Smugairlí nimhneacha an tSeoil feicthe i gceantair Ghaeltachta ar fud na hÉireann

Tá foláireamh tugtha ag an saineolaí mara ón Daingean, an Dochtúir Caoimhín Ó Flannúra, gan dul “in aon ghaobhar” do smugairlí an tseoil

Smugairlí nimhneacha an tSeoil feicthe i gceantair Ghaeltachta ar fud na hÉireann

Tá smugairlí róin, atá in ann ga nimhneach a chur i nduine, tagtha i dtír i gceantair Ghaeltachta timpeall na tíre agus ar thránna eile.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur athrú aimsire a thug smugairlí an tseoil aneas go farraigí na hÉireann. D’fhéadfadh an bolgán féin a bheith chomh leathan le 30cm ar fad agus d’fhéadfadh sé éirí chomh hard le 15cm os cionn an uisce. D’fhéadfadh na braiteoga a shíníonn amach ón mbolgán a bheith chomh fada le 30m.

Tá foláireamh tugtha ag an saineolaí mara ón nDaingean, an Dochtúir Caoimhín Ó Flannúra, gan dul “in aon ghaobhar” do smugairlí an tseoil atá triomaithe ar Thrá A’ Choma i. Bhí na smugairlí le feiceáil ar snámh i mBá an Daingin le cúpla seachtain anuas freisin.

Chuir lucht stiúrtha an chuain ag Loch Chionn Caslach i nGaeltacht Thír Chonaill rabhadh ar a leathanach Facebook an tseachtain seo go bhfacthas smugairlí an tseoil, idir bheo agus mharbh, timpeall an chuain le déanaí agus gur “mór an chontúirt do dhaoine a bhfuil an anaifiolacsas orthu” iad.

Trá A’ Choma Pictiúr: Micheál de Mórdha

Tá baol faoi leith i gceist do pháistí óga toisc go gcuireann smugairlí an tseoil dathanna éagsúla orthu féin atá an-tharraingteach agus moltar do thuismitheoirí iad féin agus dá gcuid páistí fanacht glan orthu.

Tá comharthaí rabhaidh crochta ag Garda Cósta Acla, i nGaeltacht Mhaigh Eo, ar thránna an oileáin faoi na smugairlí a bheith san uisce agus tá iarrtha ar dhochtúirí teaghlaigh san oileán a bheith ullamh le déileáil le daoine ar cuireadh an ga iontu.

Tuairiscítear go bhfuil smugairlí an tseoil i bhfarraigí na Gaillimhe agus Chorcaí i láthair na huaire freisin. Níor tuairiscíodh gur gortaíodh duine ar bith go fóill, ach táthar ag moladh do snámhaithe mara agus surfálaithe go háirithe a bheith ar an airdeall.

Ní smugairle róin dáiríre atá i gceist le smugairle an tseoil ach ceithre ainmhí éagsúla a mhaireann le chéile agus a bhfuil cruth smugairle róin orthu.

Tá comhairle tugtha ag Sábháilteacht Uisce na hÉireann maidir le leigheas an gha.

“Déan cinnte nach gcuirtear ga ionat féin má bhíonn tú ag tabhairt cúnaimh do dhuine eile. Bíodh miotóga ort, nó úsáid maide nó tuáille leis na braiteoga a bhaint den chraiceann.

“Ná cuimil an craiceann ar fhaitíos go scaoilfeadh tú tuilleadh nimhe. Glan an craiceann leis an sáile, ná glan le fíoruisce, fínéagar, alcól ná fual é. Cuir leac oighir, atá istigh i dtuáille nó léine, ar an gcraiceann,” a deirtear sa treoir.

Moltar fios a chur ar dhochtúir má bhíonn níos mó ná mionphian i gceist agus fios a chur ar na seirbhísí éigeandála má bhíonn deacrachtaí anála nó croí ag an duine.

Fág freagra ar 'Smugairlí nimhneacha an tSeoil feicthe i gceantair Ghaeltachta ar fud na hÉireann'

  • Paddy

    Chonaic mé na mílte acu ar an trá in aice le Ros ó gCairbre sa samhradh. Ní dóigh liom, áfach, go bhfuil ga acu a dhéanfadh dochar do dhuine (cosúil leis na smugairlí róin is coitianta in uiscí na hÉireann). Féach https://www.iws.ie/_fileupload/advice/id_card_for_website.pdf chun tuilleadh eolais a fháil fá na hainmhithe mara seo.

  • alfraits

    Cén t-iontas? Nach bhfuil gnáthóg sa Dáil acu?

  • Paddy

    Brón orm, bhí mé ar fud fad trína chéile ansin. Tá an ceart iomlán ag an alt – tá smugairle an tseoil fíor-chontúirteach. Bhí mise ag smaoineamh fá smugairle na gaoithe, atá iomlán neamhdhíobhálach. In ainm Dé ná gabh in aice le smugairle an tseoil! An chúis le mo mhearbhall ansin ná go bhfuil seol beag ar dhroim smugairle na gaoithe – sin an chaoi a snámhann sé ar dhromchla na farraige – díreach mar an gcéanna le smugairle an tseoil, ach i bhfad níos lú.

  • alfraits

    bhoil, ní smugairlí neamhdhíobhálacha atá sa Dáil agus seachnaíonn siad sin dromchla na farraige nó dromchla oscailte ar bith eile sa mbith braonaigh, gnáthaíonn siad sin na huiscí faoi thalamh, is canablaigh iad…smugairlí ag ithe smugairlí …a smugairlí féin go minic á gcangail acu leis nuair a bheirtear amuigh orthu