SRAITH PICTIÚR: Na Déagóirí Cróga (Leagan 2)

Sraith Pictiúr na hArdteiste (SP 3). Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith.

SRAITH PICTIÚR: Na Déagóirí Cróga (Leagan 2)

Scannán

Mír

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint:

  • Féach ar bhosca 1 agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?
  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí:

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3.

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord:

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5, ach níl sé san ord ceart. An féidir leat é a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5.

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint:

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liost thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ieSuite sa leaba/Tháinig/Níorbh fhada/Dúirt siad leis/Bhí sé ag tnúth/Tagtha chuige féin/Sa mbaile sula i bhfad/Ghabh sé buíochas leo/Nuair a/Go raibh/As an gcabhair ar fad/Ar cuairt chuige/Ar a sháimhín só/Go mbeadh sé/Le dul abhaile

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh:

Léigh an cur síos thíos ar an SP.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht:

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an SP.
  • Breathnaigh ar an téacs ag an am céanna más maith leat.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá:

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déanfaidh tú cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine ina aice leat. Ansin déanfaidh siad sin cur síos ar an trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna ar a chéile.
  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an SP.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an SP.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
  • Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:
  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéil leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte déan é a chuardach ar www.focloir.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh cúpla faoi uair éigin gur tháinig tú i gcabhair ar dhuine éigin eile.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Cuir síos a thabhairt ar an eachtra, mínigh cén chaoi a chabhraigh tú leis an duine.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadh.

Gníomhaíocht 11 – Mír Seoigh!

Rólghlacadh!

  • hippoNuair a chuaigh an bhean seo abhaile bhí comhrá aici lena deirifiúr faoin lá bhí aici.
  • Úsáid do shamhlaíocht!
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tabhair cuir síos, suim nó easpa suime a chur in iúl, déan iarracht mothúcháin a
  • Déan an méid a scríobh tú a roinnt leis an duine in aice

Na déagóirí cróga

1) Bhí Peadar ina chodladh go sámh.

Bhí sé ag stealladh báistí i rith na hoíche. Bhí gálaí gaoithe ann freisin.

Dhúisigh sé ag breacadh an lae.

Bhí an bháisteach ag cnagaireacht ar an bhfuinneog.

Bhí tuilte taobh amuigh.

2) Chuaigh Peadar síos staighre agus ba dhóbair gur thit sé i laige nuair a chonaic sé go raibh an teach faoi uisce.

Tháinig crith cos agus lámh air.

Ní raibh a fhios aige ó thalamh an domhain céard a dhéanfadh sé.

Bhí sé in umar na haimléise/i gcruachás ceart.

3) Rith sé go dtí an fhuinneog ar luas lasrach.

Chonaic sé beirt déagóirí, Máire agus Liam, ag suí ar an mballa.

Thosaigh sé ag béiceadh orthu in ard a chinn is a ghutha.

Bhí an tuile chomh ard sin nach raibh sé in ann an doras a oscailt.

4) Ghlac Máire agus Liam trua don seanfhear bocht.

Chuaigh Liam i gcabhair air.

Bhí sé fliuch báite ach ba chuma leis.

Dúirt sé le Peadar go gcabhródh siad leis agus gan a bheith buartha.

Ghlaoigh Máire ar na seirbhísí éigeandála agus d’impigh orthu teacht go tapaidh.

5) I bpreabadh na súl bhí na fir dóiteáin ar an láthair.

Thug siad lámh chúnta do Pheadar teacht amach an fhuinneog.

Bhí eagla an domhain ar an bhfear bocht ach bhí sé buíoch go raibh sé éalaithe ón

Tugadh Peadar go dtí an ospidéal.

6) Níorbh fhada go raibh Peadar tagtha chuige féin.

Bhí sé suite sa leaba ar a sháimhín só nuair a tháinig Máire agus Liam ar cuairt

Ghabh sé buíochas leo as an gcabhair ar fad a thug siad dó.

Dúirt siad leis go mbeadh sé sa mbaile sula i bhfad.

Bhí sé ag tnúth le dul abhaile.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

1) Ar thug siad bronntanas chuige san ospidéal? Céard é féin?

2) Cén fáth a raibh Peadar san ospidéal? An raibh sé gortaithe/tinn?

3) An raibh mórán damáiste déanta don teach, meas tú?

4) Cad a bhí na déagóirí ag déanamh ar an gclaí?

5) An raibh aithne acu ar Pheadar roimh an eachtra seo, meas tú?