Socruithe á ndéanamh chun scannán Gaeilge mór le rá a thaispeáint ar fud na cruinne

Tá ‘An Cailín Ciúin’ cheana féin ar an scannán Gaeilge is fearr ar éirigh leis riamh ag oifig na dticéad in Éirinn agus sa Bhreatain agus breis is €800,000 saothraithe aige

Socruithe á ndéanamh chun scannán Gaeilge mór le rá a thaispeáint ar fud na cruinne

Tá obair ar bun chun an scannán Gaeilge mór le rá, An Cailín Ciúin, a thaispeáint go hidirnáisiúnta agus na cearta dáileacháin ceannaithe ag comhlacht Sasanach.

Tá an scannán cheana féin ar an scannán Gaeilge is fearr ar éirigh leis riamh ag oifig na dticéad in Éirinn agus sa Bhreatain agus súil anois é a chur os comhair lucht féachana ar fud na cruinne.

An comhlacht Bankside Films, atá lonnaithe i Londain, a cheannaigh na cearta chun An Cailín Ciúin a chur ar fáil go hidirnáisiúnta. Tá socrú déanta cheana féin é a thaispeáint san Astráil agus sa Nua-Shéalainn agus súil ann socruithe a dhéanamh freisin do Stáit Aontaithe Mheiriceá, don tSeapáin, don tSín, don Fhrainc agus do thíortha eile.

Tá ardmholadh tuillte ag an scannán a rinne an stiúrthóir Colm Bairéad agus iliomad duaiseanna buaite ag An Cailín Ciúin – ocht ngradam IFTA, An Grand Prix agus Duais Speisialta an Ghiúiré Idirnáisiúnta sa Roinn ‘Generation KPlus’ ag an Berlinale, Féile Scannán Bheirlín, Gradam Lucht Féachana Virgin Media, agus duais don Scannán is Fearr as Éirinn ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath ina measc.

Fuair an scannán de chuid na scéime Cine 4 léirmheasanna cúig réalta ó nuachtáin in Éirinn agus i Sasana. 

‘Míorúilt bheag de scannán” a thug léirmheastóir Tuairisc air.

Tá breis is €800,000 saothraithe ag An Cailín Ciúin cheana féin in oifigí ticéad, thart ar a chúig oiread leis an scéinséir Arracht, an scannán Gaeilge ba mhó a thuill airgead roimhe seo.

Tuairiscítear go bhfuil sé i gceist an scannán a aistriú go dtí ardán sruthaithe tar éis tamaill agus iarracht a dhéanamh aird lucht na ngradam mór a tharraingt air. 

Sa scannán seo insítear scéal cailín óg a théann ag cónaí lena gaolta faoin tuath fad is atá a máthair ag súil le páiste eile.

Fág freagra ar 'Socruithe á ndéanamh chun scannán Gaeilge mór le rá a thaispeáint ar fud na cruinne'