Go dtí seo ní dhearna scannail faoi chaimiléireacht san Úcráin dochar do cháil na tíre lena gcomhghuaillithe san iarthar nó d’aontacht phobal na tíre i gcoinne ionradh na Rúise.
Mar sin ní dhearna siad dochar d’iarrachtaí na tíre an fód a sheasamh i gcoinne ionradh na Rúise. Bhí an troid i gcoinne na caimiléireachta laistigh den Úcráin agus an streachailt i gcoinne iarrachtaí na Rúise forlámhas a fháil ar an Úcráin fite fuaite lena chéile le fada i súile fhormhór phobal na hÚcráine. Thosaigh agóidí an Euromaidan in 2014 amach mar agóid i gcoinne chinneadh an Uachtaráin Viktor Yanukovych, faoi bhrú ó Putin, dul siar ar a gheallúint conradh a shíniú leis an Aontas Eorpach, ach d’fhás go tapa isteach ina ngluaiseacht i gcoinne na caimiléireachta. Ó thosaigh an mór-ionradh i mí Feabhra 2022 tá scannail éagsúla chaimiléireachta tagtha chun solais san Úcráin.
Seo na príomhchinn:
- Eanáir 2023 – Scannal Soláthairtí Míleata
Ábhar: Conarthaí bia ródhaor don arm.
• Cé a nocht é? Iriseoirí ó Ukrainska Pravda agus imscrúdú ag an nGníomhaireacht Frith-Chaimiléireachta Náisiúnta - Samhradh 2023 – Cúnamh Daonnúil á Ghoid
Ábhar: Cúnamh bia agus leighis á dhíol ar an margadh dubh.
• Cé a nocht é? An Ghníomhaireacht Frith-Chaimiléireachta Náisiúnta tar éis tuairiscí ó Eagraíochtaí Neamhrialtasacha áitiúla. - Deireadh Fómhair 2023 – Bonneagar Fuinnimh
Ábhar: Praghsanna bréige i gconarthaí athchóirithe tar éis ionsaithe ar stáisiúin chumhachta.
• Cé a nocht é? Iriseoirí ó Bihus.Info i gcomhar le Transparency International Ukraine. - Feabhra 2024 – Tionscadail Tógála Athchóirithe
Ábhar: Íocaíochtaí do chuideachtaí nach ndearna aon obair.
• Cé a nocht é? Iriseoirí imscrúdaithe ó Slidstvo.Info agus tuairiscí ón tSeirbhís Iniúchóireachta Stáit. - 2024–2025 – Bainistíocht Cistí Idirnáisiúnta
Ábhar? Mí-úsáid cistí ón AE agus ó thíortha eile a tugadh don Úcráin.
• Cé a nocht é? Cúirt Iniúchóirí na hEorpa i gcomhar leis an nGníomhaireacht Frith-Chaimiléireachta agus iriseoirí ón Kyiv Independent.
In ainneoin go ndearna bolscairí pro-Rúiseacha iarracht na scannail seo a úsáid chun dochar a dhéanamh don Úcráin san iarthar agus chun meanma phobal na hÚcráine a scriosadh, níor éirigh leis na hiarrachtaí sin. Is dócha go bhfuil an chúis atá leis seo soiléir don léitheoir géarchúiseach cheana féin. Is iad na meáin chumarsáide neamhspleácha, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus institiúidí stáit neamhspleácha na hÚcráine a thug na scannail chun solais, uaireanta i gcomhpháirt le heagraíochtaí nó institiúidí idirnáisiúnta. Mar sin do ghnáthphobal na hÚcráine ba fianaise é seo go raibh ag éirí leis an troid i gcoinne na caimiléireachta.
Fiú nuair a rinne an tUachtarán Zelensky iarracht cur isteach ar neamhspleáchas na ngníomhaireachtaí frithchaimiléireachta i mí Iúil, i ndeireadh na dála bhíothas ábalta an scéal a chur i láthair ar shlí a bhí fabhrach don Úcráin. Toisc go mb’éigean do Zelenksy cúlú ón bplean tar éis agóidí ó ghnáth-Úcránaigh bhíothas ábalta é seo a chur i láthair mar fhianaise ar láidreacht dhaonlathas na hÚcráine.
Is ábhar imní i bhfad níos mó, áfach, d’Úcránaigh atá dílis dá dtír agus do chairde na tíre an scannal is déanaí mar gur daoine i gcroílár an rialtais atá an-ghar do Zelensky atá sáite ann. Tá aire fuinnimh agus aire dlí agus cirt na hÚcráine tar éis éirí as i ndiaidh imscrúduithe móra ar chaimiléireacht san earnáil fuinnimh.
D’iarr an tUachtarán Volodymyr Zelensky ar Svitlana Grynchuk (Aire Fuinnimh) agus Herman Halushchenko (Aire Dlí agus Cirt) éirí as oifig tar éis do ghníomhaireachtaí frithchaimiléireachta a mhaíomh go raibh baint acu le scéim ina ndearnadh cúbláil ar thart ar €90 milliún san earnáil fuinnimh – tráth a bhfuil an gnáthphobal ag fulaingt ciorruithe cumhachta de bharr ionsaithe na Rúise.
I measc na ndaoine eile a bhfuil sé curtha ina leith go raibh baint acu leis an scéim, tá an fear gnó Timur Mindich – comhúinéir ar stiúideo teilifíse a mbíodh baint ag Zelensky leis. Theith Mindich ón Úcráin sular bhris an scannal go poiblí.
Níl aon fhianaise tagtha chun solais go raibh eolas ag Zelensky faoin gcaimiléireacht, ach mar sin féin tá an scannal seo tar éis creathadh a bhaint as Úcránaigh.
Dúirt Volodymyr Fesenko, ón meitheal machnaimh Penta i gCív le Al Jazeera, go bhféadfadh cathú a bheith ar naimhde polaitiúla an Uachtaráin ionsaí mór a dhéanamh air. Rud normálta a bheadh anseo agus an tsíocháin i réim, ach in aimsir chogaidh, dar le Fesenko, ‘d’fhéadfadh sé géarchéim pholaitiúil a spreagadh a lagódh an stát go suntasach, agus sa chás is measa go mbeadh cliseadh míleata mar thoradh air’.
Tá Úcránaigh fós sásta i gcoitinne sochar an amhrais a thabhairt do Zelensky féin ach tá sé ag rith ar an tanaí, agus má thagann aon fhianaise chun tosaigh go poiblí a chaitheann smál ar a mhacántacht phearsanta féin, níl aon amhras ann nach bhféadfaí géarchéim pholaitiúil inmheánach a sheachaint. Go dtí seo, mar is léir, rinne na gníomhaireachtaí caimiléireachta a gcuid oibre go neamhspleách gan scáth ná faitíos. Ba é seo an cur chuige ceart, ní hamháin ó thaobh dul i ngleic leis an gcaimiléireacht ach fiú ó thaobh tacú leis an iarracht chogaidh náisiúnta.
Ach tá rudaí ag éirí níos casta agus níos doiléire anois. Ó thosaigh an cogadh tá sé tugtha faoi deara agam arís agus arís eile nach mian le hÚcránaigh a nUachtarán a cháineadh go poiblí, fiú murar thacaigh siad leis roimh an gcogadh agus fiú nuair nach bhfuil rudaí ag dul go maith don tír ar pháirc an chatha nó i hallaí na taidhleoireachta. Thug a stádas mar cheannaire cogaidh na tíre cosaint agus stádas dó nach bhfuil ag ceannaire stát daonlathach ar bith eile ar domhan. Ní raibh an gheis sin a chosnaíonn Zelensky faoi bhagairt níos mó riamh ná mar atá faoi láthair.
Fág freagra ar 'Sochar an amhrais á thabhairt fós do Zelensky, ach a stádas faoi bhagairt níos mó ná riamh'