SRAITH PICTIÚR: Comórtas Cócaireachta

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?
  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 5 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 6 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.
  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 7 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 8 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 9 – céard fút féin?

  • An maith leat féin an chócaireacht? Cén fáth?
  • Cad é an béile is mó a thaitníonn leat?
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
    Déan cur síos, tabhair cúiseanna, luaigh ainmneacha bianna/comábhair éagsúla, cur taitneamh/easpa taitnimh in iúl.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.

 


Comórtas Cócaireachta ar TG4

(Téacs an fhíseáin)

1) Bhí Seán, Ruairí agus Liam suite ar a sáimhín só ag breathnú ar an teilifís.
Bhí clár cócaireachta  ar siúl.
D’fhógair an láithreoir go raibh siad chun comórtas cócaireacht a reáchtáil do dhaltaí scoile.
Chuir siad an-spéis sa chomórtas.

2) Chinn siad cur isteach ar an gcomórtas.
An mhaidin dár gcionn chuaigh siad chun cainte leis an bpríomhoide.
Mhínigh siad an comórtas don phríomhoide.
Dúirt an Príomhoide go raibh cead acu cur isteach ar an gcomórtas ach go mbeadh orthu dul chun cainte a   leis an múinteoir eacnamaíocht bhaile.
Ghuigh sé gach rath orthu sa chomórtas.

3) Bhí an múinteoir eacnamaíocht bhaile sásta cabhair agus cúnamh a thabhairt dóibh.
Fuair siad sonraí uile an chomórtais  ar shuíomh idirlín  TG4.
Bheadh orthu béile a ullmhú sa stiúideo os comhair na gceamaraí agus moltóirí.
Dúirt an múinteoir go mbeadh orthu obair na gcapall a dhéanamh.

4) Faoi dheireadh is faoi dheoidh tháinig lá na cinniúna.
Bhí crith cos agus lámh  ar na hiomaitheoirí ar fad.
Rinne na moltóirí iarracht iad a chur ar a suaimhneas.
Bhí an clár á thaifeadadh i stiúideo TG4 i mBaile na
hAbhann.

5) Bhí na buachaillí an-sásta leis an mbéile a d’ullmhaigh siad.
D’fhéach na moltóirí ar na béilí ar fad.
Mheas siad go raibh an caighdeán an-ard.
D’éirigh an áit chomh ciúin le reilig nuair a dúirt siad go raibh buaiteoir roghnaithe acu.
Ba dhóbair gur thit na buachaillí i laige nuair a fógraíodh gur thug siad an bua leo.

6) Bronnadh seic de luach €1,000 orthu.
Bhí clab go cluasa orthu.
Craoladh an clár an lá dár gcionn.
D’fhéach an scoil ar fad air agus bhí siad an-bhródúil as Seán, Ruairí agus Liam.
Thréaslaigh an príomhoide a mbua leo.

Ceisteanna

  1. Cén chlár a bhí ar siúl i mbosca 1?
  2. Cén t-am é i mbosca 2?
  3. Cén mhúinteoir atá le feiceáil i mbosca 3?
  4. Cá raibh an clár á thaifeadadh?
  5. Cé mhéad atá sa seic a bronnadh ar na buachaillí i mbosca 6?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Comórtas Cócaireachta'