Sraith bheag ghleoite ag TG4 faoi aerfort beag álainn

Tá Aerfort Dhún na nGall ar an gCarraig Fhinn i gceartlár na Gaeltachta agus amuigh faoin tuath; rud eisceachtúil, speisialta

Sraith bheag ghleoite ag TG4 faoi aerfort beag álainn

Tuairim is céad bliain ó shin dhein bean darbh ainm Miseog ó cheantar na Rosann i nDún na nGall tairngreacht go dtiocfadh an lá go dtuirlingeodh éan mór bán san áit agus go dtabharfadh sé daoine leis ar a dhroim. Tháinig an tuar faoin tairngreacht sin i 1986. Cé go raibh sciatháin ar an rud a thuirling ní ar a dhroim a sciob sé daoine leis ach ina bholg istigh.

Tá Aerfort Dhún na nGall ar an gCarraig Fhinn i gceartlár na Gaeltachta agus amuigh faoin tuath; rud eisceachtúil, speisialta. Is ceantar álainn cois cósta atá againn agus sna seatanna aeir i dtosach an chéad ghála de Aerfort Dhún na nGall (TG4, Déardaoin) cuireadh é sin abhaile orainn go paiteanta. Ní haon iontas gurb é a roghnaíodh mar an t-aerfort sa cheantar is áille ar feadh trí bliana as a chéile. Ní áilleacht amháin atá gceist leis an aerfort seo mar is seirbhís riachtanach a chuireann sé ar fáil do mhuintir an cheantair.

Sa tsraith ceithre chlár seo tabharfar cuntas ar shaol is obair fhoireann agus chustaiméirí an aerfoirt. Meabhraíodh dúinn go bhfuil an ceantar tuairim is cúig uair an chloig sa chairt ó Bhaile Átha Cliath agus go bhfuil an t-aerfort riachtanach ó thaobh nascachta de. Seirbhís chuig Glaschú a bhí ann i dtosach aimsire agus ba anseo a thosaigh Ryanair amach ar bhóthar an fháis.

Anois tá daoine atá ag obair ón mbaile, daoine atá ag filleadh ar an mbaile, earnáil na turasóireachta agus iad siúd atá in easláinte ag brath ar an aerfort. Deineadh an scannánú in 2020 agus 2021 agus chonaiceamar teaghlaigh ag teacht le chéile den chéad uair tar éis dhianghlasáil na paindéime. Bríd Mhic Giolla Bhríde agus Sarah Uí Chasaide ag feitheamh lena deartháir Colm teacht abhaile ó Mheiriceá. Ní raibh sé ag baile le dhá bhliain agus chaill sé sochraid a athar de bharr na paindéime.

Thug an ceoltóir cáiliúil Mairéad Ní Mhaonaigh a cuntas féin ar a nasc leis an aerfort. Tá sí ina cónaí i ngiorracht scread asail de, díreach trasna an chuain. Chonaiceamar í ag pacáil le tabhairt faoi cheolchoirm i Londain do Lá le Pádraig. Tá sí ag brath ar an tseirbhís le blianta. N’fhéadfadh sí an saol seo a chaitheamh, agus a bheith buailte fúithi sa mbaile, murach an tseirbhís seo. Meabhraíodh dúinn go bhfuil cleatráil bhreá daoine cáiliúla gafa trí dhoirse an aerfoirt ó Daniel O’Donnell, Enya, Séamus Coleman agus Packie Bonner go Sarah Jessica Parker, Metallica agus Meryl Streep.

Siad foireann an aerfoirt a bhí i lár an aonaigh, áfach. Tuairim is tríocha acu ag tabhairt faoi chúraimí éagsúla. Faoi mar a dúirt Pádraig Ó Cearbhaill linn, bheadh sé ar an deasc lá amháin agus ag gearradh féir lá eile. Ní éagsúlacht go dtí é. Sé Niall Mac Eachmharcaigh a bhí i mbun reacaireachta agus deineadh dreasanna cainte eile as Gaeilge le leithéidí Eilís Ní Dhochartaigh, Donna Uí Mhaolchalann agus Breandán Ó Baoill.

Sraith bheag ghleoite faoi aerfort beag álainn.

 

Fág freagra ar 'Sraith bheag ghleoite ag TG4 faoi aerfort beag álainn'