:

  • Féach ar bhosca 1 agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura mbíonn tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?
  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí:

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3.

Gníomhaíocht 3- bí ag scríobh agus ag caint:

 

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag cur síos ar bhosca 6.
  • Tá roinnt focal/nathanna thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh:

  • Léigh an cur síos thíos ar an SP.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht:

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an SP.
  • Breathnaigh ar an téacs ag an am céanna, más maith leat.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá:

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh) déanfaidh  tú cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine ina aice leat. Ansin déanfaidh an duine sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtithe éagsúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna ar a chéile.
  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an SP. Tá uirlis taifeadta le fáil ar bharr an leathanaigh, ar chlé.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile. 

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte is féidir é a chuardach san uirlis foclóra. Cliceáil ar an gcnaipe ‘Foclóirí’ atá ar bharr an leathanaigh ar chlé. 

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh cúpla pointe faoi uair éigin ar tháinig tú i gcabhair ar dhuine éigin.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Céard go díreach a rinne tú? Cén fáth a ndeachaigh tú i gcabhair ar an duine sin? An raibh sé/sí buíoch? An bhfuil sé tábhachtach cabhrú le daoine eile?
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Na déagóirí cróga

1) Bhí Peadar ina chodladh go sámh.
Bhí sé ag stealladh báistí i rith na hoíche. Bhí gálaí gaoithe ann freisin.
Dhúisigh sé ag breacadh an lae.
Bhí an bháisteach ag clagarnach ar an bhfuinneog.
Bhí tuilte taobh amuigh.

2) Chuaigh Peadar síos staighre agus ba dhóbair nár thit sé i laige nuair a chonaic sé go raibh an teach faoi uisce.
Tháinig crith cos agus lámh air.
Ní raibh a fhios aige ó thalamh an domhain céard a dhéanfadh sé.
Bhí sé in umar na haimléise/i gcruachás ceart.

3) Rith sé go dtí an fhuinneog ar luas lasrach.
Chonaic sé beirt déagóirí, Máire agus Liam, ina suí ar an mballa.
Thosaigh sé ag béicíl orthu in ard a chinn is a ghutha.
Bhí an tuile chomh hard sin nach raibh sé in ann an doras a oscailt.

4) Ghlac Máire agus Liam trua don seanfhear bocht.
Chuaigh Liam i gcabhair air.
Bhí sé fliuch báite ach ba chuma leis.
Dúirt sé le Peadar go gcabhródh siad leis agus gan a bheith buartha.
Ghlaoigh Máire ar na seirbhísí éigeandála agus d’impigh orthu teacht go tapa.

5) I bpreabadh na súl bhí na fir dhóiteáin ar an láthair.
Thug siad lámh chúnta do Pheadar teacht amach an fhuinneog.
Bhí eagla an domhain ar an bhfear bocht ach bhí sé buíoch go raibh sé éalaithe ón teach.
Tugadh Peadar go dtí an t-ospidéal.

6) Níorbh fhada go raibh Peadar tagtha chuige féin.
Bhí sé suite sa leaba ar a sháimhín só nuair a tháinig Máire agus Liam ar cuairt chuige.
Ghabh sé buíochas leo as an gcabhair ar fad a thug siad dó.
Dúirt siad leis go mbeadh sé sa mbaile sula i bhfad.
Bhí sé ag tnúth le dul abhaile. 

Ceisteanna:

Cá bhfuil an seanduine i mbosca 1?
Cé mhéad duine atá suite ar an mballa i mbosca 3?
Cé a tháinig i gcabhair ar an seanduine? (bosca 5)

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Na Déagóirí Cróga'

  • Cora Varley

    Ta se sa seomra codlata.
    Beirt daoine.
    Thainig beirt deagoiri i gcabhair leis on seanduine.