‘Sochar cultúir, sóisialta agus eacnamaíochta’ á sholáthar ag ‘Ceathrú Ghaeltachta’ Bhéal Feirste

Cuireadh síos ar an dul chun cinn atá déanta in iarthar Bhéal Feirste ó tugadh an Mórphlean don Cheathrú Ghaeltachta isteach dhá bhliain ó shin ag cruinniú i gColáiste Feirste inniu

Culturlann
Cultúrlann Macadam Ó Fiaich, Béal Feirste

Tá “sochar cultúir, sóisialta agus eacnamaíochta” á sholáthar ag ‘Ceathrú Ghaeltachta’ Bhéal Feirste don sochaí go léir, dar le beirt Airí i dTionól Thuaisceart Éireann.

Dúirt an tAire Cultúir, Carál Ní Chuilín, agus an tAire Oideachais, John O’Dowd gur féidir tuilleadh fós a bhaint as an gceantar amach anseo agus an bheirt acu ag caint ag cruinniú faoi Phlean Gníomhaíochta na Ceathrún Gaeltachta inniu.

Dúirt Ní Chuilín go bhfuil sé riachtanach go leanfar leis an gcomhoibriú idir ranna an Fheidhmeannais, Forbairt Feirste, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus grúpaí pobail agus deonacha chun go mbainfí “an fhís” atá ann don cheantar amach.

“Is í an fhís atá ann don 20 bliain amach romhainn ná go mbeidh an ‘Cheathrú Ghaeltachta’ ar cheann de sheoda an oileáin seo, go mbeidh aitheantas idirnáisiúnta dá réir sin, go gcuirfidh sí deiseanna eacnamaíocha ar fáil do mhuintir na háite agus go meallfaidh sí cuairteoirí ó gach aird den domhan,” a dúirt sí.

Bhí an cruinniú ar siúl i gColáiste Feirste agus bhí na hAirí ag caint le réimse leathan daoine as cathair Bhéal Feirste agus áiteanna eile ar fud Thuaisceart Éireann.

Luaigh an tAire Ní Chuilín ‘Slí na Gaeltachta’, Preabspás Ealaíne Bhéal na bhFeá agus an tionscnamh oidhreachta i dTeach Ard na bhFeá i measc na dtionscadal atá tar éis cur leis na hacmhainní cultúir agus turasóireachta sa ‘Cheathrú Ghaeltachta’.

Dhírigh an tAire Oideachais John O’Dowd a chuid cainte ar an oideachas trí mheán na Gaeilge agus an ról atá ag an nGaelscolaíocht i bhforbairt an cheantair. Dúirt sé go raibh “cuid mhór le ceiliúradh” faoin dóigh a bhfuil ag éirí leis an nGaeloideachas ach go bhféadfaí níos mó a dhéanamh fós.

“Tá earnáil na Gaelscolaíochta go ginearálta faoi bhláth agus ag baint tairbhe as níos mó acmhainní agus tacaíocht níos fearr, rud a bhfuil tionchar mór go cinnte aige ar acmhainneacht oideachsúil na leanaí.

“Ach mar sin féin, go n-amharca muid níos airde fós. Go n-oibrímid le chéile: an rialtas, comhlachtaí tacaíochta, scoileanna agus teaghlaigh leis an chuid is fearr agus is féidir linn a sheachadadh dár gcuid leanaí,” a dúirt sé.

Tionóladh an chéad Chruinniú maidir leis an ‘gCeathrú Ghaeltachta’ dhá bhliain ó shin. Cuirfear an plean i bhfeidhm go dtí an bhliain 2033 agus súil ag lucht a thionscnaimh go ngabhfar i ngleic le fadhbanna sóisialta agus leis an mbochtanas, agus go gcuirfear an comhionannas chun cinn in iarthar Bhéal Feirste.

Fág freagra ar '‘Sochar cultúir, sóisialta agus eacnamaíochta’ á sholáthar ag ‘Ceathrú Ghaeltachta’ Bhéal Feirste'

  • Concubhar

    Bhí an triú Aire i lathair ag an ocáid seo – Mark Durkan, Aire Comhshaoil na Sé Contae, de chuid an SDLP. An é ná raibh rud ar bith le rá aige nó an tuairisciú go díreach ón bpreas raiteas atá Tuairisc?