Sprioc d’amhráin Ghaeilge ag teannadh linn

Tá an spriocdháta le haghaidh iarratais don chomórtas náisiúnta chun Amhrán nua a roghnú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann i gComórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2015 ag druidim linn

Acoustic-Guitar-1

Tá an spriocdháta le haghaidh iarratais don chomórtas náisiúnta chun Amhrán nua a roghnú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann i gComórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2015 ag druidim linn. Ní foláir na hamhráin a bheith as Gaeilge agus is gá na focail agus an ceol a bheith nuachumtha.

Cuirfear fáilte roimh amhráin ó amhránaithe aonair, ó ghrúpaí ceoil agus ó bhannaí. Glacfar le hiarratais ar dhlúthdhioscaí suas go 5.00i.n. ar an Aoine, 23ú Eanair 2015. Mar sin bígí ag cumadh.

Déanfar gearrliosta de na hiarratais is fearr agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh ag an gcomórtas náisiúnta a reáchtálfar san Ostán Seven Oaks, Ceatharlach ar an Satharn, 7ú Márta.

Beidh painéal de mholtóirí aitheanta i mbun moltóireachta agus bronnfar €1,000 ar an mbuaiteoir.

Ollie Hennessy an stiúrthóir ceoil don chomórtas arís i mbliana. Déanfaidh IMRO urraíocht ar an gcomórtas náisiúnta i gcomhar le Gael Linn. Beidh an t-amhrán a roghnófar in iomaíocht leis na hamhráin nuachumtha eile ag Albain, An Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, An Choirn agus An Bhriotáin sa Chomórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2015 a bheidh ar siúl um Cháisc i nDoire.

Tá na rialacha agus foirm iarratais ar an suíomh www.panceltic.ie

Tá an t-eolas go léir ar fáil ach glaoch a chur ar oifig Ghlór Cheatharlach ar 085/1340047, 087/2857048, 059 9158105 nó is féidir scríobh chuig pancelticcarlow@gmail.com.

An seoladh do dhlúthdhioscaí agus iarratais roimh 5.00i.n. ar 23 Eanáir  ná An Comórtas Amhrán Pan Cheilteach 2014, Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach, Co. Cheatharlach.