Soilse Nollag ‘anairde’ ar an mBuailtín den chéad uair riamh

Don gcéad uair riamh tá soilse na Nollag ‘anairde’ ag muintir Bhaile an Fheirtéaraigh. Ba iad Siobhán Uí Fhathaigh agus Máire Uí Chatháin a las iad an oíche eile. ‘Tá sé in am againn an baile a lasadh in onóir d’Fhéile na Nollag agus crot na maitheasa a chur ar an mbaile féin atá ag […]

Soilse Nollag ‘anairde’ ar an mBuailtín den chéad uair riamh

Don gcéad uair riamh tá soilse na Nollag ‘anairde’ ag muintir Bhaile an Fheirtéaraigh. Ba iad Siobhán Uí Fhathaigh agus Máire Uí Chatháin a las iad an oíche eile. ‘Tá sé in am againn an baile a lasadh in onóir d’Fhéile na Nollag agus crot na maitheasa a chur ar an mbaile féin atá ag freastal ar an gceantar,” dúirt Máire Uí Chatháin.

Ní fios fós an mbeidh tinte ealaíon ar an mBuailtín i mbliana chomh maith . ‘N’fheadar, ‘mar tá an deireadh seachtaine seo chughainn le bheith tógtha chuchu ag Star Wars agus beidh an saol mór ina chíor thuathail ar feadh ar a laghad trí lá agus níos sia, mar tá beartais éagsúla eile ar na bioráin acu,” a dúirt Máire Uí Chatháin.

Cad fé fháilte a chur roimh an mbliain nua agus slán a fhágaint ag an mbliain atá caite?

“D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ann ceadúnas a bheith againn dos na tinte ealaíon in am.Pé scéal é beidh sé ina Nollaig mhór mhaith againn as seo go dtí Lá Coille agus cos as,” arsa Máire. Is léir go bhfuil fonn agus fuadar fé mhuintir an Bhuailtín/Bhaile an Fheirtéaraigh.

Le déanaí bhí deireadh seachtaine ceoil, amhrán agus taispeántais cheardaíochta ar an mbaile agus d’éirigh go seoigh leis.

Fág freagra ar 'Soilse Nollag ‘anairde’ ar an mBuailtín den chéad uair riamh'

  • Gearóid de Grás

    Comhghairdeachas le muintir an Bhuailtín. Maith sibh agus beannachtaí na Nollag oraibh.

    Tá leagan cainte san alt seo nach bhfuil agam agus bheinn buíoch d’éinne a mhíneodh dom é – s’é sin “agus cos as”. An gciallaíonn sé tréimhse lena chois nó rud éigin mar sin?

  • thar lear

    Go direach a Ghearoid ……’agus nios faide anonn’. Diol speise e an focal ‘cos’ ma fheachann tu i bhFocloir Ui Dhuinnin.