Dhá bhliain agus an tseachtain seo chugainn a d’fhill páirtithe Stormont ar an Tionól agus an Feidhmeannas. Chothaigh siad dóchas go gcuirfeadh siad feabhas ar shaol an phobail. Nuair a chuirtear san áireamh go raibh réimeas Caomhach na linne sa Bhreatain ar cheann de na rialtais ba mheasa ariamh ní raibh sé deacair daoine a mhealladh chun teachtaireacht an dóchais a shlogadh. Ba mhór ag daoine gur pholaiteoirí logánta, a bhíonn ag brath ar a gcuid vótaí, a bheadh i bhfeighil a ngnóthaí.
Anois, i bhfianaise na conspóide is deireanaí faoin Aire Pobal, Gordon Lyons an DUP, tá an teorainn le cumhacht na vótóirí soiléir. Tá post an Aire slán sábháilte cé gur rialaigh an Coimisinéir um Chaighdeáin Dé hAoine seo caite gur sháraigh sé cód iompair na n-airí le linn na gcíréibeacha ciníocha an samhradh seo caite. Ní ghearrfar pionós air, áfach.
Rinneadh os cionn trí scór gearán leis an gCoimisinéir faoi theachtaireacht a sheol an tAire ar mheáin shóisialta faoi athlonnú daoine in ionad fóillíochta i Latharna tar éis ionsaithe ciníocha orthu ar an mBaile Meánach. Dúirt postáil Gordon Lyons gur aistríodh roinnt daoine go Latharna ach go raibh siad imithe as an ionad faoin am a bhí i gceist. Níor ghlaoigh sé íobartaigh orthu, níor luaigh sé ciníochas, níor nocht sé comhbhá leo agus níor thagair sé don lóistín aon oíche mar thearmann. Dúirt sé áfach gur tugadh go Latharna iad gan a dhul i gcomhairle leis féin ná a chomhghleacaithe san DUP.
Bhí alltacht ar pháirtithe neamh-aontachtacha san Tionól. Dúirt coiste fiosraithe a roinne nach raibh muinín acu as agus cháin grúpaí ceart é go géar. Ag freagairt don cháineadh, dúirt an tAire gur chun cúrsaí a shuaimhniú a d’eisigh sé an teachtaireacht. Mar sin féin rinneadh ionsaí loiscneach ar an ionad fóillíochta.
Chinn an Dochtúir Melissa McCullough, an t-iarchoimisinéir ó bhí deireadh lena téarma in oifig cúpla mí ó shin, go raibh teachtaireacht an Aire easnamhach ó thaobh ceannaireachta, freagrachta agus caidreamh pobail. Ba é a barúil, a dúirt sí, gur dóichí ná a mhalairt gur ghéaraigh an teachtaireacht ar an teannas agus gur chothaigh sé a thuilleadh trioblóide. Ag tagairt d’easpa comhbhá an Aire leis na híobartaigh, dúirt an Coimisinéir gur gné riachtanach de cheannaireacht fhreagrach í comhbhá a léiriú. Bhí an chomhbhá sin ar iarraidh ach bhí gá léi le linn géarchéime, ar sí.
Chinn an Coimisinéir freisin gur thug teachtaireacht Gordon Lyons gur aistríodh daoine go Latharna gan a dhul i gcomhairle leis féin ná le comhghleacaithe le tuiscint go mbeadh an DUP in éadan dídean a thabhairt ansin do dhaoine a bhí ag teitheadh ón bhforéigean ar an mBaile Meánach.
Dhiúltaigh Gordon Lyons agus ceannairí an DUP as éadan do rialú an Choimisinéara. Cháin sé féin agus ceannaire an DUP, Gavin Robinson, rialú an Dr McCullough ag rá go raibh sé bunaithe ar thuairimíocht agus dúirt gur sháraigh sí a cumhacht. Tá siad diongbháilte nach nglacfaidh siad leis an toradh. Ní hé Gordon Lyons an chéad Aire ar rialaigh Coimisinéir Caighdeáin ina éadan. Go deimhin níorbh é seo an chéad uair a rialaíodh in éadan Gordon Lyons. Bhí sé i measc grúpa d’airí DUP a sháraigh an cód iompair nuair a rinne siad baghcat ar chruinnithe na bhForas thuaidh-theas.
Ceann de na laigí i gcóras Stormont –agus tá siad flúirseach – is ea nach féidir aire a smachtú ná a ruaigeadh as oifig gan vótaí trasphobail san Tionól. Is léir nach dtabharfaidh an DUP bata is bóthar do Lyons, tá siad ar a ndícheall á chosaint. Dá bhrí sin, le tacaíocht ó chúpla aontachtach eile, bainfidh said leas as veto chun é a chosaint má bhíonn vóta ann. D’fhéadfadh Sinn Féin leas a bhaint as an gcleas céanna. Mar sin is speiceas cosanta iad na hairí, na cinn sna mórpháirtithe go cinnte.
Bhris an dreas conspóide seo amach ag an am céanna ar foilsíodh an phobalbhreith is deireanaí de chuid Lucid Talk don Belfast Telegraph. Léirigh an suirbhé nár mheas ach duine as ceathrar – 27% – gur fheabhsaigh Stormont a saol ó d’fhill siad dhá bhliain ó shin. Dúirt 26% go raibh an saol níos measa agus 45% nach raibh éifeacht ar bith aige. Beag an seans go méadóidh conspóid Lyons muinín an phobail i roinnt na cumhachta ná cumas Stormont chun difríocht a dhéanamh.
Fág freagra ar 'Speiceas cosanta iad airí Stormont in ainneoin na mí-éifeachta agus na conspóide'