Tá €2.5 milliún le tabhairt do chraoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha chun cláir theilifíse agus raidió Ghaeilge agus dhátheangacha a fhorbairt mar chuid den bhabhta maoinithe is déanaí ag Coimisiún na Meán.
Tá an €500,000 atá le cur ar fáil chun sraith drámaíochta Gaeilge do dhaoine óga a dhéanamh do TG4 ar an deontas is mó atá le tabhairt ar aon tionscadal amháin sa mhaoiniú.
An comhlacht Tailored Films atá leis an tsraith Ar Ais Arís a léiriú do TG4, sraith faoi ghrúpa cairde sna déaga ina mbíonn cailín óg ón aonú haois déag ina cónaí sa lá atá inniu ann. Ocht gclár 25 nóiméad ar fhad atá i gceist leis an tsraith. Cosnóidh sé breis is €1.5 milliún san iomlán an tsraith a léiriú.
Tá clár faisnéise faoin ngrúpa aitheanta Gaeltachta Clannad agus clár faoi obair John Hume san Eoraip ar phéire eile de na tionscadail Ghaeilge agus dhátheangacha a fuair maoiniú i mBabhta 53 den scéim Fuaim & Fís.
Fógraíodh breis agus €10.1 milliún san iomlán agus d’éirigh le 91 tionscadal maoiniú a fháil.
Tá €1.5 milliún ar fad le leithdháileadh ar 13 tionscadal Gaeilge, idir cláir theilifíse agus raidió, agus breis €1 milliún atá le bronnadh ar thograí dátheangacha.
Deir Coimisiún na Meán, rinneadh 95% den mhaoiniú a dháileadh ar léiritheoirí neamhspleácha.
Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán, go raibh Babhta 53 ar an mbabhta aonair is mó riamh i stair na scéime. Chuir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán €2 mhilliún breise ar fáil faoin bhabhta seo chun tacú le cláir do pháistí agus daoine óga.
“Tá Fuaim & Fís fós mar fhoinse mhaoinithe ríthábhachtach le haghaidh craoltóirí agus léiritheoirí neamhspleácha, agus cuireann an scéim ar a gcumas cláir a chruthú do lucht féachana agus éisteachta, cláir nach mbeadh ann murach í,” a dúirt Ó Domhnaill.
“Cuirfidh an maoiniú ó Bhabhta 53 le mian Choimisiún na Meán tírdhreach bisiúil a fhorbairt do na meáin in Éirinn a léiríonn ilchineálacht ár muintire agus ár dtraidisiún. As na 35 léiriúchán teilifíse arna maoiniú, tá mná mar léiritheoirí in 80% acu agus tá mná mar stiúrthóirí in 54% acu.”
Fág freagra ar 'Sraith drámaíochta i nGaeilge do dhaoine óga á maoiniú ag Coimisiún na Meán'