SRAITH PICTIÚR: An Ghaeilge – Seoid luachmhar

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán


Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

 

Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh cúpla pointe faoi do thuairimí féin faoin nGaeilge.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Déan tuairimí a nochtadh agus a lorg, léirigh suim nó easpa suime, tabhair moladh/déan cáineadh.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadh.

 

An Ghaeilge – Seoid Luachmhar

(Téacs an fhíseáin)

1) An bhliain seo caite bhí Seán agus Pól ag siúl timpeall an bhaile nuair a thug siad faoi deara go raibh go leor Gaeilge le feiceáil i bhfógraí na siopaí.
Bhí siad an-tógtha leis seo.
Chuir sé seo ag smaoineamh iad.
Rinne siad cinneadh go ndéanfadh siad féin rud éigin leis an nGaeilge a chur cinn.

2) An lá ina dhiaidh sin, bhuail siad lena chéile i dteach Sheáin.
Bheartaigh siad turas a eagrú chun na Gaeltachta.
Chruthaigh siad leathanach Facebook le fáil amach an mbeadh suim ag daoine óga eile ón gceantar dul leo.
Bhí siad an-sásta leo féin.

3) Chuir go leor daoine spéis sa turas agus níorbh fhada go raibh gach duine ag caint faoi.
Thug siad aghaidh ar an nGaeltacht an samhradh sin.
Bhíodh ranganna acu ar maidin, spórt ar an trá san iarnóin agus céilithe san oíche.
Bhain siad ar fad an-taitneamh agus tairbhe as an turas.

4) Bhí feabhas mór taghta ar chaighdeán Gaeilge na scoláirí.
Bheartaigh siad ciorcal comhrá a eagrú ar scoil.
Thagadh na scoláirí le chéile gach am lóin le comhrá as Gaeilge.
Bhíodh an-chraic acu.

5) Thosaigh Seán ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta.
Cé nár thuig sé gach focal, bhain sé taitneamh as na cláracha, na cinn cheoil go háirithe.
Thosaigh Seán agus Pól ag féachaint ar TG4.
Chuir siad an-suim sa sobaldráma* Ros na Rún.

6) Thug na múinteoirí Gaeilge sa scoil faoi deara go raibh an-iarracht déanta ag Seán agus Pól an Ghaeilge a chur chun cinn.
Ag deireadh na scoilbhliana bronnadh duais orthu as a n-iarrachtaí.
Mhol an príomhoide iad go hard na spéire.
Bhí Seán agus Pól an-bhródúil astu féin.

* ‘Sobaldhráma’ a chloistear anseo, cé gur ‘sobaldráma’ a scríobhtar de bharr DeNTaLS. Uaireanta, áfach, ní bhactar le DeNTaLS i gcuid de na canúintí beo Gaeltachta.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

Cé mhéad duine a chuaigh chun na Gaeltachta, meas tú?
Cad iad na cláracha go raibh siad ag breathnú orthu ar TG4, meas tú?
Cén suíomh idirlín atá i gceist i mbosca 2?
Cén siopa atá le feiceáil i mbosca 1?An ndeachaigh siad ar ais chun na Gaeltachta, meas tú?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: An Ghaeilge – Seoid luachmhar'